Rannóg: teic

Windows 7

windows7Windows 7? Is cuimhin liom 3.1, ach nach bhfuil níos mó ná 3 cinn imithe ó shin?

Cinnte tá. Táimid beagnach cinnte go bhfuileadar mícheart faoi seo ach tá míniú éigin ann, cé go bhfuil sé aisteach go maith.

1.0, 2.0 agus 3.0, níl aon mhór fhadhb. Mar an gcéanna 3.1, an ceann deireanach chun uimhir a bheith aige. Ansin tá 95, 98, 98SE agus ME ar fad mar 4, ar chúis éigin. Tá 2000 agus XP mar 5.0 agus 5.1, in ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra eadarthu, agus Vista mar uimhir 6.

In ainneoin go bhfuil 7 beagnach mar an gcéanna le Vista, tá uimhir iomlán nua tuillte aige.

Oh right…

Bhuel táimid uilig ar aon fhocal gurb é an táirge féin atá tábhachtach, seachas an t-ainm.

Bunaithe ar an leagan Beta, tá an chosúlacht ann go bhfuil OS againn ar deireadh ar féidir leis XP a leanúint. Mothaíonn sé níos sciobtha, agus níl aon dabht ach go ndéanfaidh Microsoft sár-iarracht go bhfuil sé gan na fadhbanna uilig a bhí ag Vista ag an tús.

Cathain a fheicimid é?

Gach seans go mbeidh sé linn roimh dheireadh na bliana, ach cinnte go luath in 2010 má theipeann air sin.

Aon rud eile?

Seachas go bhfuil an comhéadan úsáideora níos fearr, an rud iomlán níos sciobtha, agus é gan aon cheann de na mórfhadhbanna a bhí ag Vista?

Cad faoi go bhfuil Microsoft ag éisteacht le chuile rud a deir daoine faoin leagan Beta agus é a fheabhsú?

Sea, táimid ag súil leis…

Diarmuid Ó Muirgheasa

Scéaltaí Eile:

6 Trácht ar “Windows 7”

  1. Fuinneogaí! says:

    An-suimiúil, tá súil agam go mbeidh sé níos fearr ná Vista!

    D’úsáid mé Mac ansin le déanaí agus, tar éis tamaill, cheap mé go raibh sé an-éasca ar fad le húsáid. Ní mó do Microsoft dul i ngleic leis sin.

  2. Mozilla-dóir says:

    Is dócha go mbeidh Windows 7 go maith, agus ar a laghad beidh sé níos tapa ná Vista srl… ach an rud ba bhreá liomsa a fheiceáil ná córas oibriúcháin ó lucht Mozilla. Is iad is fearr ó thaobh gach rud eile de!

  3. Bhuel níl aon fhocal ar chóras oibriúcháin ó Mozilla, ach tá Google ag dul an treo sin, le hAndroid agus córas oibriúcháin Chrome – breis air sin anseo go luath.

    Diarmuid

  4. Mozilla-dóir says:

    Maith thú a Dhiarmuid, léigh mé faoi Chrome agus bheadh ana-shuim agam fáil amach cad a deir fear teic nós* faoi.

    Ag súil go mór leis…

  5. Conchubhar says:

    Níos measa fós: “Windows 7″ is ea Leagan 6.1 do Windows go hoifigiúl.

  6. Rónán says:

    Táim ag úsáid an triall de Windows 7, tá a bhfad níos fearr ná Vista! agus go hiomlán difriúl.


Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here