tá sé anseo… Windows 7

windows-7Táimid caint mhór ann faoi Windows 7 le tamaillín anois, anseo agus in áiteanna eile, agus tá an eisiúnt linn faoi dheireadh thiar thall.

Mar sin, tá tús á chur againn le sraith ghairid altanna chun sibh a threorú ar conas an méid is mó a fháil ón gcóras oibriúcháin nua, nó sibh a chur i dtreo é a cheannach.
Tá leaganacha réamh-eisiúcháin in úsáid ag nós* le tamall anois mar sin tá cur amach nach beag againn air faoin am seo, agus ní fhéadfaimis filleadh ar rud ar bith eile!

1) Uasteilgeoireacht (sa lár) – Is féidir go héasca athrú idir taispeáint ar scáileáin nó ar uasteilgeoir nó an dá rud, gan ach Win+P a bhrú. Feabhas ollmhór ón bprácás a bhí ann i seanleaganacha de Windows.

2) An Barra Uirlisí (ar chlé) – Sa lá atá inniu ann, agus scáileáin-leathan ar fud na háite, tá sé ait go gcoimeádtar an Barra Uirlisí áit ar bith seachas ar thaobh an scáileáin.

I sean-leaganacha de Windows bhí sé indéanta é seo a athrú, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an barra as áit ag seasamh suas díreach. Anois, le hathdhearadh déanta air, tá an Barra úd lán-sásta ar thaobh an scáileáin, agus muid a chuir ansin i gcónaí é sásta chomh maith.

3) Na deilbhíní nua (ar an mbarra uirlisí) – Tá córas nua ann anois maidir leis na deilbhíní ar bhun – nó ar thaobh – an scáileáin.

Seachas deighilt idir an chuid ‘Quick Launch’ den bharra agus na cláracha atá ar oscailt, tá gach rud istigh le chéile, agus má tá clár oscailte athraíonn an dathú atá air. Sa tslí chéanna, má tá níos mó ná fuinneog amháin oscailte athraíonn an ghrafaic, agus tá dathú éagsúil ann don fhuinneog atá i bhfócas. An-éasca, an-snasta, an-jab!

4) Peeking (bun ar chlé) – Más mian leat sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ar an deasc, faoi bhun na bhfuinneog uilig, ní gá ach an luchóg a chur os comhair an mhionbhosca seo ar clé agus téann na fuinneoga tré-dhearcach.

Bain an luchóg arís, agus tagann siad ar ais. Breá éasca, iontach cliste!

5) Google Chrome (fuinneog oscailte) – Níl sé mar chuid lárnach de Windows 7, ach ba chóir go mbeadh sé!

Tá Google Chrome tapa, snasta agus éasca, agus i ndiaidh áit Firefox a ghlacadh mar rogha-bhrabhsálaí i roinn teic nós*. Ní féidir moladh níos láidre ná sin a thabhairt!

Diarmuid Ó Muirgheasa

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , ,

5 Freagra ar “tá sé anseo… Windows 7”

  1. Fuinneog?
    29.12.2009 ag 02:22 #

    Níl mé chomh tugtha sin do Windows 7, tá mé alright like ach ba fhearr liom na seana-chinn…

  2. Ru O Cathasaigh
    28.02.2010 ag 02:47 #

    agus an bhfuil é ar fáil as gaeilge?

  3. Ed
    14.04.2010 ag 17:25 #

    Is fearr liomsa Win7 níos mó ná Vista, ba é Vista go huafásch le gach rud xD

  4. Brian Dhaithí Sheáin
    09.05.2010 ag 05:05 #

    Bhfuil fhios agaibh an mbeidh aistriúchán le fáil chor ar bith le haghaidh Windows 7 ? Dúradh go mbeadh, bhuel, dúradh go mbeadh le haghaidh Vista freisin, ach ní raibh. Tá comhéadan úsáideora Gaeilge le fáil do Office 2007, agus tá súil agam go mbeidh do Office 2010 nuair a sheolfar é, ach ba é XP an tOS Windows deireannach a bhí le fáil i nGaeilge…

Tabhair Freagra