Más aoibhinn leat grianghraif a ghlacadh agus iad a thaispeáint do dhaoine eile, tá suíomh iontach ann duit chun sin a dhéanamh.
Expono is ainm dó agus cuireann sé ar do chumas grianghraif a fhoilsiú agus a roinnt leis an saol mór.
Agus, ceann de na rudaí is fearr faoi, ná go bhfuil sé ar fáil as Gaeilge!
Téigh go dtí an roghchlár ag bun an leathanaigh agus roghnaigh Gaeilge ansin.
Is féidir cuntas saor in aisce a chruthú ar Expono nó más mian leat an leas is fearr a bhaint as, is féidir íoc as cuntas níos cuimsithí.
Nascann Expono le Facebook agus Twitter, mar sin is féidir do ghrianghraif a fhoilsiú go huathoibríoch áiteanna eile nuair a fhoilsíonn tú ar Expono iad.
Má bhíonn tú ag taisteal timpeall na cruinne agus ag tógáil grianghraf, is féidir a léiriú cár tógadh na grianghraif trí bhiorán a chur ar léarscáil de chuid Google.
Mar aon leis sin is féidir clibeanna a chur ar dhaoine agus cuirí a thabhairt do dhaoine chun do ghrianghraif a fheiceáil agus chun cuntas a chruthú ar an suíomh.
Níl teorainn leis an méid grianghraf ar féidir a fhoilsiú ar do chuntas.
Agus is féidir na grianghraif a fheiceáil ar an méid a bhíonn siad de ghnáth… is é sin le rá, mór!
Tá ‘Balla’ ar an suíomh ar ar féidir grianghraif a d’fhoilsigh daoine eile le déanaí a fheiceáil agus is minic a fheictear íomhánna áille ar an mballa seo.
Mura dteastaíonn uait go mbeidh daoine nach bhfuil aithne agat orthu ag breathnú ar do ghrianghraif is féidir na socruithe a athrú agus iad a chur faoi cheilt.
Mar sin ar aghaidh leat – cruthaigh cuntas agus foilsigh do ghrianghraif, i do theanga féin!
Chun teacht ar an leagan Gaeilge, téigh go www.expono.com/?set_language=ga_IE
Seanán Ó Coistín




