Nótaí Tráchta – gravatars

gravatar-logoSeans go bhfuil an lógó seo ar dheis tugtha faoi deara agat le tamall anuas, é le feiceáil taobh le nótaí tráchta a fhágtar faoi scéaltaí ag bun na leathanach ar an suíomh seo.

Is gravatar (globally recognised avatar) é, agus is é atá i gceist leis ná íomhá a chuirtear leis na nótaí tráchta a scríobhann tú ar shuíomhanna ar fud an idirlín.

Bealach é chun d’fhéiniúlacht a léiriú ar líne agus chun do chuid teachtaireachtaí a aithint níos fearr, cuma cén suíomh ar a bhfuil tú.

Chun do gravatar féin bheith agat, níl le déanamh ach dul go www.gravatar.com agus clárú leis an tseirbhís.

Tá sé go hiomlán saor in aisce, níl de dhíth ach do sheoladh rphoist agus pictiúr beag le huaslódáil.

Ansin beidh do gravatar le feiceáil taobh le d’ainm ar aon suíomh atá cumasaithe chun iad a thaispeáint, mar atá nosmag.com

Bainigí triail astu!

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: ,

2 Freagra ar “Nótaí Tráchta – gravatars”

  1. RG Cuan
    02.04.2009 ag 12:01 #

    Déanta agam, sílim! An-úsáideach.

  2. Micilín Muc
    02.04.2009 ag 13:07 #

    Tá mé féin cláraithe anois. Go raibh maith agaibh a lucht nós*!

Tabhair Freagra