Níl ach tír amháin ar Domhan a shamhlófá go bhféadfadh róbat bheith mar mhainicín.
Sea, a chairde Gael, tá an tSeapáin céim mhór chun tosaigh orainn arís, agus mar a fheiceann tú thuas, tá an beart déanta acu cheana.
In ainneoin nach bhfuil HRP-4C, mar a thugtar uirthi, ach cúig throigh ar airde tá cuma níos sláintiúla uirthi ná roinnt de na mainicíní faisin a bhíonn le feiceáil ar na hardáin taispeána i láthair na huaire agus deirtear go mbeidh sí ag dul i mbun oibre ag ionaid siopadóireachta agus páirceanna siamsaíochta go luath.
Cá bhfios nach é seo ach an chéad chéim aici san earnáil agus go mbeidh sí féin, agus a cuid cairde, le feiceáil taobh amuigh den tSeapáin amach anseo.
Tá an todhchaí tagtha… bainigí taitneamh as!









Mheas mé gur joke é seo ach ní hé… tá an saol ag athrú a chairde, beidh na róbataí seo againn sna tithe go luath!
Dar fia tá sí go hálainn ar fad! Meas sibh an bhfuil Gaeilge aici?
Tá sí deas alright, ach is róbat í
Mar sin féin is dócha gur féidir ‘chip’ éigin a chur isteach inti agus bheadh sí ag spalpadh amach Gaeilge bhinn gan amhras!
Amhail an Lucy Liu bot a bhí i Futurama!
nach bhfuil leabhar scríofa ag ríomhaire sa Rúis freisin!
http://www.sptimesrussia.com/index.php?action_id=2&story_id=24786
Dúirt C3-P0:
> Mar sin féin is dócha gur féidir ‘chip’ éigin a chur isteach inti agus bheadh sí ag spalpadh amach Gaeilge bhinn gan amhras!
Is féidir linn! Dúirt Cabóigín:
http://www.abair.tcd.ie/audio/20090327_152559_001.mp3
Tá ceol aici fosta!
http://www.abair.tcd.ie/audio/20090327_153145_001.mp3