Rannóg: teic

Get the Focal, anois!

getthefocalsamplaAr smaoinigh tú riamh go mbeadh sé níb éasca Cré na Cille a léamh gan leabhar eile (ie foclóir!) bheith lámh leat?

Bhuel anois is féidir cabhair a fháil ó do ghuthán agus tú ag treabhadh trí shaothar mór Uí Chadhain nó tá feidhmchlár úrnua ar an mhargadh ar a bhfuil 13,000 aistriúchán Gaeilge/Béarla.

Táirge de chuid an chomhlachta Maithú, a bhfuil oifigí acu i Maigh Eo agus i mBÁC, é Get the Focal agus is féidir é a íoslódáil ar mhórchuid na nguthán gluaisteach atá ar fáil i láthair na huaire.

Agus sa leagan den fheidhmchlár atá ar fáil don iPhone, is féidir éisteacht le foghraíocht an fhocail chomh maith, nó do ghuthán a chroitheadh le haghaidh focal randamach!

“Is iontach an rud é go bhfuil ár gcéad fheidhmchlár faofa anois agus ar fáil ó Shiopa Feidhmchlár iPhone,” arsa Kerrill Ó Droighneáin ó Maithú.

“Beidh feidhmchláir eile le sár-ábhar á seoladh againn sna míonna amach romhainn, foclóir iomlán Uí Dhónaill agus leabhar frásaí Gaeilge ina measc.”

Ní chosnaíonn Get the Focal ach praghas téacs nó €1.59 ar an fheidhmchlár don iPhone.

Tabhair cuairt ar www.getthefocal.com le haghaidh tuilleadh eolais.

Scéaltaí Eile:

Trácht ar “Get the Focal, anois!”

  1. BÁC Abú says:

    Fuair mé an focal, an-mhaith. Tá sé agam don iPhone agus is é abair.ie a chuireann an fuaim ar fáil. D’úsáid mé cheana féin é agus mé ag léamh comhartha ar an Luas inniu!


Déan Trácht / Post Comment

Advertise Here
Advertise Here