logo

Níos mó ná club

Is iomaí tarraingt atá ag príomhchathair na Catalóine – aimsir na Meánmhara, atmaisféar La Rambla, ailtireacht Antoni Gaudí, draíocht an cheantair Ghotaigh – ach tá ceann amháin ann nach féidir éalú uaidh, is cuma cén áit sa chathair ina bhfuil tú: Barça.

Níl mórán rudaí a thugann léargas ar chuisle na gCatalónach mar a thugann cumann sacair Barcelona, atá i lár chroíthe mhuintir na tíre ó bunaíodh é siar sa bhliain 1899.

Le linn an 20ú aois chinntigh foirne Barça áit an chlub i measc na gclubanna sacair ba ráthúla riamh lena ngeansaithe blaugrana (gorm agus dearg) so-aitheanta ag lucht spóirt ar fud an domhain.

Tá Barcelona ag tosnú an tséasúir nua seo agus é de sprioc acu La Liga a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile agus beidh súil acu arís ar Chorn Churaidh na hEorpa a bhuaigh siad anuraidh chomh maith.

Má tá bród as cuimse ar lucht leanúna Barça as a laochra reatha ar nós Messi, Puyol, Iniesta agus an bainisteoir Pep Guardiola, tá bród paiseanta orthu fosta as tábhacht pholaitiúil an chumainn.

Fiú sna laethanta tosaigh bhí ceangal láidir ag an fhoireann leis an mhuinín a bhí á léiriú ag Catalónaigh ina gcultúr agus ina dteanga féin agus níorbh fhada gur thosaigh pobal na Catalóine ag amharc ar Barça mar fhoireann náisiúnta a dtíre.

In 1936 mharaigh fórsaí an deachtóra Spáinnigh Franco, mharaigh siad Uachtarán an chlub, Josep Sunyol, a bhí ina bhall den ghluaiseacht ar son neamhspleáchais, agus daingníodh an deighilt idir Barça agus údaráis na Spáinne dá bharr.

Sa lá atá inniu ann tá an choimhlint idir Barcelona agus Real Madrid ar na samplaí is inbhraite den teannas leanúnach idir an Chatalóin agus an Spáinn, teannas a rachaidh i méid de réir mar a fhásann gluaiseacht neamhspleáchais na gCatalónach.

Gné eile a chinntíonn ról an chlub sa phobal ná gur leis an 144,000 ball é agus ní le fear gnó amháin atá ag iarraidh a phócaí féin a líonadh ar obair na n-imreoirí agus ar airgead an lucht leanúna.

Go deimhin, go dtí i mbliana ní raibh aon urra corparáideach ag Barça mar gur roghnaigh siad airgead a thabhairt don chumann carthanachta páistí Unicef in ionad airgead a fháil isteach ó dhomhan an ghnó.

Is oiriúnach an mana é mar sin ‘Més Que Un Club’ (a chiallaíónn ‘Níos Mó Ná Club’ agus a bhíonn le feiceáil i measc na sluaite i bpáirc na foirne agus an pháirc imeartha is mó san Eoraip, Camp Nou, ag gach cluiche) don chumann sacair atá lonnaithe i gcathair atá, ar bhealach, níos mó ná cathair do na Catalónaigh mar is siombail de bheocht nua-aimseartha a dtíre í.

Bíonn an spiorad sin le mothú sa mheascán den nua agus den aosta atá le fáil sa chathair féin chomh maith, ón cheantar stairiúil cultúrtha lena chuid sráideanna fada casta agus cearnóga gnóthacha go dtí an baile nua-aoiseach ina bhfuil cuid de na foirgnimh nua-dheartha is deise san Eoraip.

Ní nach ionadh go mealltar na milliúin duine go Barcelona bliain i ndiaidh bliana, iad ar fad ag teacht mar gheall ar na clubanna cáiliúla ceoil; na bialanna beaga traidisiúnta; siamsaíocht sráide; margaí beaga; ardeaglaisí; La Sagrada Família; Plaça de Catalunya agus go leor eile.

Cibé cúis atá ag cuairteoirí le blas a fháil ar an chathair áfach, bíonn dathanna, geansaithe agus bratacha Barça le feiceáil go forleathan ar gach sráid agus i ngach cearnóg.

Mar an gcéanna le féiniúlacht an chlub féin, is dlúthchuid den chathair iad a chuireann le beocht bhreise sa bhaile mór agus atá mar lasair bhuan, ní hamháin don chlub Catalónach ach do spiorad an phobail a bhfuil feachtas tréan acu le bheith ar an chéad stát oifigiúil eile san Eoraip.

Visca Barça! Visca la Terra!



  • An Chatalóin Abú

    An-alt a chairde, Visca Barça! :-)