Bar Lidamo, La Spezia, An Iodáil
Mar a fuair muid amach an mhí seo caite, a chairde, ní in Inis Fáil ná in Alba amháin a bhíonn na Gaeil ag ól* ach is nós coitianta san Iodáil é chomh maith, tír inar chaith an Pótaire seo agaibh roinnt ama i mbun taighde… muise obair mhaslach a bhí ann a deir sibh féin.
Anois, chaith mé an chuid is mó den am i mo bheár áitiúil, Bar Lidamo, agus gnáthbheár Iodálach den atá ann.
Ar ndóigh, is féidir deoch a fháil in Bar Lidamo mar a bheadh duine ag súil leis – fíon, beoir, uisce beatha cibé rud atá uait seachas ceirtlis, nach dtaitníonn leo – ach ólann an chuid is mó de na daoine a thagann isteach caifé, nó espresso mar a thugann muid air i nGaeilge.
Is féidir pionta a fháil, bhál ‘media’ déanta na fírinne, atá beagnach mar an gcéanna ach nach mbíonn an gloine lán go scornach.
Is áil liom beoir Iodálach, tá sé briosc agus glan ach ag an am ceánna bíonn sé rud beag ró-ghásáilte dom agus b’fhéidir go mbeadh do bholg rud beag tinn an lá dar gceann, má thuigeann sibh mé.
Ní leann dubh é, ag deireadh an lae: níl sé oiriúnach don seisiún trom.
Chomh maith leis sin, is féidir ithe san áit. Is é a chomráidí s’agam a dhíbríonn an tart le sú eorna, níl ort dul abhaile ar chór ar bith, leoga tá leithreas ann fosta! Dá mbeadh leapa ann bheinn ansin fós.
Thig leat paste (cineál croissants nó Danishes le hábhar milis istigh ann), panino (ceapaire), uachtar reoite, pizza, salad, milseáin, brioscáin, gach sórt a fháil ann.
Tá rud éigin eile ann freisin, mar atá aperitivo, an rud is fearr liom faoin Iodáil ar fad.
Cineál manglaim a óltar roimh an dinnéar leis an chorp a ullmhú atá i gceist go bunúsach ach is féidir beoir a fháil más fearr leat agus is féidir cinn neamh-mheisciúla a fháil do na bambini.
Tagann an aperitivo le giotaí beaga bia, potaí beaga le bia éagsúil a bhíonn ann de ghnáth. Piseanna talún, ológa, cilíthe, brioscáin, oinniúin charamailiste, gircíní, píotsa, ispíní, paté agus neart eile. Tá siad rud beag cosúil le tapas na Spáinne ach níos fearr, cad chuige? Mar bíonn siad saor in aisce i gcónaí.
Is féidir leat an lotto a dhéanamh ann fosta nó cúpla punt a chur ar chapall, púl a imirt, cártaí a imirt, bheith ag súgradh ar na meaisíní agus mar sin de – ní nach ionradh nach mbíonn go leor ama acu díriú isteach ar an ól mar is ceart, fiú agus mise ag iarraidh an pléisiúr simplí sin a theagaisc dóibh.
Ar ais chuig an bheár, is é an difear eadar beár áitiúil den chineál seo agus na tábhairní atá againn i bhFódhla ná gur rud pobail atá ann, tá sé níos sóisialta ná mar a bhíonn tithe tábhairne s’againne, tá sé geal oscailte agus glan.
Cha bhíonn sé lán déagóirí ólta ag éisteacht le Bon Jovi agus ag ligean orthu féin go bhfuil siad crua ag ól vodca, chan é idir: rud sibhialta atá ann, tá cultúr thar ólachán trom fágtha ann ach is cinnte cé go gcronaíonn Gael fánach thall rud beag ruaille buaille agus callán.
Má bheas duine ar bith thall san Iodáil, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar na beáranna áitiúla, b’fhearr i bhfad sin ná dul thart ag iarraidh beár flatpack Éireannach a aimsiú ina bhfuil droch-leann dubh agus bréag-Éireannachas gallda á bhrú i rith an ama.
Sin ráite tá pubanna ‘Éireannacha’ ann atá fíormhaith thall ach is cineál stíl atá i gceist acu sin seachas bheith ag ligean orthu go bhfuil siad in Éirinn.
Saluté!
* Ar ndóigh, tá measarthacht ar gach rud agus ní bhíonn an Pótaire ag moladh in am ar bith gur cheart bheith ag ól barraíocht, bíonn blas ar an bheagán chomh maith




