Agus í ag amharc ar mhórscannán Oscar na bliana seo, Slumdog Millionaire, smaoinigh an grianghrafadóir Kiri Barker siar go ceanúil ar an tréimhse a chaith sí féin i dtuaisceart na hIndia. Ní ionann agus roinnt léirmheastóirí eile, dar léi go dtugann an scannán léiriú sách fírinneach ar shaol na tíre. Ag cloí le stíl Slumdog, seo a cuntas ar conas a chuir an scannán eispéireas na hIndia i gcuimhne di.
a) Sensory Integration Dysfunction
b) Sensory Adaptation
c) Sensory Overload
d) Sensory Deprivation
Tá sráideanna na hIndia lán le bolaithe spíosraí, cnónna cócó, astuithe cairr, caca agus urlacain.
Bíonn na cluasa faoi ionsaí leanúnach ag bonnáin, popcheol ardairde Hiondúch a scaoiltear amach ó steiréónna gluaisteán agus caitheamh leanúnach seile, a bhíonn ard agus scornúil.
Bíonn dathanna iontacha le feiceáil ar fud na sráideanna ach bíonn siad i gcónaí róphlódaithe, de lá agus d’oíche, agus is minic a bhíonn bó bheannaithe ag siúl i measc na ndaoine.
I marbh-theas 37°C, ní leor a rá gur ‘cóisir chéadfaí’ í an India.
Freagra: Sensory Overload
Ceist 2 – Cad is ainm don staidéar ar an chumarsáid neamhbhriathartha idir daoine agus a gcaidrimh spásúla?
a) Personal Space Study
b) Proxemics
c) Ethnology
d) Social Science
Tá breis agus 17 milliún duine ina gcónaí in Delhi – cuir sin i gcomparáid leis an 21 milliún atá i mo thír féin, An Astráil, agus tuigfidh tú an dlús daonra atá i gceist.
Uair amháin agus mé i scuaine in aerfort na príomhchathrach, mhothaigh mé duine ar mo chúl mar sin bhog mé chun tosaigh le spás a thabhairt don bheirt againn.
Nuair a bhog mé áfach bhog an duine eile chomh maith go dtí go raibh a mbolg ag gobadh isteach i mbun mo dhroma. Thiontaigh mé thart, ag smaoineamh go raibh na céadta ag brú isteach ar ár gcúl, ach ní raibh ann ach bean amháin!
Ní raibh mé sa tír ach cúpla nóiméad ach fuair mé taithí láithreach ar conas atá sé bheith i do chónaí in áit le dlúthdhaonra.
Freagra: Proxemics
Ceist 3 – Cé a chum an ráiteas “survival of the fittest”?
a) Greg Mendel
b) Herbert Spencer
c) Charles Darwin,
d) Andrew Carnegie
Dúradh liom roimh ré nach raibh na hIndiaigh ionraic, ach fuair mé amach go luath go raibh siad díreach níos seiftiúla.
Sampla amháin de seo nuair a d’fhág cara liom a chuid éadaí salacha ag neachtlann sráide.
Dúirt sé leis an fhear ciúin ach gáireach a bhí ag an stalla go bhfillfeadh sé ní ba mhoille sa lá.
Ach nuair a chuaigh sé ar ais ní hamháin go raibh na héadaí ar shiúl, ach bhí an fear chomh maith.
Níor oibrigh an fear beag gáireach ag an stalla in aon chor ar ndóigh, bhí sé díreach san áit cheart ag an am ceart chun ‘bronntanas’ a fháil.
Freagra: Herbert Spencer
Ceist 4 – Tarlaíonn 8% de bhásanna áirithe an Domhain san India. Ach cén cineál báis?
a) Básanna míleata
b) Básanna bóithre
c) Básanna gunnaí
d) Básanna tionsclaíocha
Mórchuid an ama a chaith mé ar an ‘chóras’ iompair Indiach, bhí mo chroí i mo bhéal le heagla, mé an-bhuíoch as an árachas a bhí agam agus ag smaoineamh go mbeinn ag dul ar ais chun an bhaile i mála coirp.
Tiománadh na busanna go contúirteach agus róchongarach d’imeall na mbóithre, chomh congarach sin go dtiocfadh leat creatlaí scriosta busanna eile a fheiceáil ag bun na ngleannta.
Thug an t-eispéireas sin léargas éigin ar fhealsúnacht na gcomharthaí bóithre:
‘Be mild on my curves’
‘After whiskey driving risky’
‘Go slow my friend on my bend’
‘Someone is waiting for you, drive slowly’
‘Drive slow live long’
Agus, dála an scéil, is ionann ‘aerchóiriú’ san India agus an fhuinneog a oscailt.
Freagra: Básanna bóithre
Ceist 5 – Le Delhi a thiontiú ina ‘cathair den scoth’ roimh na Cluichí Comhlathais in 2010, tá na péas ag ruaigeadh na mbacach de na sráideanna. Faoi choinne cá mhéad bliain ar féidir bacach a chur i bpríosún?
a) 2 bhliain
b) 5 bliana
c) 7 mbliana
d) 10 mbliana
Is cuid de ghnáthshaol na hIndia iad bacaigh sráide.
Bailíonn dílleachtaí bochta thart ort i rith an ama, a súile móra ag impí ort airgead a thabhairt dóibh agus a lámha amach réidh lena thógáil.
Is féidir neamhaird a dhéanamh díobh, iad a dhiúltú nó rud éigin a thabhairt dóibh, ach gach seans nach rachadh an t-airgead chun tairbhe dóibh.
Níor thug mé féin airgead dóibh mar go raibh a fhios agam go mbeadh ‘a dtuilleamh’ ag dul i dtreo na gceannasaithe a bhíonn ag stiúradh ghrúpaí na mbacach.
Fiú bia, rachadh sé ar ais chuig na ceannasaithe cé go dtiocfadh leat paicéad a oscailt ar dtús agus ansin é a thabhairt do na páistí.
Ach níl sé sin foirfe ach an oiread mar is minic a thugtar amach do na bacaigh as gan a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart nuair a tharlaíonn sé sin.
Freagra: 10 mbliana
Ceist 6 – Cá mhéad turasóirí eachtrannacha a thugann cuairt ar an India gach bliain?
a) 1 mhilliún
b) 2 mhilliún
c) 3 mhilliún
d) 4 mhilliún
Bíonn muintir na hIndia iontach fiosrach faoi eachtrannaigh, chomh fiosrach sin go gcruinníonn siad le chéile i ngrúpaí chun stánadh ort, rud nár éirigh mé cleachta leis ariamh.
Mar sin féin tá siad an-chairdiúil agus baineann siad an-sult as bheith ag cleachtadh a gcuid Béarla, a mbíonn blas coilíneach Sasanach air an chuid is mó den am.
Léiríonn na ceisteanna a cuireadh orm go minic cé chomh dírithe atá siad ar stádas sóisialta:
‘Are you married?’
‘What does your husband do?’
‘What does your father do?’
‘What do you do?’
Bhí díoma orthu go minic nuair a luaigh mé gur ag obair le nuachtán a bhí mé ag an am, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu gur oibrí sóisialta í mo chara, ‘gairm an-uasal’ a dúirt siad.
Mar sin féin thaitin sé leo nuair a fuair siad amach gur Astrálach a bhí ionam agus gurbh as mo bhaile dúchais féin do chaptaen fhoireann cuicéid na hAstráile, Ricky Ponting – is breá leo a gcuid cruicéid san India.
Rud nach raibh dúil mhór agamsa ann áfach ná na dreamanna fear ag stánadh ort, ná na teaghlaigh éagsúla a d’iarr ort theacht chun an bhaile leo le grianghraf a ghlacadh díot in éineacht lena mac (bhí an pictiúr le crochadh ar an bhalla de réir cosúlachta).
Bhí teaghlach amháin ann a bhí ag iarraidh mé a scannánú go fiú, fianaise go raibh duine ón iarthar ina dteach féin.
Freagra: 4 mhilliún





Cuntas iontach ar an India, bhí mé ann roinnt blianta ó shin agus cuireann an cur síos beoga, glic seo go leor i gcuimhne dom. Ba bhreá liom dul ar ais!
Léargas chomh daite níor léigh mé le tamall
Táim fíor-dhéanach ag teacht ar seo, ach an-scéal! Bhaineas an-taitneamh as.