nós* » nós*

White Denim – fits
“Rock ‘n’ roll is a fixation, that bom bom bom bom bom – mama’s heartbeat. I don’t like hypnotics. I’m doing a non-hypnotic music to break up the catatonic state.” Captain Beefheart

Tá tuairim is caoga bliain ann ó bunaíodh an rud a dtugaimid rac-cheol air (le heisiúint ‘The Fat Man Blues’ Fats Domino in 1950, meastar).

Cá bhfuil ár dtriall anois?

In ainneoin na bhforbairtí do-áirithe atá tarlaithe sa cheol san achar sin ama, is deacair diúltiú don dtuairim gur féin-scigaithris náireach é rac-cheol na linne seo (ach go háirithe agus buachaillí críonna mar Jagger agus Bono fós ag stabháil thart ar stáitsí na cruinne).

Is féidir cás a dhéanamh d’amhráin mhóra epiciúla leithéidí Arcade Fire agus Doves, b’fhéidir, ach is mothúcháin éadóchais, aiféala, agus imní bunús le formhór a gcuid amhrán, in ionad na dúile dainséaraí sponcaí a bhí mar bhun-thré rac-cheoil ar an gcéad lá.

Is cuma na hiarrachtaí déanta ag grúpaí art-rock mar Deerhoof, Animal Collective agus Battles chun rac-cheol a stiúradh go huiscí nua, is annamh a gcuid ceoil chomh tarraingteach leis na smaointí ardnósacha atá mar bhunús leis.

Is fearr é an rac-cheol agus é a chleachtadh ag ceoltóirí faoi bhun triocha bliain d’aois, a bhfuil smacht éigin ar a n-úirlisí ceol acu (mo leathscéal leis an dream punk!), agus, thar aon rud eile, a bhfuil teaspach te agus fonn racáil orthu –  an Jerry Lee Lewis óg, Black Sabbath in ’70, Led Zeppelin in ’71, Guns N’Roses in ‘87 ,The Pixies in ’89 agus White Denim in 2009.

Agus ambaiste ach go bhfuil fonn racála ar an dtríreád seo as Austin, Texas, ar a ndara halbam, Fits (Full Time Hobby). Fonn chomh láidir sin go n-éiriónn leo dhá nó trí phasáistí ceoil a bhrú isteach i bhformhór na rianta ar an albam.

Más fíor é nach bhfuil aon rud ‘nua’ le clos anseo, tá fiúntas ar leith ag baint leis an tslí a n-éiríonn le White Denim aon-chorp a dheanamh d’eilimintí hard-rock na seachtóidí, art-rock Can agus Captain Beefheart, ceol tropicalia na Braisíle agus indie-rock na linne seo.

Is buíochas mór le drumadóireacht chruinn, spleodrach, ilmhianach Josh Block go n-éiríonn leis an ngrúpa amlaidh a dhéanamh ar bhealach chomh slachtmhar.

Tuairgneáil mhearlámhach atá sa cheád chúig amhrán, ach is ionsaí é a bhfuil ciall leis mar shraith cheoil agus i gcómhthéacs an tsaothair ina iomlán.

As sin amach tagann miolliú ar chursaí, White Denim ag díriú níos mó ar ghnáth-amhráin seachas diúracáin cheoil, iad ag deanamh mórtheaspántais dá n-aclaíocht agus dá ngliceas mar rockers óga, ar nós coileach péacóige faoi éastras.

Tá an ceart ar fad acu.

Sibhse atá réidh chun racáil, seo dhaoibh White Denim!

Ben Ó Faoláin

eagrán 11 & tairiscint speisialta!
Bhí foireann nós* an-ghnóthach le tamall anuas – ag obair ar an chéad eagrán eile, ag ullmhú do na míonna amach romhainn, ag tabhairt faoi fheachtas díolacháin – ach tá áthas orainn a chur in iúl daoibh go bhfuil Eagrán 11 – sea, 11 cheana féin! – ar fáil anois don phobal Gaelach.

Ar leathanach tosaigh an eagráin seo tá White Denim, a bhfuil léirmheas ar a n-albam is déanaí le léamh sa rannóg cheoil. Tá cur síos ar an fhéile scannán Guth Gafa, neart grianghraf gigeanna, léargas ar mholadh nua chun fuinneamh a ghiniúint, colún nua aerach, an Cailín sa Chathair agus léirmheas ar an Lancer Evo nua ann chomh maith, mar aon le go leor eile mar is gnáth.

Tá nuacht eile againn dár léitheoirí an mhí seo, is é sin go bhfuil 25% bainte de chostas na síntiús ar fad idir seo agus 1 Meán Fómhair!

Tá breis ioncaim de dhíth ar an iris ionas go mairfidh sí beo mar sin muna bhfuil síntiús agat cheana, ní gá duit anois ach €30 a chaitheamh chun cóip de nós* a fháil sa phost gach mí. Dar linn gur margadh iontach é seo mar sin scaip an scéal agus cabhraigh linn an iris Ghaeilge is snasta riamh a chur ar fáil daoibh.

Tuilleadh sonraí anseo.