nós*» van morrison

Van Morrison – astral weeks live at the hollywood bowl
Nuair atá albam agat a aithnítear i measc sárshaothar dhomhan an cheoil, ní smaoineodh mórán ceoltóirí ar an albam a chur amach arís le blas nua air.

Ach ní gnáthcheoltóir é Van Morrison.

Sular tháinig Astral Weeks amach in 1968 bhí clú ar an bhFeirsteach as rac maith a chumadh, agus bhí an-rath ar fad ar a amhán, Brown Eyed Girl, a bhuail aerthonnta na cruinne an bhliain roimhe.

B’albam éagsúil é Astral Weeks áfach a léirigh go raibh buanna sa bhreis ag Morrison agus níorbh fhada go raibh áit bainte amach ag leithéidí Sweet Thing agus Ballerina i stair an cheoil.

Chuir an fhuaim fhionnuair éisteoirí faoi gheasa agus ag an am céanna baineadh siar astu ag cóirithe eile.

Guth cumhachtach smaointeach atá ag Morrison sa bhunalbam agus éiríonn leis sin a thabhairt leis ar an taifeadadh beo seo a rinneadh in Los Angeles.

Cuireann sé píosaí breise de na gormacha leis agus athraíonn sé deireadh an amhráin Madame George le dul i bhfeidhm níos mó ar an lucht éisteachta a d’fhreastail ar an gceolchoirm speisialta.

Tá ábhar iontais ann chomh maith ag críoch Slim Slow Slider a bhfuil groove níos tapa aige ná dord réidhchúiseach na ‘60í.

Breis agus 40 bliain ar aghaidh agus is réalta é Astral Weeks go fóill.

Tomaí Ó Conghaile