Is deas an rud é i gcónaí nuair a aithnítear do chuid oibre agus tá an-áthas orainn anseo ag nós* gur tháinig cúpla gradam agus ainmniúchán inár dtreo le cúpla mí anuas.
Tugadh aitheantas dúinn ar dtús ag na Irish Webs Awards ag tús mhí Dheireadh Fómhair nuair a bronnadh an gradam, ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, ar www.nosmag.com agus aithníodh ardchaighdeán ár n-eagrán clóite chomh maith nuair a fógraíodh an mhí seo gur éirigh le nós* áit a bhaint amach ar an ghearrliosta le haghaidh ‘Best Consumer Magazine’ i nGradaim Irisí na hÉireann, an chéad fhoilseachán Gaeilge le hainmniúchán a fháil ann riamh.
Ar a bharr sin, tá bunaitheoir agus eagarthóir nós*, Tomaí Ó Conghaile, tar éis babhta ceannais ‘Eircom NI Young Entrepreneur of the Year’ a bhaint amach mar gheall ar an obair atá déanta aige leis an iris.
Ní gá a rá go bhfuil gliondar an domhain orainn as an aitheantas seo ar fad agus is léiriú é ar an obair iontach – agus deonach go dtí seo! – atá ar siúl ag rannpháirtithe nós* le bliain go leith anuas.
Tá buíochas ag gabháil chomh maith dár léitheoirí a léann an iris anseo ar líne agus i gcló gach mí – dá mbeadh gradam ann don phobal léitheoireachta is fearr, thabharfaimis daoibhse é!
D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta le haghaidh na nGradam Cumarsáide Gaeilge inniu agus tá áthas orainn a rá go bhfuil 3 ainmniúchán faighte ag nós*.
Gradaim bhliantúla iad seo a thugann aitheantas do na láithreoirí teilifíse agus raidió, iriseoirí agus aisteoirí a bhfuil éacht bainte amach acu sna meáin chumarsáide le linn 2008 agus tá réimse leathan pearsantachtaí agus cláracha san iomaíocht sna rannóga éagsúla arís i mbliana.
Tá Eagarthóir nós*, Tomaí Ó Conghaile, ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’, mar aon le Teicneolaí nós*, Diarmuid Ó Muirgheasa, agus tá ár n-aoi speisialta féin, An Cailín sa Chathair, luaite sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’.
Is léir go bhfuil ábhar, dearadh agus obair iomlán nós* ag dul i bhfeidhm ar an saol mór agus tá an fhoireann ar fad ag súil go mór leis an ócáid bhronnta, a bheas ar siúl i dTeach Farmleigh, BÁC, Dé hAoine 22 Bealtaine 2009.
Seo thíos an gearrliosta iomlán:
1. CLÁR/SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An GAA @ 125 Bliain (TG4)
In the Name of the Fada (RTÉ)
Scannal (RTÉ)
Seacht (TG4 & BBC TÉ)
2. PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Dáithí Ó Sé (TG4)
Dara Ó Cinnéide (Seó Spóirt – TG4)
Páidí Ó Lionaird (TG4)
Seán Mac an tSíthigh (Nuacht TG4)
3. AISTEOIR NA BLIANA
Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)
Linda Bhreathnach (Seacht)
Mac Dara Ó Flatharta (Ros na Rún)
Michelle Beamish (Seacht)
4. CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA
Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Blas (BBC Raidió Uladh)
Na Giollaí Deacra (Raidio Fáilte)
Pop Nuacht (Raidió Rí-Rá)
Rónán Beo @ 3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
5. PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Daragh Ó Tuama (Newstalk)
Eibhlín Ní Chonghaile (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte)
Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Miriam Maher (Raidió Rí-Rá)
6. CLÓ: IRISEOIR NA BLIANA
Diarmuid Ó Muirgheasa (Nós*)
Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)
Máirtín Ó Catháin (Foinse)
Pól Ó Muirí (Irish Times/Comhar)
Tomaí Ó Conghaile (Nós*/Nuacht 24)
7. CLÓ: COLÚNAÍ NA BLIANA
An Chailín sa Chathair (Nós*)
Cathal Mac Coille (Foinse)
Concubhair Ó Liatháin (iGaeilge)
Mac Dara Mac Donncha (Foinse)
8. BUAIC GHRADAM CUMARSÁIDE
Antaine Ó Donnaile (BBC Thuaisceart Éireann)
Bob Collins (RTÉ/TG4/Eile)
Eoghan Ó Néill (Lá/An Druma Mór/Blas)
Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
