nós* » nós*

Beirlín Bheoga!
Dá mba rud é gur mhian leat cuairt a thabhairt ar chathair a bhfuil a lán staire ag baint léi agus, mar aon leis sin, atá beoga agus corraitheach agus ina bhfuil neart le déanamh go háirithe do dhaoine ar suim leo ragairne agus spraoi, tá Beirlín gan sárú!

Is cathair ollmhór í príomhchathair na Gearmáine agus caithfear ar a laghad seachtain a chaitheamh ann chun na hiontais go léir a fheiceáil agus aithne cheart a chuir uirthi.

Ní fiú dul ann ar feadh lae nó dhó mar ní thig le duine ar dhroim an domhain cuairt cheart a thabhairt ar an gcathair ársa seo sa tréimhse ghar sin.

Iontais

Tá Beirlín ag cur thar maoil le hiontais arbh fhiú a fheiceáil.

Geata Brandenburg, an Reichstag, an Tiergarten, an Balla, Checkpoint Charlie – sin na cinn is mó aithne ach tá i bhfad Éireann, nó i bhfad Beirlín ba chóir a rá, níos mó ná sin ann. Tá siad gan chuimse.

Is dóigh gurb é Geata Brandenburg an t-iontas is mó aithne sa chathair. Is comhartha na cathrach é agus is áille an geata é. I bhfochair an gheata, tá an Reichstag (Arás an Bundestag).

Bíonn sluaite móra i gcónaí ag triall ar an Reichstag chun siúl timpeall an chruinneacháhn ghloine agus na feisirí a fheiceáil ann. Bí ag súil le bheith ag feitheamh tamaill chun cead isteach a fháil, mar sin, ach is fiú é.

Sa cheantar céanna tá an Denkmal für die ermordeten Juden Europas (Cuimhneachán do na Giúdaigh Eorpacha a Dúnmharaíodh). Seo machaire ar a bhfuil breis agus 2,700 leacán tógtha air chun na milliúin Giúdach ar dhúnmharaigh na Naitsithe iad i rith an Dara Cogadh Domhanda a chomóradh.

Tá roinnt de na leacáin íseal ach éiríonn roinnt eile acu chomh hard le ceithre mhéadar. Tá na leacáin leagtha amach i dtreasa agus is féidir siúl eatarthu.

Shílfeá gur ait an bealach é chun na daoine a dúnmharaíodh a chomóradh mar go bhfuil cuma ghruama dhuairc ar na leacáin agus téann an duairceas sin i bhfeidhm ort agus tú ag siúl tríd.

Tá ionad eolais faoi thalamh ar an suíomh agus ba chóir cuairt a thabhairt air chun tuilleadh eolais a fháil ar cad a tharla san Uileloscadh. Níl Checkpoint Charlie rófhada ón séadchomhartha sin.

Buail trasna chuig an taobh thoir den chathair chuig an Fernsehtrum atá lonnaithe gar do Alexanderplatz a fheiceáil.

Thóg rialtais an DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine) sna 1960í é chun a léiriú cá mhéad dul chun cinn a bhí déanta acu agus freisin chun a gcumhacht a thaispeáint d’iarthar Bheirlín mar ba é, agus is é fós, an foirgneamh is airde sa chathair.

Is éard is brí le Fernsehtrum ná túr cianamharcaíochta. Cianamharcaíocht an chéad fhocal a bhí ann i nGaeilge ar theilifís agus is crann an-ard tarchurtha teilifíse é seo maille le hionad inar féidir Beirlín ar fad a fheiceáil ó ard san aer.

Is féidir dul suas chuig ardán breis agus 200m ar airde chun amharc ar an gcathair agus ar lá geal is féidir rudaí i gcéin agus i gcóngar a fheiceáil. Dá bhrí sin is oiriúnach an cur síos é túr cianamharcaíochta mar feidhmíonn sé mar chrann tarchurtha teilifíse agus mar ionad faire ag an am céanna.

Tabhair faoi deara gurb é an Fernsehtrum ceann de na hionaid is mó éileamh i mBeirlín. Tugann breis agus milliún daoine cuairt air gach bliain mar sin, arís, bí ag súil le feitheamh i scuaine fhada chun dul isteach ann.

Agus tú i bhfochair an Fernsehtrum, siúl chuig Alexanderplatz agus féach ar an gclog spéisiúil atá ann. Glaoitear Weltzeituhr air agus is aisteach agus iontach an clog é! Is cineál dealbh é ar a bhfuil aimneacha cathracha éagsúla ar fud na cruinne scríofa.

Taispeántar an t-am sna háiteanna sin ar an gclog neamhghnách seo agus ar mhullach na deilbhe tá cnuasach de chruinneáin atá mar léiriú de na plainéid agus iad ina bhfithis. Is nós do mhuintir na cathrach coinní a dhéanamh bualadh ag an gclog.

I measc na n-iontas eile ar chóir cuairt a thabhairt orthu ná an Tiergarten.

Is fearann ollmhór é seo i lár na cathrach ina bhfuil garraí na n-ainmhithe agus an Siegessäule (Colún an Bhua). Sin an séadchomhartha ar a bhfuil aingeal órga ar a mhullach a bhí le feiceáil sa bhfíseán don amhrán ‘Stay’ de chuid U2.

Is fiú go mór dul chuig Schloss Charlottenburg in iarthar na cathrach freisin, bruíon nó pálás gleoite í seo le seomraí agus garraí galánta ann.

Iarsmalanna

Is deacair é a shamhlú ach tá 180 iarsmalann éagsúla i mBeirlín – Conas a thig le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu uile riamh?

Tá oileán acu darbh ainm Museumsinsel (Oileán na nIarsmalann) ar a bhfuil cúig iarsmalann agus dánlann bailithe le chéile in aon cheantar amháin. Is iad na hiarsmalann is tábhachtaí agus is mó i mBeirlín.

Tá na hiarsmalanna seo ag cur thar maoil le hiarsmaí ársa ó shuíomhanna éagsúla ar fud na cruinne.

B’fhéidir gurb é Pergamonmuseum an ceann is iomráití de bharr an altóir ghalánta ón Tuirc ann agus an Geata Ishtar ón Bhablóin.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Iarsmalann an DDR atá suite in oirthear na cathrach (ar ndóigh). Is iarsmalann nua-aimseartha é seo chun tuiscint a fháil ar conas mar a bhí an saol ag daoine i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine sular theip uirthi in 1989.

Tá sí lán le léaráidí, mionsamhlacha agus taispeántais idirghníomhacha chun an phoblacht seo, a shíl go leor bheith urchóideach, a léiriú.

Tá lán cead ag daoine a láimhe a leagadh ar na taispeántas agus nithe a bhraith. Taitneoidh sé go mór le cách.

Bia

Má tá tú chun seal a chaitheamh i mBeirlín, is fiú béile ceart Gearmánach a chaitheamh.

Moltar go mór duit bualadh isteach sa bhialann Nante-Eck ar an tsráid mhór Unter den Linden i gceartlár na cathrach.

Caitheann na freastalaithe feistis dhúchasacha agus is bia Gearmánach amháin a dháiltear. Tá an bia breá folláin agus líonfaidh sé go draid thú!

Ba chóir freisin buidéal de Zille’s Fassbrause a cheannach agus a ól.

Is deoch neamhmheisciúil é agus is deacair an blas a mhíniú ach beidh fonn ort é a ól arís agus arís eile!

Siamsaíocht Oíche

Más mian leat dul ag damhsa istoíche tá neart roghanna agat. Glac leis an gcomhairle seo: Is club iontach é Matrix.

Tá sé suite in oirthear na cathrach agus tá seacht seomra ann le ceol éagsúil i ngach ceann acu. Bainfidh cách sult as.

Más fearr leat ceol damhsa, ba chóir dul chuig Waterfront atá tógtha cois abhann. Agus ionas nach mbeidh díomá ort, ná téigh in aice leis an gclub Tresor – is áit uafásach í.

Is cuma má mholann daoine go spéir é nó má mholtar é i bhfoilseacháin eile, ná téigh ann. Fanann na clubanna ar oscailt go dtí moch ar maidin.

Iompar

Tá córas iompair den scoth ar fáil i mBeirlín, mar a bheifeá ag súil leis.

Is iomaí cineál iarnróid atá ar fáil – S-Bahn, U-Bahn, riancharranna mar aon le busanna agus báid!

Tá iarnród timpeall lár na cathrach ar a dtugtar an Ringbahn (an Fáinne) agus is féidir taisteal anonn is anall air.

Moltar go mór duit Berlin WelcomeCard a cheannach nuair a shroicheann tú an chathair iontach seo mar bheidh tú in ann taisteal ar na córais éagsúla ar fad gan ticéid a cheannach i dtólamh.

Cathain le cuairt a thabhairt

An tráth ceart den bhliain chun cuairt a thabhairt ná anois, mí Aibreáin nó Bealtaine, sula mbíonn sé róthe nó i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair sula mbíonn sé rófhuar.

Seanán Ó Coistín

An Ceanada Ilchineálach
Is cuma cén sort laethanta saoire is fearr leat – grian agus gaineamh, bheith ag dreapadóireacht ar shléibhte sneachta, bia blasta den chéad scóth nó imeachtaí eachtraíochta – mar tá gach aon rud le fáil in Vancouver Cheanada, agus bhí an t-ádh dearg orm cúpla lá a chaitheamh ansin roimh an samhradh.

Is cathair iltíreach amach is amach í Vancouver lena lán cultúr domhanda le feiceáil sna bialanna, margaí spéisialta, siopaí agus comharsanachtaí difriúla, agus i ndiaidh San Franciso agus Nua Eabhrac is é Chinatown Vancouver an tríú ceantar Síneach is mó i Meiriceá Thuaidh.

Nuair a leigh mé sin i mo threoirleabhar, bhí sé ar m’intinn gan bheith ag caitheamh mo chuid ama sa chathair seo sna siopaí éadaí dearthóra céanna atá le fáil i gcathair ar bith ar domhan.

Mar sin de, ghlac mé turas timpeall Chinatown leis an chócaire clúiteach agus scríbhneoir ar chúrsaí bia, Stephanie Yuen.

Bia agus beatha

Ag siúl thart na sráideanna le Stephanie, bhí sé deas teangacha ar nós Cantainise agus Mandairínise a chloisteáil agus sráid-ainmneacha dátheangacha a fheiceáil chomh maith.

Chaith muid an t-am ag dul isteach agus amach ó shiopaí beaga ildaite ag blaiseadh stíl chócaireachta na Síne – ón bheith ag ól tae luibhe agus ag ithe cistí beaga traidisiúnta agus Dim Sum ón bhacús go dtí lacha faoi anlann pluma a ithe díreach ón bhúistéir, ní thiocfadh le siopadóireacht an lámh is fearr a fháil air in am ar bith!

Bhuel, sin an rud a shíl mé go dtí go ndeachaigh muid isteach chuig an phoitigéir agus chonaic mé afraidíseach déanta de choirp ainmhithe agus rudaí aisteacha mar sin… níorbh éigean dom iad a bhlaiseadh, buíochas le Dia!

Agus ag leanúint le téama an bhia, do mo chéad turas eile ghlac mé an Aquabus (bád farantóireachta beag gasta) go hOileán Granville le bualadh le Eric Pateman, stiúrthóir Edible British Columbia.

Bhunaigh sé an comhlacht turais chun eolas ar leith a thabhairt do chuairteoirí agus chun an chathair a chur ar an léarscáil mar áit a bhfuil ardchaighdeán bia agus bialanna le fáil inti. Bhí margadh poiblí Granville plódaithe ar an lá a bhuail mé leis, cé gur gnáthlá seachtaine a bhí ann.

Bhí gach sort bia le bolú, le blaiseadh agus, ar ndóigh, le ceannach ann ó bhia mara go cáiseanna, aráin agus pónairí caife, agus bhí sé deas scaifte chomh mór sin a fheiceáil ag cur suime i mbia úr agus nádúrtha.

Ní raibh mé féin ábalta triail a bhaint as mórán a bhí ar fáil áfach mar go raibh tábla ag fanacht orm ag Raincity Grill sa West End, atá suite ar English Bay.

Cúpla bliain ó shin chruthaigh foireann na bialainne seo biachlar úrnua darb ainm ‘100 Mile Tasting Menu’ a dhéanann ceiliúradh ar an bhia áitiuil orgánaic atá le fáil taobh istigh den 100 míle thart ar an phroinnteach.

Faoi láthair, tá siad ag baint úsáide as na glasraí is fearr ó fheirmeacha inbhuanaithe orgánacha an cheantair agus tá tuigbheáil acu ar cé chomh tábhachtach is atá an talamh agus slí bheatha na bhfeirmeoirí áitiúla.

Agus má tá dúil agat i dtrátaí blasta den scoth, is é teideal a dtarraingthe is deanaí ná ‘Tomato Tasting Menu’ a bhfuil trátaí mar Roasted Stoney Paradise Sungolds curtha ar fáil le muiríní úra ann… mmmm!

Nósanna na gCeiliúrán

Ach má tá tú ag iarraidh daoine le clú agus cáil a fheiceáil sa chathair seo, tá siad uilig thall in Yaletown sa Blue Water Café and Raw Bar.

Seo áit a ndeachaigh aisteoirí cosúil le Jennifer Aniston agus Halle Berry chun sushi nó sashimi a ithe agus iad ag scannánaíocht sa in Vancouver ar na mallaibh.

Ba shean-trádstóras é a ndearnadh athchóiriú air agus tá cistin oscailte ann anois mar aon le seomra spéisialta príobháideach lán le fíon den chéad scoth a chuireann na VIPs in áirithe.

Nuair a thug mé cuairt ar an bhialann, bhí trosc dubh ar an biachlár le hanlann soy agus sake, Artic Char agus liosta fada hoisrí, agus bhí an freastalaí an-eolach faoin reimse maith fíonta a bhí acu fosta.

Agus ag caint dom faoi Halle Berry, d’fhan sí sa díonteach ag an Metropolitan Hotel – an t-óstán ceanna ina raibh mé féin ag stopadh – nuair a bhí sí ag glacadh páirte sa scannán Catwoman tamall de bhlianta ó shin.

Cé nach raibh mise ag déanamh aon rud speisialta mar sin, is óstán ar fheabhas é a thagann leis an eispéireas iomlán ar an chathair iontach seo.

Tá an Metropolitan Vancouver cóngarach go leor do Pháirc Stanley, atá níos mó na Central Park i Nua Eabharc, le sléibhte sneachta North Shore le feiceáil ar chúl an óstáin. Bhí mo sheomra leapa te agus glan le leathanbhanda, troscán darach agus marmar sa seomra folctha.

Bhí linn snámha, seomra gaile agus cúirt scuaise ansin fosta agus, dá mbeadh tuirse ort, bhí síob saor in aisce le fáil in Jaguar ar maidin!

Spraoi Sléibhe

Ach níor ghlac mise an déis áirithe sin mar bhí mé ag dúil go mór leis an turas traenach a chuir mé in áirithe chuig Whistler, Sciáil Alpach Blackcomb.

Áit chlúiteach í seo maidir le spórt faoin spéir, go mór mór sciáil trastíre agus clársciáil, agus is anseo a bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh ag tús na bliana.

Ghlac an traein trí uair a chloig agus i rith an aistir bhí mé in ann mo chathaoir theolaí a fhágáil agus dul amach chuig an charráiste breathnóireachta le grianghraif a thógáil de radharcanna galánta Shannon Falls, Cheakamus Canyon agus Mount Garibaldi, nó Nch’kay i dteanga dhúchais na háite, Squamish.

Bhí sneachta ar bharr na sléibhte – bíonn le linn na bliana tríd – agus bhí codanna eile den tírdhreach chomh glas le cnoic s’againn féin anseo in Eirinn!

Nuair a bhain mé Whistler amach, mo chéad uair ar ski resort, bhí mé sásta dul faoi choinne siúlóid bheag leis an atmaisféar réchúiseach a mhothú.

Bhí daoine óga ag ól seacláid the sna caifí nó ag roinnt crúiscíní beorach sna tithe tábhairne. Sna siopaí bhí éadaí dearthóra sciála agus iad an-daor ach choinnigh mé an t-airgead a bhí fágtha agam le haghaidh turas gondola agus cupán seacláid the sular fhill mé ar an óstán ar an bhus.

Cé go raibh mé scriosta, bhí áthas an domhain orm go raibh mé ag teacht ar ais chuig mo sheomra sócúlach féin ag an Metropolitan… críoch fhoirfe le turas thar barr ar chathair thar barr.

Gráinne Nic Fhearaigh

ar do rothar!
Tá moladh mór ag dul chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus don chomhlacht fógraíochta JC Decaux, as scéim úrnua rothar a chur ar bun sa phríomhchathair.

Ón lá inné tá anois 450 rothar ar fáil ag 40 láthair i lár na cathrach agus is féidir le daoine úsáid a bhaint astu trí shíntiús bliana a cheannach ar líne ag dublinbikes.ie nó ticéad trí lá a fháil ar €2.

Níl aon chostas ar chíos na rothar taobh istigh den chéad leathuair, tá €0.50 ar an chéad uair agus €6.50 ar cheithre uair.

Tá an tseirbhís ar fáil idir 5.30rn agus 12.30in gach lá agus dar leis an Chomhairle go ndearna 1,150 turas ar na rothair nua le linn an chéad lá.

Tá scéimeanna den chineál céanna ar bun i gcathracha eile Eorpacha le fada an lá ach tá amhras léirithe faoin easpa lánaí rothar i mBaile Átha Cliath agus go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé seo isteach ar éifeacht na seirbhíse.

Níl aon rogha Ghaeilge ar na híoc-innill, ná an suíomh idirlín, ach an oiread ach táthar i ndóchas go mbeifear in ann é seo a réiteach má iarrann go leor daoine seirbhís as Gaeilge.

Agus ó tharla gur ag caint ar rothaíocht atá muid, beidh Seachtain Soghluaiseachta Mhaigh Eo 2009 ar siúl ó 16 Meán Fómhair.

Is é cuspóir na seachtaine ná daoine a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil sa bhaile agus triail a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe (siúlóid, rothaíocht, iompar poiblí).

I gCaisleán an Bharraigh tá siad ag cur béime ar an rothaíocht agus is í an teachtaireacht atá acu ná “Bí ar do Rothar! / Get on Your Bike!”.

“Caithfimid smaoineamh ar an am atá le teacht, agus dul i dtreo modhanna taistil inbhuanaithe, ar nós siúlóid, rothaíocht, iompar phoiblí,” arsa Thérèse Ruane, Comhairleoir Baile Chaisleán an Bharraigh.

“Is mó na buntáistí a bheadh ann dúinn uilig, deireadh le brú tráchta, slí beatha níos sláintiúla agus baile níos glaine, níos deise agus níos ciúine dúinn uilig.

“Tá súil agam go dtiocfaidh go leor, leor daoine amach agus go mbainfidh siad triail as modhanna iompair inbhuanaithe ar feadh na seachtaine.”

Breis eolais ag castlebar.ie

Breizh Go Deo – cuairt ar an bhriotáin
Is minic a thiomáineann daoine trí chúinne iarthuaisceartach na Fraince agus iad ar a mbealach chuig ionaid mhóra saoire an deiscirt. Ní gá taisteal chomh fada sin áfach chun ceantar saoire, atá chomh tarraingteach céanna le háit ar bith sa République, a bhaint amach.

Suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin.

TEANGA

Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt ag mórchuid phobal na Briotáine – Breizh ina dteanga féin – a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin.

Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Paris nach mbeadh ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus – cosúil leis an Bhascais, an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis agus eile – níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh.

In ainneoin go ndeirtear go bhfuil ceathrú milliúin cainteoirí laethúla sa lá atá inniu ann, mionlaíodh an teanga an oiread sin thar na blianta gur deacair anois don chuairteoir teacht ar áiteanna ina bhfuil Brezhoneg in úsáid mar phríomh-mhodh cumarsáide.

Ní hé sin le rá áfach nach bhfuil sciar den phobal gníomhach in athchruthú shaol na teanga agus páirteach i gcur chun cinn chultúr dúchasach na Briotáine trí chéile. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm, cuirfidh an turasóir Gaelach suim i gcónaí sna logainmneacha áitiúla agus is iomaí ionad nó scoil dhátheangach, Diwan, atá le fáil ar fud na tíre chomh maith.

ÁILLEACHT

Má tháinig meath ollmhór ar theanga dhúchais na Briotáine, níl aon mheath – ná baol air – ar bhia, ar dheoch nó ar áilleacht na háite.

Is í Rennes – Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach – an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud na domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is baile bríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Ste-Anne atá na bialanna agus pubanna is spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an mheascán eagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha.

Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar Breizh ná Nantes/Naoned. Cé go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí an Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Briotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc agus, i lár an bhaile, tá cúpla pub deas Ceilteach ann ina mbíonn ceol Briotánach, agus Éireannach, le fáil go minic.

Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus beann galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlán a chaitheamh sa chuid seo den tír.

Ó chuannacht Vannes/Gwened agus Quimper/Kemper go galláin ársa Carnac – atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip – téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca.

Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí-rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra – nó anseo in Éirinn b’fhéidir – bíonn craic go leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa.

Gach bliain tugann na mílte cuairt ar Lorient/An Oriant le haghaidh Le Festival Interceltique, féile ollmhór cheoil ag a mbíonn na ceoltóirí agus bannaí is fearr ón diaspóra Ceilteach ag seinm agus a chruthaíonn atmaisféar leictreach sa bhaile cósta. Bíonn an áit lán go béal le linn na féile agus is buaicphointe suntasach í ar fhéilire imeachtaí na bliana.

Buaicphointe eile ar aon turas chuig Breizh ná an bia. Tá gach cineál bia mara sa dúiche, é uilig úr blasta, agus ar ndóigh ní féidir cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo gan blaiseadh den crêpe milis.

Bon appetit! Kalon digor!

Tomaí Ó Conghaile