Clibeanna: "taisteal"

ar do rothar!

Tags: , ,

ar do rothar!


rothair-BACTá moladh mór ag dul chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus don chomhlacht fógraíochta JC Decaux, as scéim úrnua rothar a chur ar bun sa phríomhchathair.

Ón lá inné tá anois 450 rothar ar fáil ag 40 láthair i lár na cathrach agus is féidir le daoine úsáid a bhaint astu trí shíntiús bliana a cheannach ar líne ag dublinbikes.ie nó ticéad trí lá a fháil ar €2.

Níl aon chostas ar chíos na rothar taobh istigh den chéad leathuair, tá €0.50 ar an chéad uair agus €6.50 ar cheithre uair.

Tá an tseirbhís ar fáil idir 5.30rn agus 12.30in gach lá agus dar leis an Chomhairle go ndearna 1,150 turas ar na rothair nua le linn an chéad lá.

Tá scéimeanna den chineál céanna ar bun i gcathracha eile Eorpacha le fada an lá ach tá amhras léirithe faoin easpa lánaí rothar i mBaile Átha Cliath agus go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé seo isteach ar éifeacht na seirbhíse.

Níl aon rogha Ghaeilge ar na híoc-innill, ná an suíomh idirlín, ach an oiread ach táthar i ndóchas go mbeifear in ann é seo a réiteach má iarrann go leor daoine seirbhís as Gaeilge.

Agus ó tharla gur ag caint ar rothaíocht atá muid, beidh Seachtain Soghluaiseachta Mhaigh Eo 2009 ar siúl ó 16 Meán Fómhair.

Is é cuspóir na seachtaine ná daoine a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil sa bhaile agus triail a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe (siúlóid, rothaíocht, iompar poiblí).

I gCaisleán an Bharraigh tá siad ag cur béime ar an rothaíocht agus is í an teachtaireacht atá acu ná “Bí ar do Rothar! / Get on Your Bike!”.

“Caithfimid smaoineamh ar an am atá le teacht, agus dul i dtreo modhanna taistil inbhuanaithe, ar nós siúlóid, rothaíocht, iompar phoiblí,” arsa Thérèse Ruane, Comhairleoir Baile Chaisleán an Bharraigh.

“Is mó na buntáistí a bheadh ann dúinn uilig, deireadh le brú tráchta, slí beatha níos sláintiúla agus baile níos glaine, níos deise agus níos ciúine dúinn uilig.

“Tá súil agam go dtiocfaidh go leor, leor daoine amach agus go mbainfidh siad triail as modhanna iompair inbhuanaithe ar feadh na seachtaine.”

Breis eolais ag castlebar.ie

Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (3)

Breizh Go Deo – cuairt ar an bhriotáin

Tags: , , ,

Breizh Go Deo – cuairt ar an bhriotáin


breizhIs minic a thiomáineann daoine trí chúinne iarthuaisceartach na Fraince agus iad ar a mbealach chuig ionaid mhóra saoire an deiscirt. Ní gá taisteal chomh fada sin áfach chun ceantar saoire, atá chomh tarraingteach céanna le háit ar bith sa République, a bhaint amach.

Suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin.

TEANGA

Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt ag mórchuid phobal na Briotáine – Breizh ina dteanga féin – a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin.

Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Paris nach mbeadh ann ach an t-aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus – cosúil leis an Bhascais, an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis agus eile – níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh.

In ainneoin go ndeirtear go bhfuil ceathrú milliúin cainteoirí laethúla sa lá atá inniu ann, mionlaíodh an teanga an oiread sin thar na blianta gur deacair anois don chuairteoir teacht ar áiteanna ina bhfuil Brezhoneg in úsáid mar phríomh-mhodh cumarsáide.

Ní hé sin le rá áfach nach bhfuil sciar den phobal gníomhach in athchruthú shaol na teanga agus páirteach i gcur chun cinn chultúr dúchasach na Briotáine trí chéile. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm, cuirfidh an turasóir Gaelach suim i gcónaí sna logainmneacha áitiúla agus is iomaí ionad nó scoil dhátheangach, Diwan, atá le fáil ar fud na tíre chomh maith.

carnac

ÁILLEACHT

Má tháinig meath ollmhór ar theanga dhúchais na Briotáine, níl aon mheath – ná baol air – ar bhia, ar dheoch nó ar áilleacht na háite.

Is í Rennes – Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach – an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud na domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is baile bríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Ste-Anne atá na bialanna agus pubanna is spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an mheascán eagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha.

Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar Breizh ná Nantes/Naoned. Cé go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí an Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Briotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc agus, i lár an bhaile, tá cúpla pub deas Ceilteach ann ina mbíonn ceol Briotánach, agus Éireannach, le fáil go minic.

Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus beann galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlán a chaitheamh sa chuid seo den tír. 

Ó chuannacht Vannes/Gwened agus Quimper/Kemper go galláin ársa Carnac – atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip – téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca.

bad-breizh

Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí-rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra – nó anseo in Éirinn b’fhéidir – bíonn craic go leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa.

Gach bliain tugann na mílte cuairt ar Lorient/An Oriant le haghaidh Le Festival Interceltique, féile ollmhór cheoil ag a mbíonn na ceoltóirí agus bannaí is fearr ón diaspóra Ceilteach ag seinm agus a chruthaíonn atmaisféar leictreach sa bhaile cósta. Bíonn an áit lán go béal le linn na féile agus is buaicphointe suntasach í ar fhéilire imeachtaí na bliana.

Buaicphointe eile ar aon turas chuig Breizh ná an bia. Tá gach cineál bia mara sa dúiche, é uilig úr blasta, agus ar ndóigh ní féidir cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo gan blaiseadh den crêpe milis.

Bon appetit! Kalon digor!

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: taistealNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here