Postáilte ar 12.11.2009
Is maith linn bheith fial flaithiúil anseo ag nós* – agus ba mhaith linn tuilleadh síntiúsóirí a fháil chun forbairt a dhéanamh ar an iris – mar sin tá tairsicint speisialta á cur ar fáil againn idir seo agus deireadh na bliana.
Má cheannaíonn tú síntiús bliana don leagan clóite de nós* roimh Lá Nollag, cuirfear d’ainm san iomaíocht le haghaidh 2 ticéad fillte ó Éirinn go Londain.
Tá an tairiscint oscailte do gach aon duine a ghlacann amach síntiús linn sa tréimhse sin agus beidh an té ádhúil, agus cara leo, in ann na heitiltí a úsáid aon am le linn 2010.
Mar sin ná bíodh aon mhoill eile ort agus ceannaigh síntiús linn inniu!
SÍNTIÚIS ANSEO – SUBSCRIPTIONS HERE
Postáilte ar 10.07.2009

Bhí foireann nós* an-ghnóthach le tamall anuas – ag obair ar an chéad eagrán eile, ag ullmhú do na míonna amach romhainn, ag tabhairt faoi fheachtas díolacháin – ach tá áthas orainn a chur in iúl daoibh go bhfuil Eagrán 11 – sea, 11 cheana féin! – ar fáil anois don phobal Gaelach.
Ar leathanach tosaigh an eagráin seo tá White Denim, a bhfuil léirmheas ar a n-albam is déanaí le léamh sa rannóg cheoil. Tá cur síos ar an fhéile scannán Guth Gafa, neart grianghraf gigeanna, léargas ar mholadh nua chun fuinneamh a ghiniúint, colún nua aerach, an Cailín sa Chathair agus léirmheas ar an Lancer Evo nua ann chomh maith, mar aon le go leor eile mar is gnáth.
Tá nuacht eile againn dár léitheoirí an mhí seo, is é sin go bhfuil 25% bainte de chostas na síntiús ar fad idir seo agus 1 Meán Fómhair!
Tá breis ioncaim de dhíth ar an iris ionas go mairfidh sí beo mar sin muna bhfuil síntiús agat cheana, ní gá duit anois ach €30 a chaitheamh chun cóip de nós* a fháil sa phost gach mí. Dar linn gur margadh iontach é seo mar sin scaip an scéal agus cabhraigh linn an iris Ghaeilge is snasta riamh a chur ar fáil daoibh.
Tuilleadh sonraí anseo.
Postáilte ar 17.05.2009
Agus an samhradh beagnach linn, cheap muidne anseo ag nós* go mbeadh sé deas roinnt t-léinte fionnuara a dhearadh agus a chur ar fáil daoibhse, ár léitheoirí.
Shíl muid chomh maith go bhféadfadh sibhse cabhrú linn ag an am céanna chun tuilleadh síntiús a thabhairt isteach agus chun cur leis an iris.
An bealach chun ceann de na t-léinte snasta Gaelacha seo a fháil mar sin ná tú féin agus beirt chara leat a shíniú suas le haghaidh síntiúis.
Níl le déanamh agat ag d’ainm féin, agus ainmneacha dhá chara a fuair tú le síntiús a cheannach, a chur chuig eolas@nosmag.com agus gheobhaidh tú do rogha t-léine stílmhar!
Tá buntáiste agat ar ndóigh má tá síntiús agat cheana agus, ó tharla nach bhfuil ach 100 t-léine le fáil, is fearr dul i mbun aicsin láithreach.
Bainfidh tú féin, agus muidne, táirbhe as!