Clibeanna: "seachtain na gaeilge"

Focal sa Factory!

Tags: , , , , , ,

Focal sa Factory!


focalsafactoryAon duine a bhí i láthair ag Puball Gaeilge Electric Picnic i mbliana, beidh taithí acu ar an spraoi iontach a bhí le fáil ann agus leanfaidh an saghas céanna spleodair ar aghaidh Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair nuair a bheas mórócáid eile ar siúl sa Button Factory i mBarra an Teampaill, BÁC.

I measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán ag Focal sa Factory beidh cuid acu sin a bhí le cloisteáil ag an Phicnic, mar atá Fiach, Ophelia, Bubba Shakespeare agus Enda Reilly.

Eagraithe ag Seachtain na Gaeilge agus Club Sonas, beidh Grúpa Tí Sonas ag casadh don chéilí mór agus beidh Sibéal Davitt, Darach Mac Mathúna, Cormac Murphy agus Mairéad Hurley ag cur an Sexy Sean Nós i láthair.

Athróidh an ceol go hiomlán ansin nuair a sheinnfidh DJ de chuid Raidió na Life, Stephanie Nic Aonghusa, na hamhráin is cailiúla le fonn!

Tá ticéid ar fáil tríd an choras Pay Pal ar www.clubsonas.com, áit a bhfuil físeáin agus tuilleadh eolais mar gheall ar aíonna na hoíche.

Is féidir iad a cheannach chomh maith ó Chonradh na Gaeilge, BÁC, agus ón Button Factory ar an oíche.

Osclaíonn na doirse ar 8in agus tá €10 ar an doras nó €7 do mhic léinn.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (1)

Rith 2010 – post

Tags: , ,

Rith 2010 – post


Tá lucht nós* ag súil go mór le Rith 2010, féile náisiúnta úrnua a bheidh ar siúl idir 10 – 17 Márta an bhliain seo chugainn mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Is ollrith sealaíochta gan stad atá i gceist agus beidh na mílte duine ag rith an chúrsa 1500km ó Bhéal Feirste go Gaillimh thar 7 lá agus trí 400 baile.

Tá imeacht den chineál seo, Korrika (féach físeán thuas), ar siúl i dTír na mBascach ó bhí 1980 ann agus bíonn thart ar 600,000 duine ag glacadh páirte ann gach dara bliain.

Anois beidh deis ag na Gaeil rith ar son ár dteanga agus ceilúradh a dhéanamh ar ár gcultúr ar bhealach nach ndearnadh roimhe.

Is mór an t-eagrúchán atá de dhíth chun Rith 2010 a bhainistiú ar dóigh agus táthar anois ag cur fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbeadh spéis acu bheith mar Bhainisteoir Imeachta le haghaidh an imeachta náisiúnta.

Conradh sealadach 6 mhí atá i gceist leis an phost agus beidh buntuarastal i gceist don phost le féidearthacht do bhónas fheidhmíochta.

Ní mór do gach iarrthóir na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- Cáilíocht 3ú leibhéil
- Gaeilge scríofa agus labhartha d’ardchaighdeán
- Taithí ar bhainistíocht tionscnaimh agus ama
- Taithí ar riarachán agus bainistíocht airgeadais
- Scileanna ríomhaireachta agus teicniúla
- Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta
- Ceadúnas tiomána iomlán agus glan

Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 2009 an spriocdháta agus is féidir iarratas a dhéanamh trí CV a sheoladh chuig post@rith.ie

Tuilleadh eolais ag www.rith.ie

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (2)

Ceol ‘09 – albam SnaG

Tags: , ,

Ceol ‘09 – albam SnaG


ceol-09-cdGrá dom Leonadh - The Swell Season

Is léiriú é ar an dul chun cinn atá déanta ag ceol Gaelach le tamall de bhlianta anuas nuair a osclaítear albam Sheachtain na Gaeilge le hamhrán a bhuaigh Oscar, agus abair amhrán.

Bhain Glen Hansard agus Markéta Irglová na ceannlínte domhanda amach anuraidh leis an leagan Béarla den cheann seo Falling Slowly óna scannán Once agus tá sé iontach ar fad go bhfuil sé anois ar fáil inár dteanga féin. Amhrán galánta, aistrithe go snasta ag an uasal Mac Con Iomaire.

Foirfe - Eddie Reader

Siar linn chuig 1988 leis an traic seo a n-aithneoidh an domhan ar fad é, fiú muna bhfuil dúil ag cuid againn i gceol na n-ochtóidí.

Príomhamhránaí Fairground Attraction féin, Eddie Reader, atá ag canadh san amhrán agus tá moladh mór ag dul don Albanach as bheith sásta tabhairt faoi liricí Gaeilge.

Cuireann an port so-aitheanta gealgháireach seo go mór leis an bhailúchán.

Nuachtán an Lae Amárach – Mick Flannery

Ceann de na hamhráin is mó sa tír le sé mhí anuas, tá brí agus meanma faoi leith le cloisteáil in Tomorrow’s Paper leis an Chorcaíoch óg tallannach Mick Flannery, agus tá gach cuid de sin le fáil sa leagan seo chomh maith.

Níl a fhios agam cad a bheas le léamh in nuachtáin an lae ámarach ach tá a fhios agam go dtugann nós* marcanna arda d’uimhir 3.

Sna Bróga Seo – Camille O’Sullivan

Tá an saol Gaelach cleachta anois leis an Cabaret Craiceáilte ach seo cabaret de shórt éigin eile.

Is ceoltóir paiseanta de bhunadh na hÉireann agus na Fraince í Camille O’Sullivan (ar clé) agus tá an meacsán spleodrach sin le mothú anseo.

Gnéasúil agus tarraingteach, cruthaíonn sé seo gur féidir leis na Gaeil burlesque a dhéanamh gan stró. Anois cár chuir mé na riteoga sin?

Oinseach – Saccade

Tháinig Saccade faoi spotsolas phobal na Gaeilge ar dtús nuair a ghlac siad páirt sa chlár ceoil Deis Roc anuraidh agus is maith a fheiceáil go bhfuil siad ag leanúint leis an nós amhráin a chur amach i bpríomhtheanga na hirise seo.

Iarracht dheas pop-rac é seo, scríofa ag an bhanna féin, agus is cinnte go gcuirfidh a rithim shultmhar breis éisteoirí ina dtreo.

Saol faoin bhFód – Fiach

Is cara mór de chuid na n-albam Ceol é Fiach agus cuireann an Baile Átha Cliathach amhrán eile cumhachtach os ár gcomhair an iarraidh seo.

Focail smaointeacha á mbualadh amach go láidir mar is gnáth, tá Fiach ag croílár ghluaisceacht an cheoil Ghaelaigh i gcónaí.

Reuben – Cathy Davey

Éagsúil, áthasach, preabach – tá lucht leanúna ag an amhrán Reuben cheana agus fóireann sé go mór d’albam na bliana seo.

Tá an séasúr geal ag teacht – tá súil againn – agus beidh an iontráil seo ó Iníon Davey á seinm faoi sholas ghrian an tsamhraidh, agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Tochailt Uaighe go Róluath – Duke Special

Tá stíl dá chuid féin ag an Fheirsteach Duke Special agus is sampla foirfe é an ceann seo dá fhuaim leithleach.

Ní hamháin gur amhrán breá bríomhar é ach cuireann sé go mór le héagsúlacht iontach an albaim. Speisialta.

Trí Bliana D’aois – Noelie McDonnell

Cnag eile ó dheireadh na bliana seo caite, tá aistriúchán glic déanta ar Nearly Four le ceoltóir seo na Gaillimhe a thagann go mór le hatmaisféar pléisiúrtha na mbunfhocal.

Taitneoidh sé go mór le haon duine a shíl riamh gur Batman nó Spiderman a bhí iontu, agus leo sin a shíleann fós chomh maith. Ar ais chun na bunáite, a Spideoig!

Seo mo Chuid, Taispeáin do Chuid – Paddy Casey

‘Rásúil’ an focal is mó a shamhlaítear le hiarracht nua-aimseartha seo Paddy Casey, é nasctha le chéile le curfá an-bheoga.

Seans go gcuirfidh an éifeacht a dhéantar ar an ghlór isteach ar roinnt daoine ach is maith an tUasal Ó Cathasaigh a fheiceáil ar ais ar bhailiúchán SnaG.

Click Click Boom – Ham Sandwich

Racóirí ailtéarnacha na Mí, Ham Sandwich, atá taobh thiar den rian seo agus tá fáilte le cur roimh a bhfuinneamh eicléictiúil.

Is binn an guth atá ag Niamh Farrell agus is amhrán muiníneach fiúnta a chuireann siad ar fáil dúinn anseo.

Silverize – Earthquake Hair

Seans nach seasann an traic seo amach an oiread sin i gcomparáid le hamhráin eile ar an albam ach is sultmhar an t-eispéireas éisteachta é.

Tá na focail teibí agus an fhuaim réchúiseach – cuirfidh sé éisteoirí ar a suaimhneas.

Trasna na gCianta – Caruso

Tháinig an t-amhrán seo aniar aduaidh orm, ach ar bhealach an-mhaith.

Le liricí spéisiúla agus glór leithleach Shane Uí Fhearghail, is leagan úr é Trasna na gCianta den amhrán Béarla Round the Hardway, agus tá sé níos fearr.

Ceann d’iontais deasa an albaim.

Dara hUair a Ghrá – Nell Bryden

Meascán Meiriceánach atá againn an uair seo ó bhean óg as an Úll Mór, Brooklyn le bheith beacht.

Na gormacha, snagcheol agus ceol tíre, tá sé uilig le cloisteáil sa traic bheoga seo le focail chliste ó thús deireadh. An dara huair aon duine?

Maireachtáil – Ray Heffernan

Is amhrán ‘buille anuas’ é seo ó cheoltóir-scríbhneoir a roinneann a chuid ama idir Éire agus an Iodáil.

Ní thaitneoidh an stíl cineál mall fuaimiúil le cách ach tá siad ann a bheas sásta a scíth a ligint ag éisteacht leis, ina n-aonar.

An Poc ar Buile – John Spillane

D’fhág siad an t-amhrán traidisiúnta go dtí an deireadh agus níl aon cheann níos fearr ná An Poc ar Buile leis an Speall é féin.

Ní gnáthleagan é seo áfach mar tá giotár Spillane á thionlacan ag pianó Pheadair Uí Riada agus tá glór sa bhreis ann fosta a bhuí le Seán Ó Sé. Aillilú puillilú…

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

#lnag – tar chun na gioltachta

Tags: , ,

#lnag – tar chun na gioltachta


 

lnagAr Lá ‘le Padraig na bliana seo beidh Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag freagairt na ceiste “cad atá á dhéanamh agat?” ar an láithreán líonraithe sóisialta, Twitter. 

Seolfar grianghrafanna, ‘tbhaoitfear’ cúpla focal agus roinnfear an chraic. Seo agat #lnag : Lá Twitter na Gaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge

Ach céard is Twitter ann? Go lom, séard atá ann ná uirlis ar líne a chuireann ar chumas úsáideóirí nótaí beaga 140 carachtar ar fhad a sheoladh, agus a ligeann do dhaoine eile na nótaí sin a leanúint. 

“Uafásach!” a chloisim. Agus ní mór dhom a admháil nach raibh aon ró-fhonn orm bacadh leis nuair a chuala trácht air an chéad lá riamh – gléas eile social notworking a ghoideas dríodar m’ama, agus fuílleach m’anama.

Síor-ghiolcaireacht, síor-nuashonrú: torann bán do-éalaithe. Tá’s agat féin:  táim ag ithe mo lóin; táim ag freagairt m’fhóin; bhí an rud suimiúil seo agam do mo bhricfeasta … 

Agus tá sé sin ann, dar ndóigh – ní haon mhaith é a shéanadh – ach tá sé furasta go leor é a scagadh amach. 

Tá rud eile ann, chomh maith, áfach: I mo ghnáthshaol oibrím le ceol, ealaíon, agus ríomhairí, agus ní chreidfeá an oiread eolais a fhaighim anois ar chuile cheann acu siúd tré giolcairí cuí a leanúint.

Gan trácht ar na seoda a sheolann mo dhlúth-chara @stephenfry go pearsanta chugam féin agus 200,000 leantóir nach mé.

twitter

BUNTÁISTE DON GHAEILGE

Anois, agus é á rá ag daoine cheana féin go bhfuil Twitter, like, choooomh 2008, feictear dhomsa go bhfuil fiúntas ann do lucht labhartha na Gaeilge.

Tá sé thar a bheith éasca comhluadar idirnáisiúnta neamhfhoirmealta Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt. 

Go deimhin tá a leithéid ar an saol agus ina mhion-óige cheana againn; ‘An Ghioltacht’ baistithe go cliste ag @eamonj agus @ocuile air.

Tá na liostaí ríomhphoist ann cinnte (Gaeilge-a, Gaeilge-b, fóram 7rl), agus buíochas le Berners-Lee go bhfuilid – bainim féin an-úsáid astu agus bíonn a mbaill iontach cabhrach.

Ach níl áit orthu sin ach don Ghaeilge mar ábhar. Ar na liostaí, pléitear an Ghaeilge, ach sa Ghioltacht, pléitear as Gaeilge, cuma faoin gcaighdeán. Cuma faoin gCaighdeán, fiú. 

Tá Facebook ann chomh maith, dar ndóigh, agus i bhfad níos mó Gaeilge air na laethannta seo. 

An clár féin fiú ar fáil anois as Gaeilge – rud a úsáidim anois, agus atá ar fheabhas. Nó ag feabhasú ar a laghad

Ar Twitter bheartaíos dhá chomhartha aitheantais – ceann Gaeilge agus ceann Béarla – agus áthas go ndearnadh, mar go bhfuil sé ag oibriú amach go breá. 

Tá se éasca léimt ó ainm ríomhchléite go hainm ríomhchleite eile. Agus feicim go bhfuil daoine eile anois a dhéanann amhlaidh. 

Réamh-réabhlóidín idirlín. Idir sinn.

FÁS NA GIOLTACHTA

Mar thoradh air sin go léir, mothaím go bhfuil aithne phearsanta á cur agam ar mhuintir na Gioltachta – gaol nár bhraitheas riamh, i bhfírinne, ar na liostaí r-phoist. 

Sin ráite, tá rud álainn ag titm amach de réir a chéile: tá ball nó dhó de na liostaí sin ag teacht chun na Gioltachta, agus faoi dheireadh, thig liom bualadh leis an duine fíorúil go fíor. 

Lig Scíth, más ea. Fág síos Gramadach na mBráithre agus Réchúrsa Gramadaí (m’aois á nochtadh agam ansin), agus bí linn do #lnag. 

Tar isteach. Tá’n fionn uisce go hálainn. Céard atá á dhéanamh agat, a chara?

Ciarán Ó Meachair


Rannóg: teicNótaí Tráchta (4)

Pics – seoladh SnaG

Tags: , , , , , , , ,

Pics – seoladh SnaG


ian-blathnaid ronan-aoibhinndeclanorfiach

Ón bharr: Ian Dempsey agus Bláthnaid Ní Chofaigh; Rónán Mac Aodha Bhuí agus Aoibhinn Ní Shuilleabháin; Declan O’Rourke le cuid den slua a bhí i láthair sa Button Factory; Fiach i mbun ceoil ar an ardán.

Grianghraif: David Fleming

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (4)

SnaG – seoladh sa button factory

Tags: , , , ,

SnaG – seoladh sa button factory


 

snag-webSeolfar Seachtain na Gaeilge 2009 sa Button Factory in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill, BÁC, amárach 25 Feabhra.

Blathnaid Ní Chofaigh agus Ian Dempsey a sheolfaidh an fhéile agus in éineacht leo beidh cuid de na ceolróirí a bheas le cloisteáil ar albam SnaG na bliana seo – Ceol ‘09 – Declan O’Rourke, Fiach, Saccade agus Pádraig Ó Sé ina measc.

Táthar ag cur baillchríche ar an albam faoi láthair agus seolfar é i mí Mhárta.

Ar na hamhráin atá san áireamh i mbliana tá Falling Slowly, a bhuaigh Oscar anuraidh don Amhrán Nua is Fearr, agus leagan Gaeilge d’amhrán iontach Mick Flannery, Tomorrow’s Papers.

Tá iontrálacha ann ó bheirt amhránaithe a bhfuil ardchlú bainte amach acu le tamall, mar atá Duke Special agus Cathy Davey agus beidh an Speall é féin, John Spillane, ann chomh maith lena leagan féin de An Poc ar Buille.

Beidh tuilleadh faoi Ceol ‘09 ar eagrán Márta nós* agus tosaíonn an chraic ar fad sa Button Factory ar 6in.

Tosóidh Seachtain na Gaeilge féin ar 2 Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh go 17 Márta.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (8)

Ceol ‘08 – albam sheachtain na gaeilge

Tags: , , ,

Ceol ‘08 – albam sheachtain na gaeilge


ceol-08Drochdhomhan Mór Álainn - Declan O’Rourke

Tá clú bainte amach ag an Ruarcach leis an leagan Béarla den amhrán seo agus cuireann an leagan Gaeilge tús fóirsteanach bríomhar le halbam na bliana seo. Tá draíocht faoi leith ag glór an Duibhlinnigh a chuireann splanc réchúiseach sa lucht éisteachta. Amhrán mór álainn.

Comhaireamh chun Codladh - Wallis Bird

Bíonn i gcónaí iontas nó dhó ar bhailiúcháin Sheachtain na Gaeilge agus seo ceann acu. Tá dóigh dá cuid féin ag an éan beag seo ach oibríonn a fuaim éagsúil lena línte gleoite – ‘thit mé thar fhocal a bhí os mo chomhair’ – le traic measartha láidir a chruthú sa deireadh.

Cailín na Gaillimhe - Mundy

Tá clasaic Steve Earle ar eolas againn ar fad agus beidh an-tóir chomh maith ar an iarracht iontach seo ó Mundy. Ceol tíre le mana, cuirfidh buillí agus rithim an amhráin do chosa ag bogadh gan aon amhras. Ceann de bhuaicphointí an albaim.

Sea Táim - Fiach

Bhí an-amhrán ag an leaid óg tallannach seo de chuid na Príomhchathrach ar Ceol ‘07 agus seo ceann maith uaidh arís. Tá an chumhacht sna focail an uair seo agus atmaisféar dáiríre á chur trasna aige faoi théama pearsanta. Tá an mianach ann.

Bunús ar Gach Uile Ní - Delorentos

Roc ailtéarnach an forte atá ag na Delorentos agus tá sampla cruinn dá stíl sa traic seo. Taitneoidh sé leis an ghlúin úrnua rocairí atá amuigh ansin ach níl an guth glan go leor le lánmharcanna a thabhairt dó.

Grian Gheal Lonrach - The Walls

Na giotáir agus na drumaí ag tús an amhráin seo a dhéanann so-aitheanta é agus is iontach go bhfuil leagan ar fáil anois inár dteanga féin. Ceann foirfe don aimsir mhaith a bheas againn sa samhradh (!), beidh an tiúin seo ag lonrú amach as raidiónna agus ipodanna Gaelacha ar fud na tíre.

Taibhsí nó Laochra - The Coronas

Cé nach bhfuil siad ar an fhód ach le dornán de bhlianta, tá fuinneamh forbartha aimsithe ag na Coronas atá le mothú san amhrán seo chomh maith. Tá doimhneacht mheallacach ann nach mbíonn le fáil go rómhinic agus is binn an glór atá ag an phríomhamhránaí, Danny O’Reilly. Tá sé ráite ag na Coronas nach bhfuil sé as an cheist go gcuirfeadh siad albam Gaeilge amach. Ar aghaidh libh a bhuachaillí!

Cailéideascóp - Dave Geraghty

Tá beocht dheas sa cheann seo ón Uasal Geraghty agus a chairde, é curtha le chéile go snasta ag ceoltóirí cumasacha. Seans nach bhfanfaidh an port féin leat chomh fada ná furasta le roinnt rianta eile ar an dlúthdhiosca ach tá aistriúchán Gabriel Rosenstock fileata amach.

Cruthaítear Éad - Tadhg Cooke

Amhrán néata é seo a bhfuil rithim éadroim leis. Is dócha nach cupán tae gach duine é ach is deacair locht a fháil ar an atmaisféar saghas broinglóideach a chruthaíonn sé.

Wickerman - Lir

Macalla ó na 90í é an ceann seo ón bhanna Lir, a raibh an-tóir orthu i measc lucht ceoil na mílaoise seo caite. Fuaim réchúiseach a bhí acu i gcónaí agus tagann sé trasna arís san aistriúchán Gaeilge seo ar Wickerman. Cuirfidh sé gliondar ar go leor go bhfuil traic acu ar an albam.

Oscail do Theorainn - Jack L

Téann guth draíochta an fhir seo as Cill Dara i bhfeidhm ar gach neach a éisteann leis agus tá an éifeacht chéanna san amhrán álainn seo. Ní hamháin gur tarraingteach an ceol é ach tá focail an traic breá cumhachtach chomh maith.

Taibhse - Luan Parle

Buaic eile an albaim é an iarracht ghalánta seo ó bhean óg atá i ndiaidh moladh mór a thuilleadh ó chriticeoirí i gcóngar agus i gcéin. Aistrithe go deas ag Traic Ó Braonáin, gnáthóidh an taibhse áirithe seo go ceann i bhfad thú, agus cuirfidh tú fáilte mhór roimpi.

An Dragún - The Guggenheim Grotto

Tá fuaim iontach ag na boic seo a bhfuil lucht leanúna acu ní hamháin in Éirinn ach i SAM chomh maith. Is aislingeach amach an ceol a chuireann siad ar fáil agus bainfear sult as bheith ag tógáil go bog é ag éisteacht leis an cheann seo.

Mo Ghrá Geal - Gavin Glass

Is iad na buillí Meiriceánacha a chuireann le tarraingt an amhráin seo ó cheoltóir atá gnóthach ar an turas Éireannach le tamall anuas. Oibríonn an port leis na focail, a chantar go séimh, le toradh maith a chruthú.

Fill Fill a Rún Ó - Dingle White Females

Amhrán tromchúiseach traidisiúnta curtha i láthair go gleoite ag na sárcheoltóirí Pauline Scanlon agus Éilís Kennedy. Níl mórán ar an albam as taobh amuigh de cheantar na Príomhchathrach agus cuireann mná seo an Daingin – a bhfuil Donagh Hennessy á dtionlacan ar an ghiotár – go mór leis an bhailiúchán iomlán.

Ar Shiúl go Rinn Spáinneach - Slide

Banna cumasach lán le ceoltóirí den chéad scoth, is traic an-deas é seo, cumtha agus aistrithe acu féin. Andrew Murray atá i mbun na bhfocal agus nascann a ghlór go réidh leis an fhuaim iomlán. Táthar ag súil le tuilleadh ábhar Gaeilge ó Slide.

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here