nós* » nós*

Rory Gallagher – the essential rory gallagher
Díolaim chuimsitheach de shaothar ‘Cheoltóir na gCeoltóirí’ is ea an t-albam dúbailte seo ón tsraith The Essential de chuid Sony BMG.

Mar a chuirtear in iúl ó theideal na sraithe, is albam riachtanach é seo do lucht leanúna rac nach bhfuil ábhar ceoil acu ón ngiotáraí rac/gormacha is fearr a d’eascair as Éirinn riamh.

Spreagfaidh sé éisteoirí le tuilleadh dá chuid ceoil a cheannach: leagtar amach na halbaim as ar tógadh na hamhráin ar gcúl an chlúdaigh.

Léiríonn an t-albam go maith an réimse leathan ceoil atá ar fáil ón gCorcaíoch aitheanta seo (de bhunadh Dhún na nGall). Is rogha maith é an chéad amhrán Follow Me chun an t-éisteoir a mhealladh isteach san albam, cordaí corraitheacha mar réamhrá air a chuirfidh príomh-ghiotár dúbailte Thin Lizzy i gcuimhne duit ar uairibh. Cloistear fuaimeanna Thin Lizzy arís in Philby, cé nach Phil Lynott atá i gceist san amhrán ach spiaire an KGB Kim Philby.

Bainfidh an t-éisteoir sult as Bought & Sold, Laundromat agus In Your Town, amhráin ghormacha mar chruthú gléineach ar a dhlúithe is atá a ghrúpa taca i dtéarmaí rithime agus uirlisí ceoil ag comhlánú a chéile. Níos fearr fós tá They Don’t Make Them Like You Anymore. Cé nach dtaitníonn mórán snagcheoil liom, tá sé soiléir tar éis éisteacht leis an amhrán seo nárbh fhéadfaí Gallagher a shrianadh le haon chatagóir cheoil amháin, mar aon le saineolas a ghrúpa ar a gceird a chur in iúl.

Shílfeá nach bhfuil ach tallann giotáir leictrigh ag Gallagher, amhráin ar nós Crest of a Wave, Bad Penny, I Could’ve Had Religion agus Bullfrog Blues mar shampla, ach ní fhéadfaí an t-albam a chur amach gan leithéidí As The Crow Flies agus Barley & Grape Rag, amhráin a thugann deis dó a chlisteacht ar an ngiotár fuaimiúil agus ar an sliodghiotár a thaispeáint.

Aithníonn go leor ceoltóirí go raibh Rory Gallagher mar thionchar ar a gcuid ceoil, ceoltóirí ar nós Eric Clapton, Brian May ó Queen, Jimmy Page ó Led Zeppellin, Gary Moore (iarghiotáraí le Thin Lizzy), Johnny Marr ó The Smiths, agus tá meas faighte aige ó Bob Dylan, U2, Rolling Stones agus Van Morrison.

An t-aon locht a bhfaighinn ar an díolaim ná a laghad amhrán beo atá ann: cúig amhrán as 28. Deireadh Rory féin gurbh fhearr leis a chuid amhrán beo agus is beag duine nach n-aontódh leis. É sin ráite, bheinn ag súil leis go gceannódh an t-éisteoir nua Live In Europe nó Irish Tour díreach tar éis éisteacht leis seo.

Mar albam ‘réamhrá’ do Gallagher, tá a sprioc bainte amach go díreach aige.

Félim Borland