Clibeanna: "nuacht nós*"

T-léinte nós* ar fáil!

Tags: , , ,

T-léinte nós* ar fáil!


t-leine-gormAgus an samhradh beagnach linn, cheap muidne anseo ag nós* go mbeadh sé deas roinnt t-léinte fionnuara a dhearadh agus a chur ar fáil daoibhse, ár léitheoirí.

Shíl muid chomh maith go bhféadfadh sibhse cabhrú linn ag an am céanna chun tuilleadh síntiús a thabhairt isteach agus chun cur leis an iris.

An bealach chun ceann de na t-léinte snasta Gaelacha seo a fháil mar sin ná tú féin agus beirt chara leat a shíniú suas le haghaidh síntiúis.

t-leine-bandeargNíl le déanamh agat ag d’ainm féin, agus ainmneacha dhá chara a fuair tú le síntiús a cheannach, a chur chuig eolas@nosmag.com agus gheobhaidh tú do rogha t-léine stílmhar!

Tá buntáiste agat ar ndóigh má tá síntiús agat cheana agus, ó tharla nach bhfuil ach 100 t-léine le fáil, is fearr dul i mbun aicsin láithreach.

Bainfidh tú féin, agus muidne, táirbhe as!

Rannóg: blog nós*, stíl & beathaNótaí Tráchta (3)

Eagrán 10 srl.

Tags:

Eagrán 10 srl.


cludach-10Bhuel tá eagrán uimhir 10 – sea, tá muid i bhfigiúir dhúbailte! – amuigh agus léite ag ár síntiúsóirí cheana!

San eisiúint seo tá agallamh leis an gceoltóir óg nuálach Daithí Ó Drónaí, léirmheas ar albam nua Bob Dylan, réamhbhlaiseadh ar an fhéile cheoil Exit sa tSeirbia, pictiúir ó scannán úr Star Trek, faisean ón Ibéir, eolas faoin leabhar Do Ghairm Le Gaeilge, tuairisc ón Camino de Santiago, filleadh an Chailín sa Chathair, léargas ar Lá ANZAC, an Seanduine Liath agus léirmheas ar an chluiche ríomhaireacht Empire: Total War… agus sin díreach cuid de!

Beidh ábhar an eagráin chlóite seo le fáil ar nosmag.com ag deireadh na míosa agus idir an dá linn beidh tú in ann eagrán mhí Aibreáin a léamh ar an mbreathnóir issuu anseo agus, ar ndóigh, cuirfear scéaltaí eile suas ar an suíomh i rith an ama.

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (2)

nós* san iomaíocht!

Tags: , , , , ,

nós* san iomaíocht!


D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta le haghaidh na nGradam Cumarsáide Gaeilge inniu agus tá áthas orainn a rá go bhfuil 3 ainmniúchán faighte ag nós*.

Gradaim bhliantúla iad seo a thugann aitheantas do na láithreoirí teilifíse agus raidió, iriseoirí agus aisteoirí a bhfuil éacht bainte amach acu sna meáin chumarsáide le linn 2008 agus tá réimse leathan pearsantachtaí agus cláracha san iomaíocht sna rannóga éagsúla arís i mbliana.

Tá Eagarthóir nós*, Tomaí Ó Conghaile, ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’, mar aon le Teicneolaí nós*, Diarmuid Ó Muirgheasa, agus tá ár n-aoi speisialta féin, An Cailín sa Chathair, luaite sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’.

Is léir go bhfuil ábhar, dearadh agus obair iomlán nós* ag dul i bhfeidhm ar an saol mór agus tá an fhoireann ar fad ag súil go mór leis an ócáid bhronnta, a bheas ar siúl i dTeach Farmleigh, BÁC, Dé hAoine 22 Bealtaine 2009.

Seo thíos an gearrliosta iomlán:

1. CLÁR/SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An GAA @ 125 Bliain (TG4)
In the Name of the Fada (RTÉ)
Scannal (RTÉ)
Seacht (TG4 & BBC TÉ)

2. PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Dáithí Ó Sé (TG4)
Dara Ó Cinnéide (Seó Spóirt – TG4)
Páidí Ó Lionaird (TG4)
Seán Mac an tSíthigh (Nuacht TG4)

3. AISTEOIR NA BLIANA
Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)
Linda Bhreathnach (Seacht)
Mac Dara Ó Flatharta (Ros na Rún)
Michelle Beamish (Seacht)

4. CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA
Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Blas (BBC Raidió Uladh)
Na Giollaí Deacra (Raidio Fáilte)
Pop Nuacht (Raidió Rí-Rá)
Rónán Beo @ 3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

5. PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Daragh Ó Tuama (Newstalk)
Eibhlín Ní Chonghaile (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte)
Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Miriam Maher (Raidió Rí-Rá)

6. CLÓ: IRISEOIR NA BLIANA
Diarmuid Ó Muirgheasa (Nós*)
Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)
Máirtín Ó Catháin (Foinse)
Pól Ó Muirí (Irish Times/Comhar)
Tomaí Ó Conghaile (Nós*/Nuacht 24)

7. CLÓ: COLÚNAÍ NA BLIANA
An Chailín sa Chathair (Nós*)
Cathal Mac Coille (Foinse)
Concubhair Ó Liatháin (iGaeilge)
Mac Dara Mac Donncha (Foinse)

8. BUAIC GHRADAM CUMARSÁIDE
Antaine Ó Donnaile (BBC Thuaisceart Éireann)
Bob Collins (RTÉ/TG4/Eile)
Eoghan Ó Néill (Lá/An Druma Mór/Blas)
Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (6)

Eagrán Aibreáin, Físeáin…

Tags: , ,

Eagrán Aibreáin, Físeáin…


cover-9Bhuel tá Seachtain na Gaeilge thart go ceann bliana eile, agus má d’éirigh leat theacht tríd go slán sábháilte, tá féasta fuaime i ndán duit ar nós* na míosa seo.

Uimhir 1 ar an liosta ar ndóigh ná albam iontach SnaG, Ceol 09, agus tá ceann do gach duine sa lucht féachana! Níl i ndáiríre ach tá deis agat cóip a bhuachan inár gcomórtas anseo.

Tá leideanna úsáideacha ag Gael glórmhar Seattle faoi conas do chuid cheoil féin a chur ar fáil ar leithéidí iTunes agus tá spléachadh againn chomh maith ar cad a bhí ag dul ar aghaidh ar chúl an ardáin ag na gradaim Meteor.

Bhí céadfaí uile ár ngrianghrafadóra faoi ionsaí nuair a thug sí cuairt ar an India agus faigheann muid amach go bhfuil agóidí ar son athraithe le cloisteáil go hard i mBurma go fóill.

Tá sé sin ar fad agus tuilleadh le léamh in Eagrán 9 atá ar fáil anois, mar sin ceannaigh cóip inniu nó, níos fearr fós, faigh síntiús duit féin!

Agus munar éirigh leat leagan clóite de Eagrán 8 a fháil, tá sé ar fáil le léamh anois ar an bhreathnóir issuu anseo.

Ar a bharr sin tá rannóg nua ‘Físeáin’ againn ina mbeidh cuid de na gearrthóga Gaeilge is fearr ar líne le feiceáil agus, amach anseo, tá súil againn ár bhfíseáin speisialta féin a thaispeaint chomh maith.

An leor sin don mhí seo? ;-)

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (5)

Breithlá nós* & Eagrán 8

Tags: ,

Breithlá nós* & Eagrán 8


 

nos8Nuair a cuireadh an chéad eagrán den iris seo ar líne ar 17 Márta 2008, ní raibh a fhios againn cad é a bhí i ndán don togra.

An meallfaí na léitheoirí? An bhfanfadh na scríbhneoirí? Cén chuma a bheadh ar nós* i gceann bliana?

Bhuel 12 mí ar aghaidh tá áthas orainn a rá gur cruthaíodh pobal léitheoireachta (agus é ag méadú i gcónaí), gur cuireadh leis an fhoireann agus go bhfuil cuma bhreá ar an iris (cé go ndeir muid féin é!). 

Chun ár gcéad bhreithlá seo a cheiliúradh tá eagrán eile clóite réidh le seoladh amach chuig ár síntiúsóirí agus le cur ar sheilfeanna ar fud na tíre.

Mar a bheifeá ag súil, tá blas láidir SnaG ar Eagrán 8 agus tá liosta lán imeachtaí againn d’ócáidí éagsúla a bheas ag titim amach le linn na míosa. Istigh ann chomh maith tá:

  • Réamhbhlaiseadh ar CEOL ‘09
  • Léirmheasanna albam – Van Morrison, The Prodigy
  • Léirmheasanna scannáin – Role Models, Watchmen
  • Sraitheanna teilifíse – The Flight of the Conchords, Na Baillitheoirí Ceoil
  • Gné-alt ar Hunger
  • Córas Oibriúcháin Ubuntu v Windows Vista
  • Teilifíseáin Ardghléine/HD
  • Lá Twitter na Gaeilge 17.03.09
  • The Token
  • An Seanduine Liath
  • Cuairt ar Bharraigh #2
  • Tinte na hAstráile
  • Comórtas Gaeltachta Ghael Linn

Agus muna leor sin daoibh, tá an suíomh úrnua ar bhfuil sibh faoi láthair faoi lán seoil anois le neart rudaí deasa a chuireann go mór le heispéireas iomlán nós*.

Beidh scéaltaí nua le léamh ar nosmag.com ar bhonn rialta – agus ábhar iomlán Eagrán 8 le fáil anseo ar an mhí seo chugainn – ach is é an t-aon bhealach le scéaltaí agus dearadh an leagain chlóite a bhlaiseadh ina iomlán díreach anois ná síntiús a ghlacadh amach nó cóip a phiocadh suas sna siopaí.

Mar sin bigí linn ar an turas – cá bhfios cá rachaimid?!

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (20)

Fáilte!

Tags: ,

Fáilte!


Fáilte romhaibh chuig suíomh úrnua nós*, an iris Ghaeilge is snasta agus is úire ar an mbloc.

Tá beagnach bliain ann ó seoladh nós* ar líne agus is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin i leith.

Ní hamháin go bhfuil iris chlóite ag teacht amach anois gach mí ach le forbairt nosmag.com tá tairseach iontach ilmheáin ag ár léitheoirí chun an nuacht is déanaí ó shaol an cheoil, an scáileáin, na teicneolaíochta, na stíle agus eile a fháil ar bhonn rialta.

Tá ábhar ó na hiar-eagráin, agus ábhar nua, á chur ar an suíomh úrnua de réir a chéile agus beidh sé faoin lán seoil roimh Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta.

Idir an dá linn is féidir dul i taithí ar ár mbaile nua agus sult a bhaint as a bhfuil anseo faoi láthair.

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (6)

Advertise Here
Advertise Here