nós* » nós*

Nòs Ùr 09 – iomaitheoirí ceannais
Tá deich n-iomaitheoir roghnaithe chun páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais an chomórtais cheoil, Nòs Ùr, a bheas ar siúl in Inbhir Nis na hAlban i mí an Mheithimh.

Comórtas d’amhráin nua-chumtha sna teangacha Ceilteacha – chomh maith leis an Albainis agus Albainis Uladh – atá i gceist le Nòs Ùr atá á reáchtáil don dara bliain as a chéile agus óna rachaidh an buaiteoir iomlán ar aghaidh chuig Liet, babhta ceannais na mionteangacha Eorpacha, san Ísiltír i mí Dheireadh Fómhair.

Tá na Gaeil san iomaíocht arís i mbliana le Fiach ag ceol ‘Sea Táim’ agus Enda Reilly le ‘Mol an Aimsir’, agus tá an ceoltóir as contae Aontroma, Malachy Duffin, a bhfuil neart amhrán Gaeilge déanta aige, ag canadh in Albainis Uladh an babhta seo chomh maith.

Bidh Sunrise Not Secular, Mary Ann Kennedy agus Na Gathan – còmhlan a bheil sgrìobhadair nós*, Tim Armstrong, ann – a’ gabhail òran ann an Gàidhlig.

“Bhí líon agus éagsúlacht na n-iarratas iontach ar fad,” arsa Brian Ó hEadhra, eagraí Nòs Ùr.

“Fuair muid amhráin i nGaeilge na hAlban agus na hÉireann, Albainis, Albainis Uladh, Breatnais, Coirnis agus Briotáinis.

“Síleann daoine go minic go gcaithfidh amhráin sna teangacha seo bheith traidisiúnta ach tugann an comórtas seo dúshlán an dearcaidh sin. Tá gach cineál stíl cheoil sa bhabhta ceannais – rac, pop, rap agus fuaimiúil – ó cheoltóirí agus bannaí as gach cuid de na réigiúin Cheilteacha agus Albanacha.

“Duine ar bith a bheas ann ar an oíche, rachaidh an ceol agus gairmiúlacht na gceoltóirí go mór i bhfeidhm orthu – is cinnte go bhfuil sé chomh maith céanna leis an Eurovision nó an X Factor!”

Beidh an chraobh cheannais ar siúl 20 Meitheamh – tá sé saor in aisce do dhaoine faoi 16 – agus is iad saineolaithe ceoil agus an pobal féin a dhéanfaidh an vótáil ar an oíche.

Seo a leanas iomaitheoirí Nòs Ùr 2009:

Àdhamh MacLeòid; Jist The Grain (Scots)

Fiach; Sea Táim (Gaeilge)

Iwan B; Fulenn (Brezhoneg)

Malachy Duffin; I Dinnay Gie a Hoot (Hamely Tongue)

Mary Ann Kennedy; Mise Fhuair (Gàidhlig)

Na Gathan; Claigeann Damien Hirst (Gàidhlig)

Phile Innes & Josie Boucharde; Kernewek Ov Vy (Kernewek)

Sunrise Not Secular; Lasair An t-Oidhche (Gàidhlig)

Masters in France; Y Rhai Gwyllt (Cymraeg)

Enda Reilly; Mol an Aimsir (Gaeilge)

Is féidir na hamhráin ar fad a chloisteáil ar www.myspace.com/nosur agus tá breis eolais faoin chomórtas le fáil ag www.nos-ur.eu