Clibeanna: "léirmheas ceoil"

Pentatonik – A Thousand Paper Cranes

Tags: , ,

Pentatonik – A Thousand Paper Cranes


Pentatonik-CDNuair a bhí leithéidí Aphex Twin agus Autechre ag déanamh ath-shreangaithe ar a dtrealamh ceoil ag tús na nóchaidí chun ceol éisteachta na todhchaí a sholáthar don nglúin rave, bhí léiritheoirí mar Global Communications agus Simeon Bowring (Pentatonik) ag baint úsáide as a n-oiliúint chlasaiceach chun droichead a thógaint idir an ceol clasaiceach agus cultúr rince na gclubanna.

De réir a chéile d’fhág Bowring an t-urlár rince ina dhiaidh agus é ag druidim níos faide an t-am ar fad i dtreo stíl aimbiach siansach leithéidí Brian Eno, Ryuchi Sakamota agus Vangelis.

Dearbhaíonn A Thousand Paper Cranes go bhfuil an mheiteamorfóis curtha ag Bowring.

Ba scéal Sadako Sasaki príomh-inspioráid Bowring agus A Thousand Paper Cranes á chumadh aige.

Ba chailín dhá bhliain déag d’aois í a fuair bás de dheasca H-bhuama.

Do chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh.

Níor éirigh léi an méid sin a chur i gcrích, ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: “I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world”.

Sea, is albam frith-chogaidh Paper Cranes, saothar lán de shiansaí searbh-milis a insíonn an dá thaobh den saol in aimsir chogaidh; scéin agus úafás, gan dabht, ach crógacht agus lándícheall in aghaidh an anfa chomh maith.

“Chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh. Níor éirigh léi ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: ‘I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world’.”

Ceol a spreagan na mothúcháin agus a chruthaíonn íomhánna láidre físiúla. Is ó na haer-ruathair ar Londain sna daichidí a fuair Bowring a chuid inspioráide do Night Raids On London, mar shampla, agus, chun an ceart a thabhairt dó, tá atmaisféar agus íomhá shonraíoch a bhaineann leis na heachtraí úd le brath sa phíosa ceoil.

Tá sé deacair i gcás By The Sword gan comparáid a dhéanamh le téama cáiliúil Ryuchi Sakamoto don scannán Merry Christmas Mr. Lawrence, ach nach í an aithris an plámás is milse?

Ní gá do Bowring a thuilleadh ama a chur amú ar aithrisí, le Paper Cranes tá a áit taobh leis na máistrí gnóthaithe go maith aige.

Má thaithin sé seo leat bain triall as… Ryuchi Sakamoto – Merry Christmas Mr. Lawrence (Virgin) nó Brian Eno – Apollo – Atmospheres and Soundtracks (EG)

Ben Ó Faoláin

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

White Denim – fits

Tags: , ,

White Denim – fits


“Rock ‘n’ roll is a fixation, that bom bom bom bom bom – mama’s heartbeat. I don’t like hypnotics. I’m doing a non-hypnotic music to break up the catatonic state.” Captain Beefheart

Tá tuairim is caoga bliain ann ó bunaíodh an rud a dtugaimid rac-cheol air (le heisiúint ‘The Fat Man Blues’ Fats Domino in 1950, meastar).
Cá bhfuil ár dtriall anois?

In ainneoin na bhforbairtí do-áirithe atá tarlaithe sa cheol san achar sin ama, is deacair diúltiú don dtuairim gur féin-scigaithris náireach é rac-cheol na linne seo (ach go háirithe agus buachaillí críonna mar Jagger agus Bono fós ag stabháil thart ar stáitsí na cruinne).

Is féidir cás a dhéanamh d’amhráin mhóra epiciúla leithéidí Arcade Fire agus Doves, b’fhéidir, ach is mothúcháin éadóchais, aiféala, agus imní bunús le formhór a gcuid amhrán, in ionad na dúile dainséaraí sponcaí a bhí mar bhun-thré rac-cheoil ar an gcéad lá.

Is cuma na hiarrachtaí déanta ag grúpaí art-rock mar Deerhoof, Animal Collective agus Battles chun rac-cheol a stiúradh go huiscí nua, is annamh a gcuid ceoil chomh tarraingteach leis na smaointí ardnósacha atá mar bhunús leis.

Is fearr é an rac-cheol agus é a chleachtadh ag ceoltóirí faoi bhun triocha bliain d’aois, a bhfuil smacht éigin ar a n-úirlisí ceol acu (mo leathscéal leis an dream punk!), agus, thar aon rud eile, a bhfuil teaspach te agus fonn racáil orthu – an Jerry Lee Lewis óg, Black Sabbath in ’70, Led Zeppelin in ’71, Guns N’Roses in ‘87 ,The Pixies in ’89 agus White Denim in 2009.

white-denim-fitsAgus ambaiste ach go bhfuil fonn racála ar an dtríreád seo as Austin, Texas, ar a ndara halbam, Fits (Full Time Hobby). Fonn chomh láidir sin go n-éiriónn leo dhá nó trí phasáistí ceoil a bhrú isteach i bhformhór na rianta ar an albam.

Más fíor é nach bhfuil aon rud ‘nua’ le clos anseo, tá fiúntas ar leith ag baint leis an tslí a n-éiríonn le White Denim aon-chorp a dheanamh d’eilimintí hard-rock na seachtóidí, art-rock Can agus Captain Beefheart, ceol tropicalia na Braisíle agus indie-rock na linne seo.

Is buíochas mór le drumadóireacht chruinn, spleodrach, ilmhianach Josh Block go n-éiríonn leis an ngrúpa amlaidh a dhéanamh ar bhealach chomh slachtmhar.

Tuairgneáil mhearlámhach atá sa cheád chúig amhrán, ach is ionsaí é a bhfuil ciall leis mar shraith cheoil agus i gcómhthéacs an tsaothair ina iomlán.

As sin amach tagann miolliú ar chursaí, White Denim ag díriú níos mó ar ghnáth-amhráin seachas diúracáin cheoil, iad ag deanamh mórtheaspántais dá n-aclaíocht agus dá ngliceas mar rockers óga, ar nós coileach péacóige faoi éastras.

Tá an ceart ar fad acu.

Sibhse atá réidh chun racáil, seo dhaoibh White Denim!

Ben Ó Faoláin

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Neil Young – fork in the road

Tags: , , ,

Neil Young – fork in the road


forkintheroadIontas na n-iontas, ceirnín úr nua eile ón Cheanadach Neil Young, in áit, ar ndóigh, a chuid “archives” atá geallta le cúpla bliain anuas.

Fork in the Road atá air, deich de rianta ina bhfuil muid ag bualadh an bhóthair arís ar thuras eile timpeall na Stát Aontaithe lenár sean-Uncail Neil.

Beagán den chúlra ar dtús báire, muna miste libh.

Tá Young gafa go mór lena chuid gluaisteán, mar is eol dúinn (caith súil tapaigh ar leagan amach a shuímh idirlín, má tá cruthúnas uait) agus tá sé ag obair anois le tamall ag athrú a 1959 Lincoln Continental, ionas go mbeidh sé in ann rith ar fhuinneamh malartach amháin.

LincVolt a thugann sé air, agus déanfar clár faisnéise as an chéad turas a dhéanfaidh sé leis, go dtí Washington D.C., chun caint leis na boic mhóra ansin.
Sin scéal an albaim, agus is é an sprioc atá taobh thiar de ná spreagadh a thabhairt don chéad ghlúin eile chun rud éigin mar seo a dhéanamh, ar mhaithe leis an dtimpeallacht.

Cuireann Young deich n-amhrán inár láthair, rac-rianta don chuid is mó, le fuaim atá callánach agus beagán salach uaireanta (an sórt stuif a chuirfeadh a shean-cheirnín Tonight’s The Tonight i gcuimhne duit).

Shamhlófá nár cuireadh an iomarca ama isteach san albam, agus is dóigh gur chum agus gur thaifead sé gach amhrán go tapaigh leis an mbanna atá ar chamchuairt leis faoi láthair.

Ó thaobh na liricí de, tá siad an-díreach, lom agus simplí go leor – úsáideann sé gach rian chun trácht a dhéanamh ar chúrsaí na tíre, agus an domhain araon.
Déanann sé nasc soiléir idir na deacrachtaí a thugann sé faoi deara agus an gá modhanna nua níos glaine a chruthú.

Is léir go bhfuil seisean den tuairim go bhfuil sé thar am rud a dhéanamh faoin ábhar seo, agus is é sin an dúshlán a chuireann sé romhainn. Tá sé sách soiléir ón tús gurb í an teachtaireacht an ní is tábhachtaí an babhta seo, agus tagann an ceol isteach sa dara háit.

Tá an giotár leictreach amuigh aige ar gach rian seachas ceann amháin, ag tosú le When Worlds Collide agus Fuel Line, agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an rian aithnidiúil Just Singing a Song, ceann atá á chasadh go beo aige le tamall.

Cloistear téama an albaim go soiléir i gcurfá an amhráin seo (“Just singing this song won’t change the world”), an sean-idéalaí féin ag admháil nach leor an ceol amháin chun cúrsaí an tsaoil a fheabhsú.

Tá na smaointí agus an dúil cheart ag an chuid is mó againn, ach ní leor é seo. Caithfimid rud a dhéanamh leo. Beart de réir briathar. Ach tá dearcadh dearfach agus dóchasach ag baint leis fós, agus Young ag léiriú go bhfuil muinín aige asainn go léir, é féin san áireamh.

San amhrán Johnny Magic, cloisimid rac-cheol díreach agus dearfach arís, le Young ag canadh faoin LincVolt agus a thuras go príomhchathair na tíre. Tá nimh ina chuid focal anois is arís gan dabht, agus é ag tabhairt íde béil do na polaiteoirí faoin phraiseach atá déanta acu de chúrsaí airgid an domhain.

Fanann an géarchéim eacnamaíochta mar chúlra tríd an cheirnín ar fad. Cé go bhfuil fearg air, is léir go bhfuil Young sách sásta dul i ngleic le fadhbanna an domhain, agus go bhfuil sé ag baint suilt nach beag as a chuid iarrachtaí féin.

Ar Cough Up the Bucks, amhrán leictreach eile, canann Young focail an teidil arís agus arís, sula dtosaíonn sé ag ceistiú “Where did all the money go?” Trácht shóisialta atá ann arís, ar rud atá fós ina ábhar imní do chách.

Amhrán níos moille agus ciúine é Off the Road, le curfá álainn ina mbaintear úsáid dheas as armóiní.

Ceann séimh atá ann, ina dtugtar sos dúinn ó thromchúis an ábhair, agus is féidir sult a bhaint as na híomhánna a chuireann sé i láthair sna liricí.

Buailtear an bóthar arís le Hit the Road, ceann eile ina bpléann sé an gá le fuinneamh ceart a úsáid.

Piocann Young suas an giotár fuaimiúil don chéad uair ar Light a Candle, bailéad ciúin i stíl seanaimseartha Young, le blas an cheoil tuaithe.

Seasann an ceann seo ar an leibhéal céanna le haon cheann de na sean-amhráin atá aige sa stíl seo, mar shampla rudaí ar Harvest Moon nó Harvest. Tá dearfacht sna focail arís, agus é ag rá nár leor dúinn a bheith ag gearán faoi rudaí, ach caithfimid rud dearfach a dhéanamh.

Críochnaíonn sé le Fork in the Road, rac-amhrán eile ina bhfilleann Young ar an ionsaí ar dhrochrudaí an lae – an géarchéim airgeadais (“There’s a bailout coming but it’s not for me”), na baincéirí agus an cogadh.

Tá réalachas le cloisteáil arís (“I got hope, but you can’t eat hope”), teachtaireacht a thosaigh thiar ar Just Singing a Song.

Ar an iomlán, is iomaí rud atá bainte amach ag Young thar na blianta, ach is léir nach bhfuil sé den bharúil go bhfuil rud ar bith le cruthú aige. Má tá locht le fáil ann, mar thoradh, níl an ceol ró-chasta nó ró-trialach ar chor ar bith. Tá sé simplí agus taitneamhach, ach beagán leadránach.

Faigheann an teachtaireacht an ceann is fearr ar an gceol, gan dabht, ach tuigtear dúinn nach bhfuil ar an gceol amháin atá intinn Young dírithe.

Seans maith nach rachaidh Fork in the Road go mór i gcion ar na gcriticí. An dóigh leat go mbeidh sé buartha faoi?

Anthony Kenny

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Bob Dylan – together through life

Tags: , ,

Bob Dylan – together through life


bob-dylan-together-through-life-album-artChuir an tUasal Dylan, an seanfhondúir ceoil sin nach bhfuil aon réamhrá de dhíth air, an t-albam is úire seo le chéile le linn dó bheith ar an bhóthar ar na mallaibh, agus tá a lorg sin le cluinstin air go dtí pointe.

Níos éadroime agus gealgháirí ná an t-albam a tháinig amach roimhe seo, Modern Times, níl aon amhras go bhfuil Together Through Life píosa beag scaoilte ach tá sé fuinniúil go leor ag an am céanna, cáilíocht nach raibh ag gach eisiúint dá chuid thar na blianta.

10 n-amhrán san iomlán, tá na traiceanna ar fad scríofa go cumasach mar is gnáth – le cabhair ó Robert Hunter, a d’oibrigh le Dylan roimhe cheana – agus curtha i láthair ar bhealach simplí ach measartha éifeachtach.

Tagann an ceol le chéile gan stró, rud a léiríonn cumas agus compord bhanna Dylan, agus tá macallaí na ngormacha measctha isteach le rock & roll agus fiú bailéid mhóra an ghrá. D’fhéadfá a rá go bhfuil an grá mar théama tríd an albam síos ach tá an greann le mothú ann chomh maith – go háirithe san amhrán My Wife’s Home Town – agus cuireann bosca ceoil David Hidalgo de chuid Los Lobos leis an atmaisféar réchúiseach siamsúil atá ag an saothar iomlán.

Is léir fosta go bhfuil an ceoltóir laochúil – a bheas 68 an mhí seo – go fóill ag baint taitnimh as an ‘obair’, é ag ceol leis le sórt paisean ar Jolene agus le fuinneamh de shaghas éigin eile ar This Dream Of You.

Tá blas éigin Francach fiú ar Life Is Hard agus cé go bhfuil mórchuid na n-amhrán suite nó bunaithe ar an am a chuaigh thart, is fíor fosta go bhfuil brí agus spriorad an albaim sa lá atá inniu ann. Agus níl aon sampla níos fearr de sin le fáil ná sna línte sách comhaimseartha san amhrán deiridh, ina ndeir Dylan “it’s all good” go minic tríd.

Cé nach sárshaothar é seo atá curtha amach aige, ná baol air, d’fhéadfá an ráiteas sin thuas a úsáid faoin albam ar fad.

RG Cuan

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Ceol ‘09 – albam SnaG

Tags: , ,

Ceol ‘09 – albam SnaG


ceol-09-cdGrá dom Leonadh - The Swell Season

Is léiriú é ar an dul chun cinn atá déanta ag ceol Gaelach le tamall de bhlianta anuas nuair a osclaítear albam Sheachtain na Gaeilge le hamhrán a bhuaigh Oscar, agus abair amhrán.

Bhain Glen Hansard agus Markéta Irglová na ceannlínte domhanda amach anuraidh leis an leagan Béarla den cheann seo Falling Slowly óna scannán Once agus tá sé iontach ar fad go bhfuil sé anois ar fáil inár dteanga féin. Amhrán galánta, aistrithe go snasta ag an uasal Mac Con Iomaire.

Foirfe - Eddie Reader

Siar linn chuig 1988 leis an traic seo a n-aithneoidh an domhan ar fad é, fiú muna bhfuil dúil ag cuid againn i gceol na n-ochtóidí.

Príomhamhránaí Fairground Attraction féin, Eddie Reader, atá ag canadh san amhrán agus tá moladh mór ag dul don Albanach as bheith sásta tabhairt faoi liricí Gaeilge.

Cuireann an port so-aitheanta gealgháireach seo go mór leis an bhailúchán.

Nuachtán an Lae Amárach – Mick Flannery

Ceann de na hamhráin is mó sa tír le sé mhí anuas, tá brí agus meanma faoi leith le cloisteáil in Tomorrow’s Paper leis an Chorcaíoch óg tallannach Mick Flannery, agus tá gach cuid de sin le fáil sa leagan seo chomh maith.

Níl a fhios agam cad a bheas le léamh in nuachtáin an lae ámarach ach tá a fhios agam go dtugann nós* marcanna arda d’uimhir 3.

Sna Bróga Seo – Camille O’Sullivan

Tá an saol Gaelach cleachta anois leis an Cabaret Craiceáilte ach seo cabaret de shórt éigin eile.

Is ceoltóir paiseanta de bhunadh na hÉireann agus na Fraince í Camille O’Sullivan (ar clé) agus tá an meacsán spleodrach sin le mothú anseo.

Gnéasúil agus tarraingteach, cruthaíonn sé seo gur féidir leis na Gaeil burlesque a dhéanamh gan stró. Anois cár chuir mé na riteoga sin?

Oinseach – Saccade

Tháinig Saccade faoi spotsolas phobal na Gaeilge ar dtús nuair a ghlac siad páirt sa chlár ceoil Deis Roc anuraidh agus is maith a fheiceáil go bhfuil siad ag leanúint leis an nós amhráin a chur amach i bpríomhtheanga na hirise seo.

Iarracht dheas pop-rac é seo, scríofa ag an bhanna féin, agus is cinnte go gcuirfidh a rithim shultmhar breis éisteoirí ina dtreo.

Saol faoin bhFód – Fiach

Is cara mór de chuid na n-albam Ceol é Fiach agus cuireann an Baile Átha Cliathach amhrán eile cumhachtach os ár gcomhair an iarraidh seo.

Focail smaointeacha á mbualadh amach go láidir mar is gnáth, tá Fiach ag croílár ghluaisceacht an cheoil Ghaelaigh i gcónaí.

Reuben – Cathy Davey

Éagsúil, áthasach, preabach – tá lucht leanúna ag an amhrán Reuben cheana agus fóireann sé go mór d’albam na bliana seo.

Tá an séasúr geal ag teacht – tá súil againn – agus beidh an iontráil seo ó Iníon Davey á seinm faoi sholas ghrian an tsamhraidh, agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Tochailt Uaighe go Róluath – Duke Special

Tá stíl dá chuid féin ag an Fheirsteach Duke Special agus is sampla foirfe é an ceann seo dá fhuaim leithleach.

Ní hamháin gur amhrán breá bríomhar é ach cuireann sé go mór le héagsúlacht iontach an albaim. Speisialta.

Trí Bliana D’aois – Noelie McDonnell

Cnag eile ó dheireadh na bliana seo caite, tá aistriúchán glic déanta ar Nearly Four le ceoltóir seo na Gaillimhe a thagann go mór le hatmaisféar pléisiúrtha na mbunfhocal.

Taitneoidh sé go mór le haon duine a shíl riamh gur Batman nó Spiderman a bhí iontu, agus leo sin a shíleann fós chomh maith. Ar ais chun na bunáite, a Spideoig!

Seo mo Chuid, Taispeáin do Chuid – Paddy Casey

‘Rásúil’ an focal is mó a shamhlaítear le hiarracht nua-aimseartha seo Paddy Casey, é nasctha le chéile le curfá an-bheoga.

Seans go gcuirfidh an éifeacht a dhéantar ar an ghlór isteach ar roinnt daoine ach is maith an tUasal Ó Cathasaigh a fheiceáil ar ais ar bhailiúchán SnaG.

Click Click Boom – Ham Sandwich

Racóirí ailtéarnacha na Mí, Ham Sandwich, atá taobh thiar den rian seo agus tá fáilte le cur roimh a bhfuinneamh eicléictiúil.

Is binn an guth atá ag Niamh Farrell agus is amhrán muiníneach fiúnta a chuireann siad ar fáil dúinn anseo.

Silverize – Earthquake Hair

Seans nach seasann an traic seo amach an oiread sin i gcomparáid le hamhráin eile ar an albam ach is sultmhar an t-eispéireas éisteachta é.

Tá na focail teibí agus an fhuaim réchúiseach – cuirfidh sé éisteoirí ar a suaimhneas.

Trasna na gCianta – Caruso

Tháinig an t-amhrán seo aniar aduaidh orm, ach ar bhealach an-mhaith.

Le liricí spéisiúla agus glór leithleach Shane Uí Fhearghail, is leagan úr é Trasna na gCianta den amhrán Béarla Round the Hardway, agus tá sé níos fearr.

Ceann d’iontais deasa an albaim.

Dara hUair a Ghrá – Nell Bryden

Meascán Meiriceánach atá againn an uair seo ó bhean óg as an Úll Mór, Brooklyn le bheith beacht.

Na gormacha, snagcheol agus ceol tíre, tá sé uilig le cloisteáil sa traic bheoga seo le focail chliste ó thús deireadh. An dara huair aon duine?

Maireachtáil – Ray Heffernan

Is amhrán ‘buille anuas’ é seo ó cheoltóir-scríbhneoir a roinneann a chuid ama idir Éire agus an Iodáil.

Ní thaitneoidh an stíl cineál mall fuaimiúil le cách ach tá siad ann a bheas sásta a scíth a ligint ag éisteacht leis, ina n-aonar.

An Poc ar Buile – John Spillane

D’fhág siad an t-amhrán traidisiúnta go dtí an deireadh agus níl aon cheann níos fearr ná An Poc ar Buile leis an Speall é féin.

Ní gnáthleagan é seo áfach mar tá giotár Spillane á thionlacan ag pianó Pheadair Uí Riada agus tá glór sa bhreis ann fosta a bhuí le Seán Ó Sé. Aillilú puillilú…

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

U2- no line on the horizon

Tags: , , ,

U2- no line on the horizon


u2-horizonTá an dara halbam déag ó stiuidió U2 i ndiaidh tuirlingt.

No Line on the Horizon is ainm dó agus, más rud é gur maith leat stíl an ollghrúpa Éireannaigh seo: ábhair a n-amhrán, giotár agus sainéifeachtaí The Edge agus screadaíl buachalla bó Bono, taithneoidh an t-albam seo leat.

Is albam do lucht leanúna agus éisteachta dílis síoraí U2 é seo.

Rud suimiúil faoi ná go ndeireann Adam Clayton agus Larry Mullen Sóisear go bhfuil rudaí nua ar siúl ag an mbanna, teicníochtaí turgnamhacha, agus go bhfuileadar ag tabhairt aire don léiriúchán sa chaoi go mbeidh fuaimrian nua ag an albam.

Dar leis an Edge áfach, “I think it could be a bringing to bear of all those eureka moments from the past” agus é seo uilig scríofa ar shuíomh oifigiúl U2.

Cé go bhféadfá a rá go bhfuil an triúr ar aon tuairim faoin albam, tá i bhfad níos mó le haithint ó ráiteas The Edge. Ag éisteacht leis an albam dom, bhí sé díreach mar an gcéanna le gach rud a rinne U2 roimhe seo. Agus níl iontas ar bith orm go bhfuil an fhoireann stiúideo chéanna in úsáid acu arís, Brian Eno, Daniel Lanois agus Steve Lillywhite.

Caithfear aontú leis an méid atá ráite ag The Edge thuas, go háirithe má bhainimid an focal ‘eureka’ amach.

Cuireann dordán giotáir The Edge agus giotár doird Adam Clayton spioradáltacht an albaim Joshua Tree i gcuimhne dom in 66% d’amhráin an albaim. Anois agus arís briseann siad amach as seo, agus is dócha gurb iad siúd na hamráin is fearr ar an albam.

Tá rian an albaim All That You Can’t Leave Behind (2004) ar an gceathrú amhrán Unknown Caller mar shampla, an ‘ohohohhhh’ céanna sin ó Walk in úsáid ag Bono arís.

Is féidir tionchar an albaim chéanna a aithint freisin ar amhrán a bhfuil an-tóir air go hidirnáisiúnta faoi láthair, Magnificent. Bhí iontas orm nach faoi amhráin U2 a bhí Bono ag canadh ach, iontas na n-iontas, is faoin ghrá atá sé ag canadh agus is amhrán maith é!

Filleann U2  ar stíl a n-albaim Pop faoi dhó freisin. I ndiaidh tús a chuirfeadh Fucking In The Bushes le hOasis ón scannán Snatch i gcuimhne dúinn, imíonn siad ón stíl chrua seo, ach, léiríonn an banna go bhfuileadar in ann amhráin ghreannmhara a chuma, nó an é seo a bhí i gceist acu i ndáiríre?

Is i leith amhráin uimhir a 7, Stand Up Comedy, atá mé ag labhairt áit a gcloisimid na liricí “The right to appear ridiculous is something I hold dear”. N’fheadar cé faoina bhfuil Bono ag labhairt anseo?

Ach ní raibh amhras ar bith orm i ndiaidh dom líne eile ón amhrán céanna a thógáil san áireamh, “A small man with big ideas”, go raibh muid ag éisteacht le cur síos ar Bhono agus a chuid spéaclaí gréine!

Tá an traic seo, agus Get On Your Boots a thagann díreach roimhe, cosúil le siamsaíocht leath ama ar shlí, agus iad ag tabhairt sosa dúinn ón gcineál amhráin atá luaite agam.

Is cosúil gurb iad seo na “Eureka Moments” ón albam Pop. Ní thuigtear dúinn cén fáth ar fhill U2 ar an stíl seo go dtí go gcloisimis an chéad nóiméad de Breathe (amhrán uimhir a 10), é nua agus agus difriúl cosúil le rud éigin i bhfad níos dorcha, níos crua ná mar an fhuaim bhíonn le fáil in amhráin U2 de ghnáth.

Iontas ar bith orainn cloisint mar sin go raibh The Edge i ndiaidh tréimhse a chaitheamh ag déanamh scánnain le Jack White agus Jimmy Paige faoi ghiotáraithe le déanaí. Tá sé tiúnta le nóta éagsúla ón chuid eile den banna go bunúsach, cosúil le nós a bhí ag Led Zepellin agus The White Stripes go minic.

Tá tuairimí polaitiúla, tráthúla Bono le haithint san albam freisin agus – de bharr gur dlúthchuid iad dá phearsantacht agus, ar shlí, peasrsantacht U2, sa lá atá inniu ann – ba cheart aird agus aitheantas a thabhairt do na tuairimí seo mar ghné lárnach den saothar.

Canann Bono faoi thinte na hAifrice a fheiscint ón Spáinn, agus faoin Liobáin. Cedars of Lebanon is ainm don amhrán deireanach ina ligeann Bono air féin gur tuairisceoir cogaidh é atá ag déanamh cur síos ar an suíomh mórthimpeall air. Úsáideann sé focail cosúil le salachar, compléascachas,  ciúnas agus uaigneas.

Más rud é nach raibh an íomha sin láidir go leor leanann Bono leis agus é ag canadh faoi uisce salach, galair, tancanna agus saighdiúirí.

Anuas air seo tá dearcadh Bono ar fhadhbanna na Liobáine soiléir ón teideal náisiúnach Cedars of Lebanon a dhéanann tagairt do bhrat na tíre.

Ag deireadh na dála, is albam measartha maith é seo. Tá sé taitneamhach, agus rachaidh sé i gcion ar dhaoine ar an dara, triú agus ceathrú éisteacht de. Léiríonn sé ábhar atá i mbéal an phobail faoi láthair chomh maith le píosaí ealaíne go rialta.

Is banna iad áfach a d’fhéadfadh amhráin i bhfad níos fearr a scríobh.

Cosúil le Peter Buck ó R.E.M. tá The Edge mar réalta chiúin an ghrúpa ag a bhfuil an tallann aige rud éigin iontach, dochreidte a dhéanamh más rud é go bhféadfadh sé an banna a stiúradh sa tslí chéanna inar stiúir leithéidí Jimmy Paige agus Jack White, Led Zepellin agus The White Stripes.

Micheál Johnny Ó Meachair

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Mairéad Ní Mhaonaigh – imeall

Tags: , , , ,

Mairéad Ní Mhaonaigh – imeall


imeall-maireadSeo Imeall, an chéad albam aonair ó Mhairéad Ní Mhaonaigh, a bhfuil clú mór uirthi as a cuid fidléireachta agus as a cuid amhránaíochta leis an ghrúpa cáiliúil Altan.

Thuill Altan clú agus cáil ar fud an domhain as a gcuid ceoil a raibh blas láidir Conallach air.

San albam seo le Mairéad, tá tionchar a háite dúchais le sonrú sa rogha cheoil.

Ní bheidh díoma orthu siúd a bhfuil dúil acu i gceol an iarthuaiscirt leis an albam seo.

Tá masúrcaí agus highlands go leor anseo leis an tuaisceartach is ‘traidisiúnta’ agus is coiméadaí a choinneáil sásta.

Sin ráite, d’fhéadfaí a rá go bhfuil Mairéad i ndiaidh triail a bhaint as teacht i láthair níos ‘nua-aimseartha’ ar chúpla rian ar an albam.

Tá tionchar leictreonach Manus Lunny le sonrú in áiteanna, rud a chuirfeadh an chuid is fearr de rianta Capercaille i gcuimhne don éisteoir.

Lena chois seo, tá rogha iontach amhrán ar Imeall. Ina measc siúd, tá dhá amhrán nach gcluintear go rómhinc – ‘Aige Bruach Dhún Réimhe’, a leagtar ar Art Mac Cumhaidh, agus ‘Gardaí an Rí’ ó Ghaeltacht iarhuaisceart Thír Chonaill.

Tá teacht i láthair nuálaíoch le sonrú i gcóiriú na n-amhrán, agus éiríonn go hiontach leo.

I measc ardphointí eile an albaim seo, tá leagan úr den ‘Red Crow’, seancheanán de chuid Altan, agus an rian deireanach, ‘An Dro/Imeall’ ar port Briotánach é le hamhrán de chuid Mhairéid measctha isteach ann.

Is albam forásach, nuálaíoch, pléisiúrtha é seo, agus tá rud éigin do gach duine ann. Is fiú go mór seans a thabhairt dó.

Nainsí Nic an Tiompánaigh


Rannóg: ceolNótaí Tráchta (1)

Van Morrison – astral weeks live at the hollywood bowl

Tags: , , ,

Van Morrison – astral weeks live at the hollywood bowl


astral-weeks-liveNuair atá albam agat a aithnítear i measc sárshaothar dhomhan an cheoil, ní smaoineodh mórán ceoltóirí ar an albam a chur amach arís le blas nua air.

Ach ní gnáthcheoltóir é Van Morrison.

Sular tháinig Astral Weeks amach in 1968 bhí clú ar an bhFeirsteach as rac maith a chumadh, agus bhí an-rath ar fad ar a amhán, Brown Eyed Girl, a bhuail aerthonnta na cruinne an bhliain roimhe.

B’albam éagsúil é Astral Weeks áfach a léirigh go raibh buanna sa bhreis ag Morrison agus níorbh fhada go raibh áit bainte amach ag leithéidí Sweet Thing agus Ballerina i stair an cheoil.

Chuir an fhuaim fhionnuair éisteoirí faoi gheasa agus ag an am céanna baineadh siar astu ag cóirithe eile.

Guth cumhachtach smaointeach atá ag Morrison sa bhunalbam agus éiríonn leis sin a thabhairt leis ar an taifeadadh beo seo a rinneadh in Los Angeles.

Cuireann sé píosaí breise de na gormacha leis agus athraíonn sé deireadh an amhráin Madame George le dul i bhfeidhm níos mó ar an lucht éisteachta a d’fhreastail ar an gceolchoirm speisialta.

Tá ábhar iontais ann chomh maith ag críoch Slim Slow Slider a bhfuil groove níos tapa aige ná dord réidhchúiseach na ‘60í.

Breis agus 40 bliain ar aghaidh agus is réalta é Astral Weeks go fóill.

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Bruce Springsteen – working on a dream

Tags: , ,

Bruce Springsteen – working on a dream


Dóchas. Sin ceann de na focail is mó a cheanglaítear le ré úr Barack Obama thall i SAM agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an mothúchán céanna le brath ar an albam is déanaí ó chara seo an Uachtaráin nua.

Is é Working On A Dream an 16ú albam stiúideo ó Bruce Springsteen agus má bhí teachtaireachtaí polaitiúla le léamh ar a albam deireanach Magic, tá na teachtaireachtaí i bhfad níos gealgháirí an iarraidh seo.

Tá fuaim aitheanta Springsteen le cluinstin ann ó thús deireadh, beag nó mór, agus ar chuid de na hamhráin téann sé ar ais chuig an tobar a spreag é sa chéad dul síos.

Is amhrán clasaiceach é Working On A Dream féin agus cuireann My Lucky Day leithéidí Glory Days i gcuimhne duit.

In áit na ngnéithe domhanda lenar phléigh an laoch seo le tamall, filleann sé ar scéaltaí níos pearsanta san albam seo agus tá roinnt amhrán láidir grá san áireamh chomh maith.

Ina measc sin tá Queen of the Supermarket ina gceolann Springsteen faoi chailín a oibríonn i siopa agus lena bhfuil sé go mór i ngrá. 

Seans nach í an ghnáth-íomhá a shamhlaítear leis an Boss ach oibríonn an stíl seo, den chuid is mó, agus is léir go raibh réaltaí roc ar nós Roy Orbison ag dul i bhfeidhm air nuair a bhí sé ag cur an albaim le chéile.

Bíonn fuinneamh agus dóchas an cheoil i gcodarsnacht dheas in amanna le fírinne na bhfocal fosta agus in Outlaw Pete insítear scéal greannmhar mothúchánach atá lonnaithe go domhain i saol traidisiúnta Mheiriceá.

Ar bhuaiceanna eile an albaim tá The Wrestler, amhrán a scríobh sé don scannán den teideal céanna agus a bhuaigh gradam Golden Globe i mí Eanáir. Tá an t-amhrán céanna ag croílár chuid mhór cainte ar líne chomh maith ar an ábhar nach bhfuair sé ainmniúchán Oscar fiú, ach sin scéal eile do lá eile.

Cé go bhfuil siad ann a déarfadh nach bhfuil mórán sa difear idir an eisiúint seo agus albaim eile de chuid Springsteen, agus b’fhéidir go bhfuil amhrán nó dhó ina measc atá cosúil go leor lena chéile, is cinnte go gcuirfidh lucht leanúna s’aige an-dúil go deo ann, agus gach ceart acu chomh maith.

Beidh Bruce Springsteen ag seinm sa RDS i mBÁC i mí Iúil.

RG Cuan

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Liam Ó Maonlaí – to be touched

Tags: , , , ,

Liam Ó Maonlaí – to be touched


Cé nár shroich na Hothouse Flowers deireadh an bhóthair go fóill, tá aithne fhorleathan anois ar Liam Ó Maonlaí mar amhránaí aonair, ceoltóir a bhfuil tionchair éagsúla le cluinstin ar a chuid amhrán.

Agus tá na tionchair éagsúla sin le brath ar an albam is déanaí seo uaidh chomh maith.

Is saothar suaimhneach machnamhach é To Be Touched a chuireann an t-éisteoir ar a shuaimhneas ach ag an am céanna a spreagann chun smaointeoireachta é chomh maith.

Glór galánta agus pianó séimh Uí Maonlaí na fuaimeanna atá ag croí an albaim agus is iontach amach an comhcheangal a chruthaíonn siad.

Tá draíocht éigin ag baint leis an traic What Do We Do Now agus tugann Worry Not ort moilliú síos píosa, suí siar agus sult a bhaint as an fhonn agus na liricí áille.

De réir mar a théann an t-albam isteach tuigeann tú go bhfuil tú ag éisteacht le ceoltóir i mbarr a chruthaitheachta agus le Saved meascann sé an stíl leithleach s’aige féin le macallaí ón cheol dúchasach traidisiúnta.

Is í an Astráil atá mar inspioráid aige san amhrán Mimi Dreaming Song, ina bhfuil ceol brionglóideach na mBundúchasach go láidir ann, agus cé gur rian as an ghnáth é éiríonn leis é a nascadh leis an albam iomlán.

Tá cúpla traic as Gaeilge ann chomh maith, mar atá Siobhán Ní Dhuibhir agus Amhrán na Féidireachta, agus tá cumhacht faoi leith leis an dara ceann ach go háirithe.

Níl an Duibhlinneach leis féin ar an albam áfach nó tá iarbhuaiteoirí an ghradaim Oscar, Marketa Irglova agus Glenn Hansard, á thionlacan ar dhá thraic agus cuireann siad go mór le tionchar iomlán an cheoil.

Sár-albam mar sin a léiríonn ardchumas an amhránaí seo.

Beidh Liam Ó Maonlaí ag seinm i Sráid Vicar, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 7 Feabhra mar chuid de cheolchoirm ar son phobal Gaza agus tabharfaidh sé cuairt ar Bhéal Feirste Déardaoin 5 Márta faoi choinne gig speisialta sa Black Box.

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here