nós* » nós*

Balor – léirmheas
Balor

(2008, An tSnáthaid Mhór)

Balor is teideal don phictiúrleabhar is úra ó An tSnáthaid Mhór, na foilsitheoirí a chuir Gaiscíoch na Beilte Uaine i gcló dhá bhliain ó shin.

Agus a fheabhas a bhí an chéad leabhar sin, tá sé sáraithe acu leis an éacht seo. Idir léaráidí iontacha, ardchaighdeán an scéil, saibhreas na Gaeilge agus an pléisiúr a bhaineann leis an phacáiste iomlán, fágfaidh sé fanacht fhada ag aon léitheoir theacht ar leabhar chomh sultmhar céanna.

Is iad na léaráidí a sheasann amach leis an chéad spléachadh ar leathaigh an leabhair seo.

Tá eachtraí an scéil léirithe i bpictiúr ildathach, mionsonrach, a rinneadh le han-chúram agus a léiríonn dúil don scéalaíocht agus dúil do cheird na healaíne. Tugann léaráidí Andrew Whitson beocht d’fhocail agus do charachtair an scéil.

Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go bhfuil bua na scéalaíochta ag imeacht in éag ach tá scil na samhlaíochta ag imeacht leis.

Cuidíonn na léaráidí seo rud leis an léitheoir iomlán an scéil a fheiceáil le súile a shamhlaíochta féin.

Déanann an scéal é féin cur síos dílis, dúchasach ar a tharla idir Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh, Lúgh Lámhfhada agus Balor. Is scéal é atá lán le draíodóireacht, le cleasaíocht, le cathanna agus cogadh.

Agus mé ag léamh an téacs seo, mothaím arís guth gach seanchaí a chuala mé riamh sa Ghaeltacht ag gabháil scéil.

Tá insint Caitríona Hastings ar na heachtraí sna leathnaigh seo ag teacht le traidisiún na scéalaíochta mar a bhí leis na céadta, idir rithim, foclóireacht, comhréir agus íomháineachas, tá an téacs dílis do thraidisiún an bhéaloidis.

Is áis iontach é an leabhar seo chomh maith don té ar mhaith leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Ar cúl an leabhair tá DVD ar a bhfuil agusíní deasa ag dul leis. Is féidir éisteacht le hiomlán an scéil á léamh ag Donáll Mac Giolla Chóill agus tá gearrscannán ar dhéanamh na léaráidí.

Léirítear go bhfuil bua na scéalaíochta fós beo le foilsiú an leabhair seo agus tá ardchaighdeán á leagan síos chomh maith ar mhaisiú leabhar.

Cuireann Balor saibhreas an bhéaloidis á chur ar fáil do ghlún úr arís i bhfoirm an-snasta.

Frainc Mac Cionnaith