Tá lucht nós* ag súil go mór le Rith 2010, féile náisiúnta úrnua a bheidh ar siúl idir 10 – 17 Márta an bhliain seo chugainn mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.
Is ollrith sealaíochta gan stad atá i gceist agus beidh na mílte duine ag rith an chúrsa 1500km ó Bhéal Feirste go Gaillimh thar 7 lá agus trí 400 baile.
Tá imeacht den chineál seo, Korrika (féach físeán thuas), ar siúl i dTír na mBascach ó bhí 1980 ann agus bíonn thart ar 600,000 duine ag glacadh páirte ann gach dara bliain.
Anois beidh deis ag na Gaeil rith ar son ár dteanga agus ceilúradh a dhéanamh ar ár gcultúr ar bhealach nach ndearnadh roimhe.
Is mór an t-eagrúchán atá de dhíth chun Rith 2010 a bhainistiú ar dóigh agus táthar anois ag cur fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbeadh spéis acu bheith mar Bhainisteoir Imeachta le haghaidh an imeachta náisiúnta.
Conradh sealadach 6 mhí atá i gceist leis an phost agus beidh buntuarastal i gceist don phost le féidearthacht do bhónas fheidhmíochta.
Ní mór do gach iarrthóir na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- Cáilíocht 3ú leibhéil
- Gaeilge scríofa agus labhartha d’ardchaighdeán
- Taithí ar bhainistíocht tionscnaimh agus ama
- Taithí ar riarachán agus bainistíocht airgeadais
- Scileanna ríomhaireachta agus teicniúla
- Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta
- Ceadúnas tiomána iomlán agus glan
Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 2009 an spriocdháta agus is féidir iarratas a dhéanamh trí CV a sheoladh chuig post@rith.ie
Tuilleadh eolais ag www.rith.ie








