Clibeanna: "irish web awards"

tuilleadh aitheantais do nós*

Tags: , , ,

tuilleadh aitheantais do nós*


irishwebawardIs deas an rud é i gcónaí nuair a aithnítear do chuid oibre agus tá an-áthas orainn anseo ag nós* gur tháinig cúpla gradam agus ainmniúchán inár dtreo le cúpla mí anuas.

Tugadh aitheantas dúinn ar dtús ag na Irish Webs Awards ag tús mhí Dheireadh Fómhair nuair a bronnadh an gradam, ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, ar www.nosmag.com agus aithníodh ardchaighdeán ár n-eagrán clóite chomh maith nuair a fógraíodh an mhí seo gur éirigh le nós* áit a bhaint amach ar an ghearrliosta le haghaidh ‘Best Consumer Magazine’ i nGradaim Irisí na hÉireann, an chéad fhoilseachán Gaeilge le hainmniúchán a fháil ann riamh.

Ar a bharr sin, tá bunaitheoir agus eagarthóir nós*, Tomaí Ó Conghaile, tar éis babhta ceannais ‘Eircom NI Young Entrepreneur of the Year’ a bhaint amach mar gheall ar an obair atá déanta aige leis an iris.

Ní gá a rá go bhfuil gliondar an domhain orainn as an aitheantas seo ar fad agus is léiriú é ar an obair iontach – agus deonach go dtí seo! – atá ar siúl ag rannpháirtithe nós* le bliain go leith anuas.

Tá buíochas ag gabháil chomh maith dár léitheoirí a léann an iris anseo ar líne agus i gcló gach mí – dá mbeadh gradam ann don phobal léitheoireachta is fearr, thabharfaimis daoibhse é!

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (4)

gradaim & iarratais

Tags: ,

gradaim & iarratais


irishwebawardsTá an-áthas orainn anseo ag nós* go bhfuair ár suíomh idirlín ainmniúchán i nGradaim Idirlín na hÉireann, a fógraíodh le déanaí.

Tá nosmag.com ar an ghearrliosta sa rannóg ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, agus is cinnte go mbeidh iomaíocht ghéar idir na Gaeil is gnéasaí ar an ngréasán! Is féidir na gearrliostaí a léamh thall ag suíomh Irish Web Awards.

Bronnfar na gradaim éagsúla ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath 10 Deireadh Fómhair agus tá súil ag foireann nós* go mbeidh muid in ann sos a ghlacadh ón obair agus bheith i láthair ar an oíche!

Agus ag caint ar nosmag.com, tá conradh fógartha ag Foras na Gaeilge le haghaidh irise Gaeilge ar líne, a mhairfeadh trí bliana. Breis eolais anseo.

Ní gá dúinn a rá go mbeidh nós* ag cur isteach ar an chonradh seo – a chuirfeadh go mór le seirbhísí an tsuímh dá mbainfeadh muid é – agus coinneoidh muid ar an eolas sibh faoi sin, agus faoi aon fhorbairt eile atá ar na bacáin.

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (3)

Advertise Here
Advertise Here