nós* » nós*

an bhfuil an spiorad againn?
Bhí an t-ádh orm bheith i láthair ag léacht de chuid an ollaimh Igor Shvets cúpla mí ó shin, agus é ag labhairt faoin bplean a bhí aige neamhspleáchas cumhachta a bhronnadh ar mhuintir na hÉireann.

D’fhágas an léacht agus mé iontach dearfach faoina raibh ráite aige ach, ag an am céanna, diúltach ó tharla go rabhas beagnach cinnte de nach dtarlódh sé.

Ní raibh mórán eile ar mhalairt tuairime.

Cad a deir sé faoin tír atá againn i láthair na huaire go bhfuil an chéad fhreagra ar phlean den chineál seo ná “ní fhaighfidh siad tacaíocht rialtais”? Bhuel, dhá rud.

- Uimhir a haon, tá an chéad chuid den phlean á chur chun cinn ag Shvets agus a chomhghleacaithe gan aon chabhair á lorg acu ón rialtas.

- Uimhir a dó, tá tacaíocht acu, ní hamháin ón rialtas ach ó nach mór gach mac máthar sa Dáil.

De réir na dtuairiscí, chuir an tUasal Lenihan glaoch ar an Taoiseach díreach i ndiaidh dó cloisteáil faoin bplean a bhí curtha chun tosaigh acu.

Thaithin sé le Cowen, agus ní hamháin sin ach d’fhógair Eamon Ryan, an tAire um Chumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha, go raibh seisean go mór ina fhábhar chomh maith.

Agus, in ainneoin cé chomh hait is a fhuaimníonn sé, tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt tacaíochta chomh maith. Conas is féidir leis teipeadh?

Bhuel, mar a chonaiceamar i gcás Shell agus muintir na Coiribe, is féidir le pobal áitiúil an-chuid deacrachtaí a chothú d’aon ghrúpa ar mian leo infrastructúr mór a thógáil ar leac an dorais.

Sin is cúis leis an suíomh spiritofireland.org – chun eolas a thabhairt agus tuairimí a mhealladh ó dhaoine mórthimpeall na tíre agus mórthimpeall an domhain.

An teoiric ná go mbeidh daoine i bhfad níos sásta glacadh le plean ollmhór dá leithéid seo más féidir leo páirt a ghlacadh sa phróisea deartha.

TEICNEOLAÍOCHT GHLAS

So cad é go díreach an teic taobh thiar de seo uilig?

Meascán d’fhuinneamh na gaoithe agus córas hidrileictreach atá ann, agus slí iontach cliste ag an ollamh Shvets chun an dá cheann a nascadh le chéile.

An fhadhb atá ann leis an ngaoth mar fhoinse fuinnimh ná nach bhfuil aon chaoi againn smacht a choimeád air.

Má stopann an ghaoth ag séideadh tá deireadh leis an soláthar leictreachais. Tá cúpla slí ann chun leictreachas a stóráil, ach don chuid is mó is slíte iontach costasacha atá i gceist. Ní hamhlaidh anseo, áfach.

Is cosúil go bhfuil cúpla dosaen gleann nó níos mó in iarthar na tíre a d’fhéadfaí a úsáid mar thaiscumair agus uisce a phumpáil suas chucu chun fuinneamh a stóráil.

Nuair a theipeann ar an ngaoth, scaoiltear an t-uisce arís agus tá soláthar leictreachais ann go fóill.

COSTÉIFEACHTACH

Agus an fhíor-chlisteacht taobh thiar de seo ná an costas.

I gcodarsnacht le háiteanna eile ar fud an domhain a bhfuil córais dá leithéid in úsáid, tá formhór na dtaiscumar againn cheana féin, agus gan gá ach balla amháin a chur leo.

Tá an cruth-U atá ar ár ngleannta foirfe don saghas seo togra. Ní hamháin sin ach de ghnáth tá an dara taiscumar ag taisteáil. Ní hamhlaidh anseo, ó tharla go bhfuil an tAtlantach díreach in aice láimhe.

Mar sin nuair a shéideann an ghaoth pumpáiltear uisce suas 100 méadar nó mar sin, ón Atlantach chuig na taiscumar, agus nuair a theipeann ar an ngaoth scaoiltear arís é agus athraítear an fuinneamh atá stóráilte go leictreachas.

CEISTEANNA Á gCUR

Tá daoine ann atá ag ceistiú an méid atá ráite, áfach.

Agus mé ag obair ar an gcéad dréacht den alt seo bhí ollamh in Ollscoil na Gaillimhe ag scríobh san Irish Times nach bhfuil go leor fuinnimh sna taiscumair mhollta ach i gcomhair 11 uair an chloig d’úsáid, agus sin i lár an tsamhraidh.

Dá dteipfeadh ar an gcóras i lár an gheimhridh ní bheadh ann ach 5 uair nó mar sin go dtiocfadh deireadh leis an soláthar.

N’fheadar cár aimsigh sé a fhigiúirí, ach bhí lucht Spiorad na hÉireann iontach sciobtha tagairt a dhéanamh dó ar an suíomh, agus gan drogall ar bith orthu dul i ngleic leis an gcriticeas.

DEISEANNA MÓRA

Don té atá oscail-aigeanta, is léir láithreach cad atá ar fáil dúinn anseo.

Fostaíocht, agus fostaíocht den tsórt atá ag teastáil go géar uainn, idir innealtóirí, tógálaithe, eolaithe agus mórán ar a bharr sin uilig.

Freisin airgead, ó go bhfuil na céadta milliúin, nó billiúin fiú, á gcaitheamh chuile bhliain ar ola agus gás, airgead atá á chailleadh ón ngeilleagar.

Dá n-éireodh leis an bplean seo, ní hamháin nach mbeadh airgead mar sin á chailleadh ach bheadh an deis leictreachas a onnmhairiú chuig margadh na Breataine agus fiú, amach anseo, margadh mhór-roinn na hEorpa.

Níos mó ná sin uilig áfach, tá an iontaofacht soláthair nach bhfuil ar fáil ó aon fhoinse eile, fiú cumhacht núicléach.

Agus ar a bharr sin ar fad tá sé de chumas ag an gcóras fás chun, mar shampla, gluaisteáin leictreacha na tíre a sholáthar le cumhacht i gceann deich mbliana.

Muna raibh neart ráite faoi bhuntáistí na scéime go fóill, ceann des na rudaí is mó a thaithneoidh le daoine faoin scéim ná go bhfuil sé i gceist go soláthrófar mórán den fhuinneamh ó fheirmeacha gaoithe, agus úinéireacht na bhfeirmeacha úda ag fanacht sna comhphobail áitiúla, ach go háirithe leis na feirmeoirí.

Sa chaoi sin tá deis á tabhairt d’fheirmeoirí na tíre foinse ioncaim sa bhreis a bhaint amach, agus muid i ndiaidh cloisteáil faoin umar ina bhfuileadar le cúpla bliain anuas, agus gan an oiread sin seiceanna ón AE chun iad a choimeád ar an bhfód i bhfad eile.

ACHOIMRE

So, na buntáistí sin arís:

- Leictreachas glan, saor agus soláthar iontaofa don todhchaí.

- Poist, agus mórán dóibh.

- Airgead, i bhfoirm an airgid ar fad nach bhfuil á chaitheamh ag an tír ar ola agus gás, agus airgead do na feirmeoirí a chuireann muillte gaoithe ar a dtalamh.

- Agus b’fhéidir an rud is mó, bród againn go bhfuil spiorad na hÉireann fós beo i ndiaidh bhás ár dtíogair álainn.

- Muna bhfuil sceitimíní ort agus an plean seo á shamhlú agat, ní bheadh aon dochar seiceáil a dhéanamh ar do   chuisle.

Diarmuid Ó Muirgheasa