nós* » nós*

Roinn do ghrianghraif Ghaelacha!
Más aoibhinn leat grianghraif a ghlacadh agus iad a thaispeáint do dhaoine eile, tá suíomh iontach ann duit chun sin a dhéanamh.

Expono is ainm dó agus cuireann sé ar do chumas grianghraif a fhoilsiú agus a roinnt leis an saol mór.

Agus, ceann de na rudaí is fearr faoi, ná go bhfuil sé ar fáil as Gaeilge!

Téigh go dtí an roghchlár ag bun an leathanaigh agus roghnaigh Gaeilge ansin.

Is féidir cuntas saor in aisce a chruthú ar Expono nó más mian leat an leas is fearr a bhaint as, is féidir íoc as cuntas níos cuimsithí.

Nascann Expono le Facebook agus Twitter, mar sin is féidir do ghrianghraif a fhoilsiú go huathoibríoch áiteanna eile nuair a fhoilsíonn tú ar Expono iad.

Má bhíonn tú ag taisteal timpeall na cruinne agus ag tógáil grianghraf, is féidir a léiriú cár tógadh na grianghraif trí bhiorán a chur ar léarscáil de chuid Google.

Mar aon leis sin is féidir clibeanna a chur ar dhaoine agus cuirí a thabhairt do dhaoine chun do ghrianghraif a fheiceáil agus chun cuntas a chruthú ar an suíomh.

Níl teorainn leis an méid grianghraf ar féidir a fhoilsiú ar do chuntas.

Agus is féidir na grianghraif a fheiceáil ar an méid a bhíonn siad de ghnáth… is é sin le rá, mór!

Tá ‘Balla’ ar an suíomh ar ar féidir grianghraif a d’fhoilsigh daoine eile le déanaí a fheiceáil agus is minic a fheictear íomhánna áille ar an mballa seo.

Mura dteastaíonn uait go mbeidh daoine nach bhfuil aithne agat orthu ag breathnú ar do ghrianghraif is féidir na socruithe a athrú agus iad a chur faoi cheilt.

Mar sin ar aghaidh leat – cruthaigh cuntas agus foilsigh do ghrianghraif, i do theanga féin!

Chun teacht ar an leagan Gaeilge, téigh go www.expono.com/?set_language=ga_IE

Seanán Ó Coistín

Gaeltacht 2.0 Abú!
#LNAG10

Siar sa deichniúr sa caite – bhuel 2009 le bheith ionraic! – chuir an laoch idirlín agus cara nós*, Ciarán Ó Meachair, tús le #lnag - Lá na Gaeilge ar líne – coincheap a bhfuil sé de sprioc aige an oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge a úsáid ar an idirlín ar 17 Márta.

Ba ar Twitter a bhí an feachtas dírithe anuraidh ach tá #lnag10 ag leathnú amach ar fud an Ghaelghréasáin i mbliana agus fís ag na heagraithe go mbeidh daoine in Éirinn agus thar lear, ar mhórán Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge, ag úsáid na teanga ar a mbealach féin ar 17 Márta.

Mar sin bíodh sé ar do shuíomh féin, ar bhlaganna, ar Facebook, ar Twitter, ar rphost nó eile, úsáid do chuid Gaeilge ar an lá, cuir #lnag10 leis an méid a scríobhann tú agus beidh tú ag glacadh páirte sa ghluaiseacht is forleithne i saol na Gaeilge: Gaeltacht 2.0, pobal ár dteanga ar líne.

GAELTACHT 2.0 EXPOSED

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Gaeilge, agus chun deis a thabhairt do Ghaeil ar an ghreasán bualadh le chéile san fhíorshaol, beidh ócáid speisialta ar siúl Déardaoin 11 Márta in Belfast Exposed i mBéal Feirste.

Beidh ionadaithe ó thograí idirlín ar nós na hirise seo, Nuacht24, BBC, iGaeilge agus go leor eile páirteach san imeacht, mar aon le ceangal beo ar líne le Gaeil ar fud an domhain.

Buail isteach tú féin nó bí linn ar líne ar an oíche! Breis eolais ag lnag.org

Roinn é!
Díreach nóta beag le cur in iúl daoibh gur féidir gach scéal ar nosmag.com a roinnt anois le cúpla clic den luchóg.

Ag bun gach scéal tá cnaipe glas a ligeann duit an scéal a chur ar do rogha suíomh líonraithe sóisialta mar Facebook agus Twitter nó é a sheoladh trí rphost nó téacs.

Bain triail as agus roinn le do chairde!

Cinsireacht – ar leac an dorais?
Rinneamar trácht cheana anseo do chás cúirte PirateBay, agus an meon do-mhaiteach úd a bhí acu i gcónaí riamh.

Fós fíor?

Bhuel, d’ullmhaíodar don chás trí chóisir a reáchtáil agus dul ar thuras bus mórthimpeall na hEorpa.

Ar shlí, thuigfeá dóibh – tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil cliú ag dlíodóirí an RIAA cad go díreach atá ar siúl ag PirateBay.

Tá cuid den chás athraithe acu cheana féin, ó tharla nár thuigeadar conas go díreach a oibríonn Pirate Bay, agus tá fianaise tagtha chun cinn anois go bhfuil suas le 80% den ábhar atá ar Pirate Bay iomlán dleathach.

Tá an chosúlacht ann mar sin go bhfuil an t-ionchúiseamh ag titim as a chéile, ach feicimid.

Tá daoine eile mórthimpeall na cruinne ag tabhairt airde ar PirateBay chomh maith.

Agus muid ar tí dul ag na clódóirí (eagrán Mhárta), tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta go bhfuil Eircom i ndiaidh an doras a oscailt a ligeadh do leithidí an IRMA (Irish Recorded Music Association) iachall a chur orthu PirateBay a bhlocáil.

Cén fhadhb leis seo, a deir tú, ag ceapadh nach bhfuil ar PirateBay ach físeáin mhídleathacha?

Bhuel, mar atá thuasluaite, tá 80% den ábhar ar PirateBay iomlán dleathach.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí.

Níos tábhachtaí i bhfad ná an cúpla comhad sin, áfach, ná an sampla atá á leagadh síos.

Anois, nílimid ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir údaráis na Síne agus Eircom ó thaobh chinsireacht na meán de, ach má oireann an caipín…

Beimid anseo ag nós* ag coimead súil an-ghéar ar fad ar an scéal seo agus é ag titim amach, ach ní deas an rud a cheapadh go bhfuil cinsireacht díreach timpeall an chúinne uainn.

Leanann an triail sa tSualainn ar aghaidh.

Diarmuid Ó Muirgheasa

Nótaí Tráchta – gravatars
Seans go bhfuil an lógó seo ar dheis tugtha faoi deara agat le tamall anuas, é le feiceáil taobh le nótaí tráchta a fhágtar faoi scéaltaí ag bun na leathanach ar an suíomh seo.

Is gravatar (globally recognised avatar) é, agus is é atá i gceist leis ná íomhá a chuirtear leis na nótaí tráchta a scríobhann tú ar shuíomhanna ar fud an idirlín.

Bealach é chun d’fhéiniúlacht a léiriú ar líne agus chun do chuid teachtaireachtaí a aithint níos fearr, cuma cén suíomh ar a bhfuil tú.

Chun do gravatar féin bheith agat, níl le déanamh ach dul go www.gravatar.com agus clárú leis an tseirbhís.

Tá sé go hiomlán saor in aisce, níl de dhíth ach do sheoladh rphoist agus pictiúr beag le huaslódáil.

Ansin beidh do gravatar le feiceáil taobh le d’ainm ar aon suíomh atá cumasaithe chun iad a thaispeáint, mar atá nosmag.com

Bainigí triail astu!

Físchomhrá Gmail
Tá céim chun tosaigh eile tógtha ag Gmail ar lucht soláthair ríomhphost – agus iad ag druidim lena chúigiú breithlá, tá uirlis nua físchomhrá curtha ar fáil ag muintir Google.

Bhí Gmail mar cheannródaí na bhfreastálaithe rphost cúig bliana ó shin nuair a thosaíodar ar theachtaireachtaí daoine a stóráil ar an idirlíon seachas ar thiomántán líonra in áit ar leith.

Leis seo bhí sé de chumas ag daoine gigabhearta de theachtaireachtaí agus chomhaid a choimeád nuair nach raibh ach idir dhá mheigibheart agus cúig mheigibheart á thairiscint ag leithéidí Hotmail agus Yahoo a bhí ag obair ar an tsean-slí.

Do dhuine ar bith nach bhfuil teanga an ríomhairí aige, is ionann míle meigibheart agus gigabheart amháin, agus is ionann meigibheart amháin agus comha idir 1500 agus 2000 focal ar fhad.

I ndiaidh bliana nó mar sin bhí an córas nua rphost seo in úsáid ag Hotmail agus Yahoo toisc nach féidir paitinn a fháil ar aon rud a úsáideann HTML.

I mí Lúnasa 2006 sheol Gmail a n-uirlis nua comhrá. Anois bhí daoine a raibh cuntas Gmail acu in ann comhráití téacs a bheith acu, nó Gchomhrá (Gchat).

D’fhórbair sé seo ar an tslí chéanna le MSN, agus straoiseoga (emotions) ar fáil do lucht Gchomhrá gan mhoill. Bhí MSN ag barr an liosta go fóill ach bhí líon lucht Gchomhrá ag fás i gcónaí.

Idir an dá linn, d’éirigh nascanna idirlín níos sciopaí agus bhí sé ar ár gcumas níos mó eolais a sheoladh dá chéile. Agus níorbh fhada go raibh bealach ag úsádóirí Gmail leis an leathanbhanda seo a líonadh – Físchomhrá Gmail.

Tá sé soiléir dom láithreach go mbeadh sé seo an-tairbheach do lucht taistil an J1 agus víosaí oibre in áiteanna ar son na Stát Aontaithe agus na hAstráile.

Tá sé níos saoire ná glaoch gutháin, agus is féidir leat do chlann nó an cailín nó an buachaill sin ar fhág tú sa bhaile a fheiscint agus tú ar an taobh eile den domhan. Is é seo mar a shamhlaítear go n-úsáidfí é.

Go fírinneach bíonn an fhís soiléir go leor an chuid is mó den am, agus cé go n-éiríonn sé stadach, ní bac mór é toisc nach mbíonn an méid sin geáitsíochta ar siúl ag daoine os comhair ceamaraí gréasáin i gcaiféanna idirlín Melbourne nó San Francisco.

An fhadhb is mó ó thaobh chomhrá leanúnach de ná nuair a éiríonn an fhuaim stadach. Tagann canúintí róbait ar dhaoine agus iad ag screadaíl ar an ríomhaire ag ceapadh go gcabhróidh sé sin lena nguth a sheoladh chuig an taobh eile den domhan.

Seachas seo, mholfainn iarracht a bhaint as an bhfíschomrá a úsáid ach má theipeann air, bain úsáid as an gcomhrá fuaime agus déan dearmad ar an bhfíschomhrá go dtí go mbíonn leathanbhanda níos leithne ar fáil.

Cinnte tá gnáthphacáiste idirlín eircom agam féin agus ní hé an pacáiste is tapúla ar domhan, ach, ní fhéadfainn fiú ríomhphost le hiatán beag a sheoladh agus mé ag úsáid an fhíschomrá, rud a léiríonn an brú a chuireann sé ar an tseirbhís.

Mar sin, don am i láthair, mhollfainn do dhaoine fanacht lena leithéidí Skype nó fuaimchomhrá Gmail go gearrthéarmach. Is dócha nach bhfuil ‘an todhchaí’ tagtha chugainn go fóill ach is mór an spraoi gur féidir baint as más rud é nach bhfuil tú ag roinnt do leathanbhanda.

Micheál Johnny Ó Meachair

Firefox 3 – as gaeilge
Más duine tú a chuireann spéis i gcúrsaí ríomhaireachta, tá gach seans ann go bhfuil tú mar chuid de lucht tacaíochta Firefox.

Murach sin, is dócha go bhfuil tú tinn tuirseach den lucht tacaíochta úd.

Pé slí é, tá cloiste ag cách, faoin am seo, faoi Firefox 3 – an leagan is nua agus is snasta atá eisithe ag Mozilla go fóill.

Ar aon slat tomhais a bhfuil aithne agamsa air, tagann Firefox amach go mór chun tosaigh ar an bpríomh-iomaitheoir atá aige, Internet Explorer (IE).

Ní hamháin go mbíonn gach leagan de ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le gach teanga eile, ach tá sé níos sciobtha agus níos so-aistrithe ná IE chomh maith.

Measaim chomh maith go léiríonn sé go bhfuil ciall agus stíl ar leith agat nuair a thuigeann daoine nach mbacann tú le IE – ach ní dóigh liom go mbunaíonn léitheoirí ciallmhara nós* a gcinntí teicneolaíochta ar fhaisean, an mbunaíonn?

Tá argóintí i gcoinne IE ann, agus argóintí láidre chomh maith – trí neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin atá leagtha síos don ghréasán, déanann Microsoft obair éinne a dhearann don idirlíon i bhfad níos deacra ná mar is gá dó bheith.

Deir an saineolaí teicneolaíochta Paul Thurrott – duine a thacaíonn le Microsoft de ghnáth – “My advice is simple: Boycott IE. It’s a cancer on the Web that must be stopped.”

Tá iontas orm uaireanta nuair a fheicim go bhfuil níos mó daoine fós a úsáideann IE ná mar a úsáideann Firefox.

Cé go mb’fhéidir go bhfuil mion-laige nó dhó ag an brabhsálaí seo, tá sé i bhfad amach chun tosaigh ar iarrachtaí Microsoft (más féidir iarracht a ghlaoch ar cad atá á dhéanamh acu le IE).

An t-aon chúis nach bhfuilim amuigh ar an sráideanna, ag lorg geallúintí ó chuile dhuine a fheicim go bhfaighfidh siad ré leis an ailse úd, ná an cartún glic seo ar féidir feiscint ag xkcd.com/198/.

Mar sin féin, níl aon gheallúint ann go gcoimeádfaidh sé sin siar ar feadh i bhfad mé – ná bí ar an duine atá fós ag úsáid IE nuair a ghéillim don fhonn!

www.getfirefox.com

Diarmuid Ó Muirgheasa