nós*» giuirléidí

tá sé anseo… Windows 7
Táimid caint mhór ann faoi Windows 7 le tamaillín anois, anseo agus in áiteanna eile, agus tá an eisiúnt linn faoi dheireadh thiar thall.

Mar sin, tá tús á chur againn le sraith ghairid altanna chun sibh a threorú ar conas an méid is mó a fháil ón gcóras oibriúcháin nua, nó sibh a chur i dtreo é a cheannach.

Tá leaganacha réamh-eisiúcháin in úsáid ag nós* le tamall anois mar sin tá cur amach nach beag againn air faoin am seo, agus ní fhéadfaimis filleadh ar rud ar bith eile!

1) Uasteilgeoireacht (sa lár) – Is féidir go héasca athrú idir taispeáint ar scáileáin nó ar uasteilgeoir nó an dá rud, gan ach Win+P a bhrú. Feabhas ollmhór ón bprácás a bhí ann i seanleaganacha de Windows.

2) An Barra Uirlisí (ar chlé) – Sa lá atá inniu ann, agus scáileáin-leathan ar fud na háite, tá sé ait go gcoimeádtar an Barra Uirlisí áit ar bith seachas ar thaobh an scáileáin.

I sean-leaganacha de Windows bhí sé indéanta é seo a athrú, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an barra as áit ag seasamh suas díreach. Anois, le hathdhearadh déanta air, tá an Barra úd lán-sásta ar thaobh an scáileáin, agus muid a chuir ansin i gcónaí é sásta chomh maith.

3) Na deilbhíní nua (ar an mbarra uirlisí) – Tá córas nua ann anois maidir leis na deilbhíní ar bhun – nó ar thaobh – an scáileáin.

Seachas deighilt idir an chuid ‘Quick Launch’ den bharra agus na cláracha atá ar oscailt, tá gach rud istigh le chéile, agus má tá clár oscailte athraíonn an dathú atá air. Sa tslí chéanna, má tá níos mó ná fuinneog amháin oscailte athraíonn an ghrafaic, agus tá dathú éagsúil ann don fhuinneog atá i bhfócas. An-éasca, an-snasta, an-jab!

4) Peeking (bun ar chlé) – Más mian leat sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ar an deasc, faoi bhun na bhfuinneog uilig, ní gá ach an luchóg a chur os comhair an mhionbhosca seo ar clé agus téann na fuinneoga tré-dhearcach.

Bain an luchóg arís, agus tagann siad ar ais. Breá éasca, iontach cliste!

5) Google Chrome (fuinneog oscailte) – Níl sé mar chuid lárnach de Windows 7, ach ba chóir go mbeadh sé!

Tá Google Chrome tapa, snasta agus éasca, agus i ndiaidh áit Firefox a ghlacadh mar rogha-bhrabhsálaí i roinn teic nós*. Ní féidir moladh níos láidre ná sin a thabhairt!

Diarmuid Ó Muirgheasa

Get the Focal, anois!
Ar smaoinigh tú riamh go mbeadh sé níb éasca Cré na Cille a léamh gan leabhar eile (ie foclóir!) bheith lámh leat?

Bhuel anois is féidir cabhair a fháil ó do ghuthán agus tú ag treabhadh trí shaothar mór Uí Chadhain nó tá feidhmchlár úrnua ar an mhargadh ar a bhfuil 13,000 aistriúchán Gaeilge/Béarla.

Táirge de chuid an chomhlachta Maithú, a bhfuil oifigí acu i Maigh Eo agus i mBÁC, é Get the Focal agus is féidir é a íoslódáil ar mhórchuid na nguthán gluaisteach atá ar fáil i láthair na huaire.

Agus sa leagan den fheidhmchlár atá ar fáil don iPhone, is féidir éisteacht le foghraíocht an fhocail chomh maith, nó do ghuthán a chroitheadh le haghaidh focal randamach!

“Is iontach an rud é go bhfuil ár gcéad fheidhmchlár faofa anois agus ar fáil ó Shiopa Feidhmchlár iPhone,” arsa Kerrill Ó Droighneáin ó Maithú.

“Beidh feidhmchláir eile le sár-ábhar á seoladh againn sna míonna amach romhainn, foclóir iomlán Uí Dhónaill agus leabhar frásaí Gaeilge ina measc.”

Ní chosnaíonn Get the Focal ach praghas téacs nó €1.59 ar an fheidhmchlár don iPhone.

Tabhair cuairt ar www.getthefocal.com le haghaidh tuilleadh eolais.

Windows 7
Windows 7? Is cuimhin liom 3.1, ach nach bhfuil níos mó ná 3 cinn imithe ó shin?

Cinnte tá. Táimid beagnach cinnte go bhfuileadar mícheart faoi seo ach tá míniú éigin ann, cé go bhfuil sé aisteach go maith.

1.0, 2.0 agus 3.0, níl aon mhór fhadhb. Mar an gcéanna 3.1, an ceann deireanach chun uimhir a bheith aige. Ansin tá 95, 98, 98SE agus ME ar fad mar 4, ar chúis éigin. Tá 2000 agus XP mar 5.0 agus 5.1, in ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra eadarthu, agus Vista mar uimhir 6.

In ainneoin go bhfuil 7 beagnach mar an gcéanna le Vista, tá uimhir iomlán nua tuillte aige.

Oh right…

Bhuel táimid uilig ar aon fhocal gurb é an táirge féin atá tábhachtach, seachas an t-ainm.

Bunaithe ar an leagan Beta, tá an chosúlacht ann go bhfuil OS againn ar deireadh ar féidir leis XP a leanúint. Mothaíonn sé níos sciobtha, agus níl aon dabht ach go ndéanfaidh Microsoft sár-iarracht go bhfuil sé gan na fadhbanna uilig a bhí ag Vista ag an tús.

Cathain a fheicimid é?

Gach seans go mbeidh sé linn roimh dheireadh na bliana, ach cinnte go luath in 2010 má theipeann air sin.

Aon rud eile?

Seachas go bhfuil an comhéadan úsáideora níos fearr, an rud iomlán níos sciobtha, agus é gan aon cheann de na mórfhadhbanna a bhí ag Vista?

Cad faoi go bhfuil Microsoft ag éisteacht le chuile rud a deir daoine faoin leagan Beta agus é a fheabhsú?

Sea, táimid ag súil leis…

Diarmuid Ó Muirgheasa

Ceart, Gaelspell
Bhíos amhrasach. Ansin, nuair a d’oscail mé Word don chéad uair i ndiaidh dom na treoracha iontach simplí a leanúint, d’aimsigh sé botún taobh istigh de dhá abairt.

Bua amháin agat GaelSpell, ach ní bheidh ceann eile agat!

Faraor, ó phointe GaelSpell de ar aon nós, d’aithin sé “feiscint” mar bhotún sa chéad abairt eile a scríobhas, agus mar is eol dúinn uilig is focal é sin a úsáidtear minic a dhóthain le rá gur focal ceadaithe atá ann.

Ní amháin sin, ach ní thaitníonn an fhoirm tháite de bhriathra leis – rabhas, scríobhas srl. Ar ndóigh tá siad ann a deir nach ‘fíor-fhocail’ iad ach is cinnte go nglactar leo.

Anois, ní rabhas ag súil le foirfeacht ón tús, agus níl aon drogall orm sin a admháil. Tá deacracht mhór ag baint leis an teanga againne ó thaobh cruinnis de, agus ní féidir linn bheith ag súil le míorúiltí.

Domsa, an rud is mó a dhéanann GaelSpell ná cabhrú botúin amaideacha a sheachaint – díreach mar a dhéanann an spellcheck Béarla, i ndáiríre.

Bímid uilig amhrasach faoi litriú focail ó am go chéile, agus déanann sé jab maith, ar an iomlán, botúin a ruaigeadh.

So sin GaelSpell – go maith, cinnte, agus úsáideach, ach gan bheith foirfe, agus bheadh ceist agam an bhfuil luach €25 air. Cinnte cheisteoinn éinne a bheadh sásta €45 a íoc ar an gcruachóip.

Agus don té nach bhfuil ach Gaeilge bhunúsach aige, nach ndéanann foclóir an jab céanna agus tuilleadh?

Áit a ndéanann GaelSpell iarracht litriú amháin a cheartú, téann Ceart céim níos faide, ag maíomh gur féidir leis botúin ghramadaí a aithint.

Táirge i bhfad i bhfad níos suimiúla domsa ná Ceart, clár eile ón gcomhlacht céanna Cruinneog.

Áit a ndéanann GaelSpell iarracht litriú amháin a cheartú, téann Ceart céim níos faide, ag maíomh gur féidir leis botúin ghramadaí a aithint.

Arís, áfach, ní féidir bheith ag súil le foirfeacht anseo.

Deir Cruinneog ar a suíomh idirlín féin gur “chóir na profaí ar aon téacs tábhachtach a léamh go cúramach fiú tar éis dóibh dul tríd Ceart”.

Bhuel ar a laghad tá siad réalaíoch.

Tá fadhb le Ceart nach bhfuil baint ar bith aige le cruinneas nó easpa cruinnis.

Chun píosa scríbhneoireachta ar bith a sheiceáil, is gá duit Ceart a oscail leis féin, téacs a chóipeáil ó Word, nó pé áit a bhfuil tú ag scríobh, é a ghreamú isteach, agus ansin na ceartúcháin a chur ar ais isteach go Word ceann ar cheann.

Is féidir seo a dhéanamh, cinnte, ach tá sé iontach amscaí mar réiteach. Nach bhfuil slí éigin chun an próiseas a dhéanamh níos éasca?

Cuma faoi sin uilig, áfach, an cheist is mó ná an bhfuil aon mhaitheas leis an gceartúchán a dhéanann sé?

Táim idir dhá chomhairle cad le rá faoi anseo.

Ar láimh amháin, tá mórán a dhéanann sé go maith. Tá an tuiseal ainmneach aige go hiomlán, agus is mór an chabhair í sin ina aonar – fiú don scríbhneoir atá líofa. Ciallaíonn sé deireadh le ceisteanna dá leithéid “ceist maith nó ceist mhaith?” D’fhéadfá a rá go ndéanann foclóir an jab céanna, áfach…

Tá an tuiseal tabharthach clúdaithe chomh maith, ach, mar a bheifeá ag súil le, titeann rudaí síos nuair a théann tú i dtreo an tuisil ghinidigh.

Tá roinnt mionrudaí nach bhfuil ar a chumas aimsiú ach an oiread- miondifríocht idir isteach agus istigh, mar shampla.

Tá cúpla focal nach dtaitníonn leis chomh maith, ar chúiseanna nach dtuigim. Is cosúil, mar shampla, gur “…foirm neamhchaighdeánach de ‘uile go léir’” é an focal ‘uilig’.

Bhuel, má tá sé caighdeánach a dhóthain don Uasal Ó Dónaill tá sé caighdeánach a dhóthain domsa!

Buíochas le Dia gur féidir a rá leis an gclár neamhaird a thabhairt ar fhocail ar leith.

i ndiaidh iad a úsáid ar feadh cúpla seachtain, agus i ndiaidh dom dul i dtaithí ar bheith ag brath orthu, tá drogall orm dul gan iad.

Ar bhealach, níor mhian liom Ceart nó GaelSpell a mholadh ó tharla nach bhfuil siad críochnúil a dhóthain, agus mar gheall ar an gcostas atá orthu.

Bheadh ort nach mór €100 a chaitheamh chun cóip chrua den dá chlár a fháil, agus fiú don íoslódáil tá tú ag labhairt ar os cionn €50.

Ach ar an láimh eile, i ndiaidh iad a úsáid ar feadh cúpla seachtain, agus i ndiaidh dom dul i dtaithí ar bheith ag brath orthu, tá drogall orm dul gan iad.

Cad a deir sé sin?

Sílim gur cuma cén scór a thugaim ar deireadh, ó tharla go bhfuil a fhios ag an bhformhór an bhfuil clár mar seo uathu, agus tá’s acu cad atá siad sásta íoc air.

Ar an bpraghas atá ann anois, nílim cinnte faoi.

Dá mbeadh sé rud beag níos saoire, agus dá mba rud é go raibh Ceart ceangailte isteach le Word, gach seans go mbeadh moladh rud beag éagsúil á thabhairt agam.

Diarmuid Ó Muirgheasa

Logitech V470 – lúchóg
Don ghnáth-dhuine, más luchóg don ríomhaire atá uathu, luchóg don ríomhaire a cheannaíonn siad.

Is cuma leo más rud é go bhfuil bluetooth aige, nó má ligeann sé duit scrollú suas-síos agus anonn-anall, nó más rud é go bhfuil ‘laser precision’ scríofa i litreacha móra ar an mbosca.

Tá na rudaí sin uilig ag an V470, ach an cuma leat?

Bhuel, más rud é go bhfuil bluetooth iniata i ríomhaire glúine agat, agus gur mian leat luchóg raidió a úsáid gan ceangal a iompar timpeall leat, níl ach cúpla rogha agat agus, ar pháipéar, sé an V470 an ceann is fearr.

Agus nuair a oibríonn sé mar is ceart tá sé iontach maith.

B’fhéidir go bhfuil an ‘laser precision’ beagán láidir, ach cinnte tá sé caoiseach cruinn, agus tá sé chomh maith le haon luchóg raidió eile atá timpeall.

Muna bhfuil tú tógtha go mór le cluichí preabarnacha ar nós Counter-Strike, déanfaidh sé cúis.

An fhadhb atá ann ná, chun go mbeadh sé úsáideach duit, is gá go n-oibreodh sé.

Agus cé go n-oibríonn sé beagnach i gcónaí, agus cé go bhfuil sé an-mhaith nuair a oibríonn sé, anois is arís teipeann ar an nasc ar feadh cúig nó deich nóiméad.

Uaireanta glacann sé ceithre nó cúig atosú agus athnascú chun go nascfaidh sé arís

Is gnáth-luchóg mhaith í seo, leis an ngnáth-thrí chnaipe, agus scollú 4-slí atá go maith.

Tá cadhnra aige atá go maith (maireann sé 4 mhí ar 2xAA) ach ní féidir an fhadhb amháin sin a mhaitheamh dó.

Gach seans go bhfuil mórán daoine amuigh ansin gan an fhadhb úd agus, muna raibh sé againn, bheadh 4 nó 5 as 5 tuillte aige.

Bhí sé againn áfach, agus 2/5 atá aige.

Diarmuid Ó Muirgheasa

Motionflow – hz éagsúla
Cad é agus cén fáth ar cuma liom?

Bhuel, mar a thuigfeadh duine ar bith a smaoineodh faoi, tá difríocht idir teilifís le 100Hz scríofa air agus 200Hz.

Agus níl i motionflow ach an t-ainm a thugann Sony air, ó tharla gur gá dóibh bheith difriúil – agus is ainm deas é a bhfuilimid lán-sásta a úsáid, mar a tharlaíonn sé.

Cinnte, ach cad é?

De ghnáth athraíonn pictiúr ar teilifíseán 60 uair sa soicind, sin 60Hz.

Den chuid is mó, ní athnaíonn súil an duine faic níos tapúla ná sin ach, nuair a thosaíonn rudaí ag titim amach go tapa ar an scáileán, uaireanta éiríonn an pictiúr rud beag stadach, nó ar a laghad tagann an chuma sin air.

Trí bhreis pictiúr a chur isteach sa tsraith, is féidir an ráta a ardú go 100Hz, 120Hz srl agus cuid den stadachas sin a bhaint.

Ach cad as a dtagann na pictiúir nua seo?

Bhuel, sin an deacaracht.

Cé go ligeann motionflow duit pictiúirí a athrú go tapaidh, muna bhfuil aon phictiúr ann le hathrú chuige, ní dhéanann an luas sin maitheas ar bith duit.

Chun an fhadhb seo a shárú tá déantúsóirí i ndiaidh bheith ag obair ar fhoirmlí mata chun an spás idir dhá phictiúr a líonadh leis an rud a bheadh ann, dá mbeadh aon rud ann. Má thuigeann tú.

Agus an oibríonn sé?

Bhuel, mar aon le haon dul chun cinn eile mar seo deir daoine áirithe nach féidir leo filleadh ar shean-teilifís, deir daoine eile nach bhfeiceann siad an difríocht.

Chun rudaí a dhéanamh níos casta fós tá difear idir iarrachtaí déantúsóirí éagsúla. Má tá teilfís nua á lorg agat, in ainm Dé téigh agus féach air roimh ré, le feiscint an bhfuil aon mhaitheas leis, agus más féidir, féach air taobh le taobh le scáileán gan motionflow.

Diarmuid Ó Muirgheasa

Firefox 3 – as gaeilge
Más duine tú a chuireann spéis i gcúrsaí ríomhaireachta, tá gach seans ann go bhfuil tú mar chuid de lucht tacaíochta Firefox.

Murach sin, is dócha go bhfuil tú tinn tuirseach den lucht tacaíochta úd.

Pé slí é, tá cloiste ag cách, faoin am seo, faoi Firefox 3 – an leagan is nua agus is snasta atá eisithe ag Mozilla go fóill.

Ar aon slat tomhais a bhfuil aithne agamsa air, tagann Firefox amach go mór chun tosaigh ar an bpríomh-iomaitheoir atá aige, Internet Explorer (IE).

Ní hamháin go mbíonn gach leagan de ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le gach teanga eile, ach tá sé níos sciobtha agus níos so-aistrithe ná IE chomh maith.

Measaim chomh maith go léiríonn sé go bhfuil ciall agus stíl ar leith agat nuair a thuigeann daoine nach mbacann tú le IE – ach ní dóigh liom go mbunaíonn léitheoirí ciallmhara nós* a gcinntí teicneolaíochta ar fhaisean, an mbunaíonn?

Tá argóintí i gcoinne IE ann, agus argóintí láidre chomh maith – trí neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin atá leagtha síos don ghréasán, déanann Microsoft obair éinne a dhearann don idirlíon i bhfad níos deacra ná mar is gá dó bheith.

Deir an saineolaí teicneolaíochta Paul Thurrott – duine a thacaíonn le Microsoft de ghnáth – “My advice is simple: Boycott IE. It’s a cancer on the Web that must be stopped.”

Tá iontas orm uaireanta nuair a fheicim go bhfuil níos mó daoine fós a úsáideann IE ná mar a úsáideann Firefox.

Cé go mb’fhéidir go bhfuil mion-laige nó dhó ag an brabhsálaí seo, tá sé i bhfad amach chun tosaigh ar iarrachtaí Microsoft (más féidir iarracht a ghlaoch ar cad atá á dhéanamh acu le IE).

An t-aon chúis nach bhfuilim amuigh ar an sráideanna, ag lorg geallúintí ó chuile dhuine a fheicim go bhfaighfidh siad ré leis an ailse úd, ná an cartún glic seo ar féidir feiscint ag xkcd.com/198/.

Mar sin féin, níl aon gheallúint ann go gcoimeádfaidh sé sin siar ar feadh i bhfad mé – ná bí ar an duine atá fós ag úsáid IE nuair a ghéillim don fhonn!

www.getfirefox.com

Diarmuid Ó Muirgheasa

iPhone
An chéad rud ar gá a rá faoin iPhone – agus ní ghlacfaimid le haon díospóireacht air seo – ná gurb é an fón is inmhianaithe atá ar an margadh inniu.

Cosúil leis an iPod i margadh an cheoil so-ghluaiste, is é an iPhone an rí sa mhargadh faisin, agus níl ráiteas faisin níos deise ar féidir leat a dhéanamh ná an iPhone a bhreith leat agus tú ag screadaíl ar bharr do ghutha, “Is cuma liom má chosnaíonn sé €500 le conradh 18 mí ar a bharr sin, FÉACH AIR!”.

Más suim leat é sin, tá go breá, ach tá mórán eile maith faoin ngléas freisin. Tá spás stórála 8GB nó 16GB ann, neart spáis do 2000/4000 amhrán faoi seach, nó do rogha meascán de cheol, pictiúirí, físeán agus pé rud eile gur mian leat.

Taitneoidh sé leat bheith ag tocailt trí d’albaim freisin le cover flow – an teicneolaíocht chéanna a úsáideann Apple ar a ríomhairí – é chomh hálainn le húsáid is a bhí riamh, nó atá fós má tá do cheol deas néata ina n-albaim agus clúd-ealaín le gach ceann ar aon nós.

Tá an scáileán iltadhaill – multi-touch display – chomh nuálach le haon phíosa teicneolaíochta atá feicthe le blianta anuas sa chaoi go ligeann sé duit brú suas/síos i ndoiciméid nó ar an idirlíon gan smaoineamh, agus brú isteach/amach ar phictiúirí níos éasca ná riamh agus snaidhmeann cover-flow isteach go foirfe leis chomh maith.

Go bunúsach níl fón eile ar an margadh le comhéadan úsáideora a thagann i bhfoisceacht scread asail den leagan amach seo.

Cuirfear isteach ar dhaoine áirithe go bhfuil MMS in easnamh (is gá pictiúirí nó físeanna a sheoladh le ríomhphost), dream eile go bhfuil ort an clár deighilteach úd, iTunes, a úsáid le ceol agus físeán a aistriú ó do ríomhaire – nó go hoifigiúil ar a laghad, tá leitheidí Winamp ag déanamh iarrachta aithris a dhéanamh ar an bhfeidhmiúlacht úd, ach iad gan bheith iomlán ansin go fóill.

Agus tá neart daoine eile ann a bheidh ag gearán faoi cheann amháin nó ceann eile den iliomad fadhbanna beaga a bhaineann leis an nguthán iontach seo, cé gur chóir dúinn a shoiléiriú nach bhfuil an cadhnra chomh dona is a tuairiscíodh in áitanna áirithe ar dtús.

Más duine tú a bhíonn ag gearán faoi mhionrudaí, seans nach n-oirfeadh an iPhone duit.

Más féidir leat cur suas le cúpla earráid áfach, agus má tá tú sásta athmhorgáistiú a dhéanamh ar do theach chun íoc as an íoschostas áiféiseach de ¤1209 i ndiaidh 18 mí, is é an iPhone an gléas duit.

Is é sin fad is dá mb’fhearr leat gan bheith i d’íobartach faisin.

Diarmuid Ó Muirgheasa