Tá an Cabaret ar ais arís Dé Sathairn agus tá aíonna iontacha bailithe le chéile ag Gaeil chraiceáilte Ghaoth Dobhair.
Seo an liosta, má tá tú sa cheantar, buail isteach!

Tá an Cabaret ar ais arís Dé Sathairn agus tá aíonna iontacha bailithe le chéile ag Gaeil chraiceáilte Ghaoth Dobhair.
Seo an liosta, má tá tú sa cheantar, buail isteach!

Tá oíche mhór cheoil Ghaoth Dobhair, An Cabaret Craiceáilte, ag dul ó neart go neart agus Dé Sathairn 28 Feabhra bhí ócáid eile spleodrach ann nuair a bhí an banna reggae Gaeilge is fearr ar domhan, Bréag, istigh leis an slua a chur ag bogadh.
Ón bharr, tá cuid den scaifte i mbun damhsa i dTigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag; Caoimhín Mac Giolla Catháin agus Peter Benson de chuid Bréag; Gráinne Holland, amhránaí leis an ghrúpa Casadh; agus fear an tí é féin, Rónán ‘Beo@3′ Mac Aodha Bhuí in éineacht le Róise Nic Corraidh agus Gráinne.
Beidh an chéad Chabaret Craiceáilte eile ar siúl san Odeon, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Dé Luain 16 Márta mar chuid de SnaG.
