Is gnóthach an chathair í Béal Feirste an tseachtain seo le himeachtaí ag tarlú gach oíche i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach.
Dé Máirt 10 Samhain is i gCumann Chluain Ard a bheas an chraic ar fad le Tráth na gCeist agus oíche mhór cheoil ar siúl sa chlub ar Shráid na Scéiche.
Ócáid í seo atá á heagrú ag Cumann Gaelach Ollscoil na Ríona agus beidh deis ag mic léinn na cathrach bailiú le chéile in atmaisféar lán-Ghaeilge.
Beidh an sár-ghrúpa traidisiúnta Cinnte ag bualadh ó 10in, tá £3 ar an doras agus téann an t-airgead uilig go Naíscoil Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.
Chomh maith le hoíche na mac léinn, cuirtear tús inniu leis an fhéile bhliantúil ‘Gaeilge le Bród’ agus tá clár lán curtha le chéile ag lucht a eagraithe.
Beidh siúlóidí agus ceolchoirmeacha ar siúl le linn na seachtaine (breis eolais le fáil ag www.glornamona.com) agus i measc na mbuaicphointí do lucht nós* tá an cheardlann ghraifítí a bheas i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar 10rn Déardaoin; Léacht Harry Holland faoi ‘Capitalising On Culture’ ar 8in an lá céanna le ceol beo ón bhanna iontach Casadh ina dhaidh agus ceardlann Bréag i gClub Ghort na Móna ar 9in Dé hAoine.
Muna bhfuil go leor agat ansin beidh ceardlanna damhsa ar an sean-nós ar siúl Dé Sathairn i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh do gach duine a rinne iarracht cúpla steip a dhéanamh ag an Oireachtas, ach nár éirigh chomh hiontach sin leo, hup!








