Clibeanna: "fran"

leas-bhainisteoir fran-tastic

Tags: , , ,

leas-bhainisteoir fran-tastic


fran-briankerrTháinig an bréag-chlár faisnéise faoin spotsolas mór le roinnt blianta anuas, le leithéidí The Office ag tarraingt aird an phobail ar an dá thaobh den Atlantach, agus anois seo chugainn sraith Éireannach a fhágfaidh gáire ar go leor aghaidheanna chomh maith.

Díríonn Fran ar shaol Fran Costello, leas-bhainisteoir ar St Peter’s United, foireann sacair a imríonn sa Dara Roinn de Shraith Shinsearach Chúige Laighean.

Ní raibh St Peter’s sa Chéad Roinn le beagnach deich mbliana anuas ach dar le príomhcharachtar an chláir go bhfuil sé sin ar fad le hathrú i mbliana agus tugann sé cuireadh do chriú ceamara cluichí na foirne a leanúint.

Cé nach féidir le Fran sacar a imirt a thuilleadh mar gheall ar ‘aimhréidh mhíochaine’, is fear an-ghóthach é – ó na séisiúin traenála a shocrú, an mionbhus a eagrú agus na himreoirí a mhuscáilt – agus tugann sé faoina chuid cúraimí go dáiríre díosgraiseach i gcónaí.

Fiú ón chur síos gairid sin is féidir mianach grinn na sraithe a fheiceáil agus cuireann taispeántas Darragh Humphreys i ról Fran go mór le cur i láthair an ghrinn chéanna.

Is iarchéimí de chuid Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath é Darragh, áit a ndearna sé féin agus duine de scríbhneoirí/stiúrthóirí na sraithe, Richie Conroy, céim sa Luath agus Nua-Ghaeilge.

“Bhuaileamar le chéile ar an ollscoil, ” arsa Richie, “agus is cairde sin le Mark Hodkinson, an scríbhneoir/stiúrthóir eile.”

“Bheartaíomar rud éigin den saghas seo a dhéanamh le chéile cúpla bliain ó shin agus tháineamar suas le Fran.”

Is léir ón saothar deiridh gur bhain an fhoireann an-sult as bheith ag obair ar an tsraith (tá siad ag ullmhú le haghaidh sraith uimhir 2 cheana) agus tá Richie agus Mark fiú le feiceáil ann chomh maith mar fhir ghóraí.

Duine eile a bhfuil páirt aige ann níos déanaí ná laoch Fran, iarbhainisteoir na hÉireann féin, Brian Kerr.

Bhíothas in ann atmaisféar agus spraoi Fran a bhlaiseadh cheana féin ar Setanta agus TV3, agus beidh an DVD ar fáil ón suímh www.frantheseries.com ó Deireadh Fómhair ar aghaidh.

Rannóg: scáileánNótaí Tráchta (1)

eagrán eile chugat

Tags: , , , , ,

eagrán eile chugat


Ar bhain sibh taitneamh as an samhradh mall a bhí againn ansin, a mhair deireadh seachtaine iomlán?! Yee haa!!

Thaitin sé go mór linn anseo in oifigí fíorúla nós* ach ní stopann an obair agus, mar atá a fhios ag ár síntiúsóirí, tá eagrán úrnua den iris ar fáil anois le cúpla seachtain anuas.

Is léir an saineolas ceoil atá ag Ben Ó Faoláin agus an mhí seo tá léirmheasanna uaidh ar an ghrúpa Afracach Tinariwen agus ar an Chornach Luke Vibert.

Léigh freisin faoi Inglourious Basterds, an saothar de déanaí ón laoch scáileáin Quentin Tarrantino; faoin tsraith nua Fran; faoin fhuirseoir Steve Cummins; faoi dhráma nua Mhancháin Magan agus faoi chúrsaí ‘clúimh’ leis an Chailín sa Chathair.

Tá an 10 gcluiche ríomhaireachta is fearr riamh roghnaithe ag ár saoi teicneolaíochta, Diarmuid Ó Muirgheasa; labhair eagarthóir nós* Tomaí Ó Conghaile leis an fhear taobh thiar den fheachtas CAINT agus tugann Seán Ó hAdhmaill léargas dúinn ar mholtaí an Bhoird Snip Nua.

Go leor ann mar is gnáth, agus beidh tuilleadh ag teacht chugat arís go luath.

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (1)

Advertise Here
Advertise Here