nós* » nós*

Cuir ort do chuid… éicéadaí?
Tá líon na ndaoine atá ag cur suime in earraí atá éiceolaíoch agus cothrom ar ainmhithe ag méadú i rith an ama agus is dócha go bhfuil aithne ag cuid mhór againn ar veigeatóir nó ar dhuine nach n-itheann toradh ainmhí in aon chor.

Ach i ndáiríre cá mhéad againn atá eolach ar shaol na veigeán, agus ar a bhfaisean ach go háirithe?

Creideann veigeáin nár cheart úsáid a bhaint as an aon rud a thagann ó ainmhithe agus is cearta ainmhithe, agus an chruálacht a bhaineann dóibh, na cúiseanna is mó a luann siad as an chineál saoil seo a roghnú.

Tá earnáil na n-éadaí veigeáin ag fás de réir a chéile dá bharr, le daoine ag ceannach éicearraí ionas gur féidir leo cloí lena gcuid luachanna agus seasamh a ghlacadh ar son ainmhithe.

Seans go bhfeictear don mhórphobal gur cur amú ama é an cleachtas seo ach is léir nach bhfuil laghdú ag teacht air, ná baol air.

Is bean as na Stáit í Leanne Mai-ly Hilgart, thíos, atá ag fáil sochair as na nósanna nua seo mar go bhfuil comhlacht faisin aici nach ndíolann ach éadaí atá go hiomlán veigeáin – cothrom ar ainmhithe, cóir-thrádála agus in-athchúrsáilte.

Cuireann Vaute Couture – ar nós haute couture ach le v le haghaidh ‘veigeán’! – éadaí ardchaighdeáin ach ar fáil do dhaoine a bhfuil dúil acu sna stíleanna is déanaí ach nach bhfuil ag iarraidh aon rud ó ainmhí a chaitheamh.

Dhírigh Leanne isteach ar chótaí veigeáin ar dtús mar ina cathair dhúchais bíonn cosaint ón ghaoth de dhíth an mhórchuid den bhliain.

“Tá a fhios agat cad a deir siad faoi leapacha… go gcaitheann tú 25-33% de do shaol i do chodladh mar sin ba cheart duit ceann maith a fháil?,” arsa sí.

“Bhuel in Chicago caitheann muid cótaí greimhridh an tríú cuid den bhliain agus le tamall fada bhí mé ag iarraidh theacht ar cóta gleoite a bhí breá te agus maith d’ainmhithe ag an am céanna.

“De ghnáth bíonn éiceadaí agus earraí veigeáin níos sportúla agus neamhfhoirmiúla, atá iontach le haghaidh siúlóide ach nach bhfoireann d’ócáidí eile.

“Thuig mé go mb’fhéidir go mbeadh éileamh ar chótaí deasa agus ba é sin an tús!”

Dar le Leanne nár cheannaigh sí aon earra a bhain le hainmhithe ó bhí sí ar an scoil dara leibhéal ach gur cheap sí ag an am nár bhain faisean ach le lipéidí. Tá a dearcadh athraithe go mór anois.

“Tar éis tréimhse a chaitheamh i mbun mainicíneachta san Áise, rith sé liom gur bhain faisean leis na rudaí ar fad a raibh dúil agam iontu – ealaín agus na rudaí sin a léiríonn ar an taobh amuigh cad é mar a mhothaíonn tú ar an taobh istigh.”

Tá an cuardach le haghaidh fabraicí nua-aoiseacha nach dtagann ó ainmhithe ach a bhfuil cáilíochtaí ar nós olla ag baint leo ag croílár nua-chomhlachtaí veigeáin mar Vaute Couture.

Is minic fosta a nascann siad iad féin le grúpaí a oibríonn ar son ainmhithe agus in amanna cuirtear cuid den airgead a dhéantar ar na héadaí i dtreo na bhfeachtas seo.

Casadh spéisiúil san earnáil éadaí é fás na n-earraí veigeáin agus, cé gur tíortha ar nós SAM atá ag tiomáint na n-athruithe seo, bígí cinnte go bhfeicfear a macasamhail ar shráideanna na hÉireann san aimsir amach romhainn.

Una B

Fómhar na bhFear
Le séasúr faisin an Fhómhair/Gheimhridh linn, is cosúil go bhfuil trí mhór-thionchar ann le faisean na bhfear; olann, fir adhmaid agus rac-cheol indie (fós!).

Cén fáth indie? Níl a fhios agam, mar tá sé uafásach i mo thuairim féin.

Le brístí gearra tanaí (nó jíons tanaí), caithfear a bheith cúramach.

Más maith leat stíl indie, lean ort, ach is minic a chaitheann fir iad agus cuma an-bheanúil orthu toisc nár smaoinigh siad faoin chulaith iomlán.

Is é an tslí is éasca chun cuma na jíons tanaí a dhéanamh ná léine liath le carbhat tanaí dubh.

Is fearr triail a bhaint as an scáthán sa seomra feistithe sula gceannaíonn tú rud ar bith.

Ná déan dearmad ar an riail órga: muna bhfuil tú iomlán cinnte, ná híoc as.

Mar Éireannaigh, is meascán é ár bhfaisean ón méid atá ag tarlúint san Eoraip (Londain ach go háirithe) agus Meiriceá.

Mar thír idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe, ní minic a fheictear stíl na Mór-Roinne ar shráideanna na hÉireann, ach tá na Lochlannaigh in ann tionchar a bheith acu orainn go fóill, mar a bhí fadó.

Tá geansaithe olla (sea, na cinn a chaitheann tú amach sa bhruscar gach Nollag!) ag teacht ar ais i mbliana, go háirithe le mórshiopa na Sualainne, H&M.

Seans maith nach mbeifeá róthógtha leo, ach is féidir cuma thuaisceartach/Nordach a chur le chéile le geansaí olla bán/gorm, jíons dubha agus bróga bána ar nós Converse nó a leithéid.

Bheadh an chuma Íoslannach éasca – agus saor go leor – le cur le chéile, buíochas le H&M, Dunnes Stores agus Penneys.

Más féidir leat cúpla Euro/punt sa bhreis a chaitheamh, is fiú bualadh isteach chuig Zara nó Jack & Jones.

Bíodh maith nó olc é, tá macallaí de na 70dí agus na 80dí le breathnú i bhfaisean na bhfear le déanaí (go pearsanta, sílim gur tragóid atá ann).

Más maith leat a leithéid de retro chic mar a thugtar air, tá sraith éadach nua de chuid River Island in ann do shuim a shásamh ach beidh ort buiséad cuíosach maith (thart ar €70) a bheith réidh agat chun fiúntas a fháil as.

Fógraithe go hoifigiúil ag banna iontach nua Hurts, tá trend nua le feiceáil i measc na bhfear.

Tugtar Grindstone air, é ina mhacalla d’fhaisean na gcaogaidí le geansaithe olla (ar nós na nÍoslannach, ach gan bheith ildaite), léinte agus cultacha leathfhoirmiúla, agus scairfeanna dúghorma.

Más maith leat a leithéid, ach níl tú cinnte conas tosnú, féach ar fhíseán Wonderful Life le Hurts ar YouTube!

Agus ar deireadh, cé nach bhfuil sé ag tosú i siopaí na hardsráide go fóillín, tá Dolce & Gabbana ag cur na stíle foirmiúla chun cinn i mbliana le seaicéid chulaith dhubha a mheascadh le hoodies, agus léine bán & carbhat dubh a mheascadh le brístí bhoga.

Smaoinigh faoi ar nós preppy in aghaidh síc (chic) an choláiste!

Bígí ag fáil réidh.

Scott de Buitléir

Hataí – faisean riachtanach an gheimhridh
Bhí am ann nach raibh hataí geimhridh chomh cúl sin ach tá an scéal iomlán athraithe sa lá atá inniu ann.

Bíonn ceanródaithe faisin i gcónaí ag fobairt agus ag athrú sean-éadaí, ag iarraidh stíl dá gcuid féin a chruthú, agus sin atá tar éis tarlú don cheannbheart traidisiúnta le tamall de bhlianta anuas.

I measc na stíleanna is coitianta atá le feiceáil ar mhná, agus ar fhir, óga faoi láthair tá an ceannbheart gambach cniotáilte, é le fáil i ngach dath faoi spéir agus cuma saghas hipí air chomh maith.

“Is é an beret cniotáilte atá ag teacht chun cinn le tamall anuas, é níos mó agus níos gioblaí ná an beret traidisiúnta,” arsa an dearthóir Meiriceánach Tamara Connor.

Dar léi go mbeidh níos mó daoine á chaitheamh amach anseo, é curtha le geansaithe mórthomhais, luiteoga agus buataisí, ach ar ndóigh is é an rud is fearr faoin beret ná go bhfuil sé ilúsáideach.

“Tá sé an-solúbtha,” arsa Kim Maxwell, comhairleoir faisin. “Is féidir le daoine é a chaitheamh le t-léinte agus jíons ach ag an am céanna d’fhéadfainn é a shamhlú ar dhuine le casóg dheas agus sciorta tanaí.”

“Más mian leat, is féidir é a chur thar do chluasa le haghaidh íomhá faoi leith, nó é ar chur ar thaobh amháin le haghaidh íomhá eile.”

Agus anois go bhfuil hataí níos faiseanta ná ariamh, is féidir an rud céanna a dhéanamh le do rogha ceannbhirt.

Mar sin má tá sean-hata cniotáilte ina luí áit éigin agat – nó fiú má tá fonn ort ceann nua a aimsiú sna sladmhargaí atá ar siúil i láthair na huaire – caith ort é mar ní hamháin go mbeidh tú ag cur le do stíl féin ach beidh tú breá te teolaí san aimsir fhuar seo chomh maith!

Leideanna Smididh
Níor chóir go mbeadh ort bonnsmideadh (foundation) tiubh a chaitheamh na laethanta seo, is leor maothóir dathach (tinted moisturiser).

Tá an-chuid acu seo thart faoi láthair, msh Laura Mercier, Benefit, Origins agus Clinique.

Déanann siad san ar fad cinn deasa éadroma agus bí cinnte go bhfaigheann tú an dath ceart.

Uaireannta ní bhíonn SPF iontu seo mar sin bí ag faire amach dó sin.

Caith uait an púdar freisin – lig don aer feabhas a chur ar do chraiceann.

Má bhíonn tu ag lorg luisnigh (blusher) nua ná bac le púdar ach faigh crème blush deas, féachann sé níos nádurtha agus tá sé eadrom freisin.

Cur mascara dubh/donn ar na súile agus ní bheidh aon ní eile uait. Go pearsanta is maith liom Chanel Inimitable nó Bad Gal Lash ó Benefit.

Más rud é go bhfuil tú bréan tuirseach den smideadh cheana, bain triall as smideadh déanta as mianraí i.e Bare Escentuals nó Jane Iredale.

Ní hamháin go mbreathnóidh tú go hálainn ach beidh tú ag deanamh maitheasa don chraiceann chomh maith.

Sínéad Ní Churnáin