Clibeanna: "faisean"

Hataí – faisean riachtanach an gheimhridh

Tags: , ,

Hataí – faisean riachtanach an gheimhridh


 

cailin-hataBhí am ann nach raibh hataí geimhridh chomh cúl sin ach tá an scéal iomlán athraithe sa lá atá inniu ann.

Bíonn ceanródaithe faisin i gcónaí ag fobairt agus ag athrú sean-éadaí, ag iarraidh stíl dá gcuid féin a chruthú, agus sin atá tar éis tarlú don cheannbheart traidisiúnta le tamall de bhlianta anuas.

I measc na stíleanna is coitianta atá le feiceáil ar mhná, agus ar fhir, óga faoi láthair tá an ceannbheart gambach cniotáilte, é le fáil i ngach dath faoi spéir agus cuma saghas hipí air chomh maith.

“Is é an beret cniotáilte atá ag teacht chun cinn le tamall anuas, é níos mó agus níos gioblaí ná an beret traidisiúnta,” arsa an dearthóir Meiriceánach Tamara Connor.

Dar léi go mbeidh níos mó daoine á chaitheamh amach anseo, é curtha le geansaithe mórthomhais, luiteoga agus buataisí, ach ar ndóigh is é an rud is fearr faoin beret ná go bhfuil sé ilúsáideach. 

“Tá sé an-solúbtha,” arsa Kim Maxwell, comhairleoir faisin. “Is féidir le daoine é a chaitheamh le t-léinte agus jíons ach ag an am céanna d’fhéadfainn é a shamhlú ar dhuine le casóg dheas agus sciorta tanaí.”

“Más mian leat, is féidir é a chur thar do chluasa le haghaidh íomhá faoi leith, nó é ar chur ar thaobh amháin le haghaidh íomhá eile.”

Agus anois go bhfuil hataí níos faiseanta ná ariamh, is féidir an rud céanna a dhéanamh le do rogha ceannbhirt.

Mar sin má tá sean-hata cniotáilte ina luí áit éigin agat – nó fiú má tá fonn ort ceann nua a aimsiú sna sladmhargaí atá ar siúil i láthair na huaire – caith ort é mar ní hamháin go mbeidh tú ag cur le do stíl féin ach beidh tú breá te teolaí san aimsir fhuar seo chomh maith!

 

Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (0)

Leideanna Smididh

Tags: , ,

Leideanna Smididh


 

bad-gal-lashNíor chóir go mbeadh ort bonnsmideadh (foundation) tiubh a chaitheamh na laethanta seo, is leor maothóir dathach (tinted moisturiser).

Tá an-chuid acu seo thart faoi láthair, msh Laura Mercier, Benefit, Origins agus Clinique. 

Déanann siad san ar fad cinn deasa éadroma agus bí cinnte go bhfaigheann tú an dath ceart. 

Uaireannta ní bhíonn SPF iontu seo mar sin bí ag faire amach dó sin.

Caith uait an púdar freisin – lig don aer feabhas a chur ar do chraiceann.

Má bhíonn tu ag lorg luisnigh (blusher) nua ná bac le púdar ach faigh crème blush deas, féachann sé níos nádurtha agus tá sé eadrom freisin.

Cur mascara dubh/donn ar na súile agus ní bheidh aon ní eile uait. Go pearsanta is maith liom Chanel Inimitable nó Bad Gal Lash ó Benefit.

Más rud é go bhfuil tú bréan tuirseach den smideadh cheana, bain triall as smideadh déanta as mianraí i.e Bare Escentuals nó Jane Iredale. 

Ní hamháin go mbreathnóidh tú go hálainn ach beidh tú ag deanamh maitheasa don chraiceann chomh maith.

Sínéad Ní Churnáin

Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (1)

Advertise Here
Advertise Here