Seolfar Seachtain na Gaeilge 2009 sa Button Factory in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill, BÁC, amárach 25 Feabhra.
Blathnaid Ní Chofaigh agus Ian Dempsey a sheolfaidh an fhéile agus in éineacht leo beidh cuid de na ceolróirí a bheas le cloisteáil ar albam SnaG na bliana seo – Ceol ‘09 – Declan O’Rourke, Fiach, Saccade agus Pádraig Ó Sé ina measc.
Táthar ag cur baillchríche ar an albam faoi láthair agus seolfar é i mí Mhárta.
Ar na hamhráin atá san áireamh i mbliana tá Falling Slowly, a bhuaigh Oscar anuraidh don Amhrán Nua is Fearr, agus leagan Gaeilge d’amhrán iontach Mick Flannery, Tomorrow’s Papers.
Tá iontrálacha ann ó bheirt amhránaithe a bhfuil ardchlú bainte amach acu le tamall, mar atá Duke Special agus Cathy Davey agus beidh an Speall é féin, John Spillane, ann chomh maith lena leagan féin de An Poc ar Buille.
Beidh tuilleadh faoi Ceol ’09 ar eagrán Márta nós* agus tosaíonn an chraic ar fad sa Button Factory ar 6in.
Tosóidh Seachtain na Gaeilge féin ar 2 Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh go 17 Márta.








