nós*» cymru

Ceol ar an imeall
Seo tréimhse na bhféilte ceoil agus cé nach bhfuil féile iomlán dírithe ar nuacheol Gaeilge againn sa tír seo – go fóill – tá ár gcairde thall i gCymru ag canadh leo i gcónaí agus an deireadh seachtaine seo cuirfear tús le féile úrnua Bhreatnaise.

Beidh Y Ffin – a chiallaíónn ‘An tImeall’ – ar siúl in Yr Wyddgrug/Mold i dtuaisceart na Breataine Bige agus beidh rogha na ngrúpaí comhaimseartha Cymraeg, mar aon le hAngla-bhannaí roc agus pop ón tír, ag cur an tsiamsa ar fáil do na sluaite.

Eagraithe ag an eagras teanga Mentrau Iaith Cymru, tháinig Y Ffin ar an fhód i ndiaidh dóibh taighde a dhéanamh ar cad a bhí ag teastáil ó dhaoine óga an cheantair.

“Ba léir ón taighde a rinne muid go raibh daoine óga anseo i Sir y Fflint ag iarraidh féile cheoil a thug ardán do ghrúpaí nua Breatnaise agus grúpaí Béarla as Cymru araon,” arsa Stiúrthóir Mentrau Iaith, Gwawr Cordiner.

“Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl thar an deireadh seachtaine, iad ar fad ar fáil go dátheangach, agus ní gá do dhaoine bheith buartha faoin ghéarchor creidmheasa mar tá gach rud saor in aisce.”

Ag barr an chláir tá an banna Sibrydion, ceoltóirí pop atá lonnaithe i gCaerdydd, agus na draoithe funcaí-áilte Derwyddon Dr Gonzo, a mheascann ska le líricí snasta Breatnaise.

Breis eolais ag www.yffin.co.uk

Agus ag caint ar imeachtaí ceoil “ar an imeall”, níl mórán áiteanna níos imeallaí ná imeall na hEorpa féin agus beidh an Cabaret Craiceáilte ag titim amach ansin, bhuel i dTigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Beag i nGaoth Dobhair le bheith beacht, De Sathairn seo 25 Iúil.

Is iad na Clubmen a bheas mar phríomhcheoltóirí na hoíche agus osclaíonn na doirse ar 10in, le €5 cead isteach.

Duffy – rockferry
An chéad albam fadseinnte ón amhránaí/scríbhneoir Breatnach Aimee Duffy. Tá sé ag barr na gcairteacha d’albaim cheoltóirí aonaracha in Éirinn agus sa Bhreatain ag am foilsithe.

Albam ceol anama atá snasta ach gearr é, ó bhean óg a bhfuil ardú le teacht ar a cáil i mbliana.

Cuirtear i gcomparáid go mion minic í le hAmy Winehouse, bíodh is gur leagan níos glaine, mar a déarfá, í Duffy.

Téann an t-albam seo i bhfeidhm go mór orm os rud é nach mbrúim an cnaipe ar aghaidh agus mé ag éisteacht leis. Cabhraíonn a ghairide (38 nóiméad) leis sin ach fágfaidh sé éisteoirí ar bís leis an gcéad albam eile cé nach bhfuil an t-albam seo ach seolta le mí anuas.

Tá sé an-éasca éisteacht le ceol Duffy. Meallann sí éisteoirí de gach aois agus inscne.

Faoi láthair is é an t-amhrán Mercy atá le cloisteáil go forleathan ar an raidió. I mo thuairimse ní hé seo an ceann is fearr atá ar an albam: amhráin an-mhealltacha iad Delayed Devotion, Distant Dreamer agus Serious chomh maith.

Chuirfeadh sé ionadh ort go ndeachaigh Duffy agus iar-ghiotáraí Suede, Bernard Butler, i mbun oibre le chéile ar go leor den albam seo. Cloistear Butler ag seinnt ar Syrup & Honey, amhrán arb é an tsimplíocht an rud is deise faoi. Suantraí deas atá ann le giotár leictreach glan. Is gné choitianta iad na téaduirlisí agus an pianó ar an albam seo chomh maith, ar Hanging On Too Long mar shampla, rud a chuireann le haibíocht Duffy ó thaobh a ghutha agus a spriocmhargaidh de.

Is albam deas é seo a thaithneoidh leat ar an gcéad éisteacht. Tagann críoch leis gan choinne, ach tá uimhir a haon ar bharr na gcairteacha toilte go maith aige. Tá sraith ghigeanna san Eoraip le seinnt aici i mbliana, go leor féilte san áireamh.

Táthar ag súil leis go mbeidh sí ag fógairt gigeanna in Éirinn go gairid.

Félim Borland

Punc Cymru – fréamhacha thionscáil ceoil na Breataine Bige
Cuireadh tús le tionscal ceoil na Breataine Bige, mar is ceart, in 1969 nuair a bunaíodh an príomhlipéad Breatnaise, Sain. D’eisigh siad ceirníni le ceoltóirí traidisiúnta na Breatnaise ach sa bhliain 1990 bhunaigh siad lipéad úr chun díriú ar mhargadh níos óige, agus ceol chomhaimseartha an lae.

Go dtí sin, ní raibh lipéad mór ar bith ann ag amharc i ndiaidh rac-ghrúpaí Breatnaise, agus bhí na bannaí iad féin ag bunú lipéidí beaga chun a gcuid ceirníní féin a chur amach.

I ndeireadh na seachtóidí, agus sna hochtóidí, bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise. Ina measc bhí, Rhys Mwyn, dordghiotáraí le Anrefhn agus fear atá i gceannas ar an lipéad Crai anois.

“Bhí cineál post punk vibe ag tarlú agus bhí grúpaí ceoil ag reachtáil a gcuid lipéidí féin, agus ag éisiúint ceirníní singil seacht n-orlaigh. Bhí mise i mo bhall den ghrúpa Anhrefn, agus thosaigh muid ár lipéad féin in 1983, Anhrefn Records. Bhí muid faoi thionchar léithéidí Factory Records i Manchain Shasana, agus an lipéad a bhí ag Crasse i dtús na n-ochtóidí. Bhí ár lipéad féin againn gan aon chúnamh airgid ón Stáit. Bhailigh muid airgead trínár ngigeanna féin a eagrú, agus chuirfeadh muid an brabús uilig isteach sa lipéad arís. Obair dheonach den chuid is mó a bhí ann, cé go raibh muid ag obair air go lán-aimseartha.”

Ba sa Bhreatain Bheag féin a bhí siad ag seinm den chuid is mó go dtí gur chuir duine de na láithreoirí raidió ceoil is mó sa Bhreatain ag an am spéis iontu féin agus grúpaí eile a bhí ag canadh as Cymraeg.

“Thosaigh John Peel ag seinm ár gcuid ceirníní idir 1985 agus 1987, agus mar gheall air sin, tugadh cuireadh dúinn coirmeacha ceoil a dhéanamh taobh amuigh den Bhreatain Bheag den chéad uair.”

Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais.

Cé gur chan siad i mBreatnais, deir Rhys go raibh síad frithnáisiúnach.

“Grúpa punc a bhí ionainn agus meas againn ar gach aon chultúr. Ní raibh muid ag iarraidh daoine a choinneáil amuigh. Creideann muid go bhfuil an náisiúnachas caite i mbosca brúscair na stáire le fada. Scaip muide an scéala gur chóir duit do theanga féin a labhairt. Bhí cineál achrann inmheánach ansin sa ghrúpa maidir leis an dóigh is fearr leis an teachtaireacht a chur chun cinn. An mbeadh muid ar son cultúir, ar son indibhidiúlachais, frithnáisiúnach, nó caidé?

“Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. Agus bhí muid ag mealladh daoine i dtreo na teangan lenár gceol. Ag an deireadh choinnigh an pholaitaíocht síar muid cionnas go raibh muid ró-radacach.”

Ach tá luach saothair anois ar a gcuid oibre. Tá an lipéad Crai iontach gnóthach, agus grúpaí ceoil cosúil le Big Leaves, Gogz, Maharishi, agus Gwenno ag eisiúint ceirníní atá ag tarraingt aird mhór ar cheol na Breatnaise.

“Tá grúpaí curtha ar fáil againn atá ag déanamh go maith ar an stáitse idirnáisiúnta, agus is cúis bróid dúinn go bhfuil grúpaí cosúil leis na Super Furry Animals, ina bhfuil iar-bhall Anhrefn ag buaileadh na ndrumaí, ag tabhairt cheol na Breataine Bige amach os comhair an tsaoil mhóir.”

Sa lá atá inniu ann tá beocht as cuimse i saol ceoil Cymraeg, réabhlóid a tosaíodh siar sna 60í, a neartaigh puncairí cosúil le Rhys sna 80í agus atá anois ag cur amach na scórtha amhrán roc agus pop gach bliain. Ag croí na réabhlóide seo tá eagrais ar nós Cymdeithas yr Iaith Gymraeg agus Ciwdod a thugann deis agus tacaíocht do bhannaí nua a gcuid scileanna a thaispeáint dá bpobal féin.

Cool Cymru gan aon amhras.

Rónán Mac Aodha Bhuí