Clibeanna: "comórtas"

comórtas Kíla!

Tags: , ,

comórtas Kíla!


Kila-RoghaTá a gcéad albam díolama eisithe ag an sárbhanna Gaelach, Kíla, é lán go clúdach leis na hamhráin is fearr atá taifeadta acu le beagnach 20 bliain anuas.

I measc na gcnag ar The Best of/Rogha Kíla (ar bailiúchán 2 dlúthdhiosca é) tá na clasaicí, Tóg é go Bóg é, Bí Ann, Ón Taobh Tuathail Amach agus Leath ina Dhiaidh a hOcht.

Beidh áthas ar ár léitheoirí a fháil amach chomh maith go bhfuil 4 cóip den albam iontach seo le buachan againn agus ní gá daoibh ach an cheist seo thíos a fhreagairt. Seans go mbeidh www.kila.ie ina chuidiú agaibh agus sibh ag aimsiú an fhreagra!

  • Cén tír Eorpach ina mbeidh Kíla ag seinm ag tús mhí Dheireadh Fómhair?
  • In which European country will Kíla be playing at the beginning of October?

Seol d’fhreagra, mar aon le d’ainm, chuig duais@nosmag.com roimh 5 Deireadh Fómhair.

Ádh mór oraibh!

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

comórtas scoil samhraidh!

Tags: , , ,

comórtas scoil samhraidh!


nidhomnaillBuíochas le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, a bheas ar siúl i mBéal Feirste idir 27 Iúil & 2 Lúnasa, tá péire ticéad le haghaidh gig le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le buachan againn an mhí seo.

Beidh an cheolchoirm iontach seo, le beirt de na hamhránaithe is fearr sa domhan Gaelach, ar siúl Dé Céadaoin 29 Iúil agus chun seans bheith agat do lámha a fháil ar na ticéid, níl le déanamh agat ach freagra na ceiste simplí seo thíos a sheoladh chuig duais@nosmag.com roimh 26 Iúil.

Cárb as do Mhaighréad agus Tríona?

Breis eolais faoin Scoil Samhraidh le fáil ag www.ccmr156.com

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (3)

Buaiteoirí chomórtas Ceol 09

Tags: ,

Buaiteoirí chomórtas Ceol 09


nell-brydenAr bharr an dea-scéala faoi na Gradaim Chumarsáide, tá ceann eile againn daoibh – buaiteoirí chomórtais Ceol 09.

Bhí ceithre chóip le buachan an mhí seo agus le bheith san iomaíocht ní raibh le déanamh agat ach a rá linn gurb as Baile Átha Cliath é Fiach.

Chuir na scórtha isteach ar an gcomórtas agus, sa deireadh, is iad an ceathrar a raibh an t-ádh orthu an babhta seo ná:

  • Declan Fitzpatrick, Londain
  • Cecelia Gavigan, BÁC 9
  • Neil Ó Briain, Corcaigh
  • Adrienne Ní Mhuirí, BÁC 3

Comhghairdeas libh! Beidh cóip den albam iontach – ar a bhfuil The Swell Season, Paddy Casey, Ham Sandwich, Eddi Reader, Mick Flannery, Cathy Davey, Nell Bryden (thuas), Duke Special agus eile – ag dul amach chugaibh gan mhoill.

Agus ná déanaigí dearmad go bhfuil léirmheas ar gach amhrán de Ceol ‘09 le léamh in eagrán mhí Aibreáin de nós*.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Comórtas Ceol 09

Tags: , ,

Comórtas Ceol 09


ceol-09-coverBuíochas lenár gcairde i Seachtain na Gaeilge, tá 4 chóip de Ceol 09 le tabhairt amach againn an mhí seo.

Le bheith san iomaíocht, ní gá ach freagra na ceiste seo a leanas, mar aon le d’ainm agus seoladh, a chur chuig duais@nosmag.com roimh 18 Aibreán.

Ádh mór!

Cárb as don gceoltóir Fiach?


Rannóg: ceolNótaí Tráchta (3)

Advertise Here
Advertise Here