nós* » nós*

Cinsireacht – ar leac an dorais?
Rinneamar trácht cheana anseo do chás cúirte PirateBay, agus an meon do-mhaiteach úd a bhí acu i gcónaí riamh.

Fós fíor?

Bhuel, d’ullmhaíodar don chás trí chóisir a reáchtáil agus dul ar thuras bus mórthimpeall na hEorpa.

Ar shlí, thuigfeá dóibh – tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil cliú ag dlíodóirí an RIAA cad go díreach atá ar siúl ag PirateBay.

Tá cuid den chás athraithe acu cheana féin, ó tharla nár thuigeadar conas go díreach a oibríonn Pirate Bay, agus tá fianaise tagtha chun cinn anois go bhfuil suas le 80% den ábhar atá ar Pirate Bay iomlán dleathach.

Tá an chosúlacht ann mar sin go bhfuil an t-ionchúiseamh ag titim as a chéile, ach feicimid.

Tá daoine eile mórthimpeall na cruinne ag tabhairt airde ar PirateBay chomh maith.

Agus muid ar tí dul ag na clódóirí (eagrán Mhárta), tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta go bhfuil Eircom i ndiaidh an doras a oscailt a ligeadh do leithidí an IRMA (Irish Recorded Music Association) iachall a chur orthu PirateBay a bhlocáil.

Cén fhadhb leis seo, a deir tú, ag ceapadh nach bhfuil ar PirateBay ach físeáin mhídleathacha?

Bhuel, mar atá thuasluaite, tá 80% den ábhar ar PirateBay iomlán dleathach.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí.

Níos tábhachtaí i bhfad ná an cúpla comhad sin, áfach, ná an sampla atá á leagadh síos.

Anois, nílimid ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir údaráis na Síne agus Eircom ó thaobh chinsireacht na meán de, ach má oireann an caipín…

Beimid anseo ag nós* ag coimead súil an-ghéar ar fad ar an scéal seo agus é ag titim amach, ach ní deas an rud a cheapadh go bhfuil cinsireacht díreach timpeall an chúinne uainn.

Leanann an triail sa tSualainn ar aghaidh.

Diarmuid Ó Muirgheasa