Clibeanna: "cabaret craiceáilte"

Ceol ar an imeall

Tags: , , , ,

Ceol ar an imeall


derwyddon

Seo tréimhse na bhféilte ceoil agus cé nach bhfuil féile iomlán dírithe ar nuacheol Gaeilge againn sa tír seo – go fóill – tá ár gcairde thall i gCymru ag canadh leo i gcónaí agus an deireadh seachtaine seo cuirfear tús le féile úrnua Bhreatnaise.

Beidh Y Ffin – a chiallaíónn ‘An tImeall’ – ar siúl in Yr Wyddgrug/Mold i dtuaisceart na Breataine Bige agus beidh rogha na ngrúpaí comhaimseartha Cymraeg, mar aon le hAngla-bhannaí roc agus pop ón tír, ag cur an tsiamsa ar fáil do na sluaite.

Eagraithe ag an eagras teanga Mentrau Iaith Cymru, tháinig Y Ffin ar an fhód i ndiaidh dóibh taighde a dhéanamh ar cad a bhí ag teastáil ó dhaoine óga an cheantair.

“Ba léir ón taighde a rinne muid go raibh daoine óga anseo i Sir y Fflint ag iarraidh féile cheoil a thug ardán do ghrúpaí nua Breatnaise agus grúpaí Béarla as Cymru araon,” arsa Stiúrthóir Mentrau Iaith, Gwawr Cordiner.

“Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl thar an deireadh seachtaine, iad ar fad ar fáil go dátheangach, agus ní gá do dhaoine bheith buartha faoin ghéarchor creidmheasa mar tá gach rud saor in aisce.”

Ag barr an chláir tá an banna Sibrydion, ceoltóirí pop atá lonnaithe i gCaerdydd, agus na draoithe funcaí-áilte Derwyddon Dr Gonzo, a mheascann ska le líricí snasta Breatnaise.

Breis eolais ag www.yffin.co.uk

Agus ag caint ar imeachtaí ceoil “ar an imeall”, níl mórán áiteanna níos imeallaí ná imeall na hEorpa féin agus beidh an Cabaret Craiceáilte ag titim amach ansin, bhuel i dTigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Beag i nGaoth Dobhair le bheith beacht, De Sathairn seo 25 Iúil.

Is iad na Clubmen a bheas mar phríomhcheoltóirí na hoíche agus osclaíonn na doirse ar 10in, le €5 cead isteach.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

An Cabaret is craiceáilte!

Tags: , , , , ,

An Cabaret is craiceáilte!


Tá an Cabaret ar ais arís Dé Sathairn agus tá aíonna iontacha bailithe le chéile ag Gaeil chraiceáilte Ghaoth Dobhair.

Seo an liosta, má tá tú sa cheantar, buail isteach!

Cabaret-Meith

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Pics – cabaret i mBÁC

Tags: , , , , ,

Pics – cabaret i mBÁC


mc-muipead maireainebubbadaithiodreonai

Bhailigh slua breá isteach san Odeon, Baile Átha Cliath, 16 Márta leis an tallann Ghaelach is úire agus is spleodraí ar domhan a fheiceáil agus a chloisteáil ag an Cabaret Craiceáilte.

Beidh gghraif eile againn anseo agus sa chéad eagrán clóite go luath ach le blaiseadh beag a thabhairt daoibh ar chraic na hoíche, seo cúpla pic ón ócáid iontach.

Ón bharr, tá MC Muipéad agus Jimmy the Hideous Penguin; Máire Áine Ní Iarnáin i mbun damhsa; Bubba Shakespeare agus a bhanna; agus, ar chlé, an ceoltóir óg Dáithí Ó Drónaí.

Tuilleadh le teacht!

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Pics – cabaret craiceáilte

Tags: , , , ,

Pics – cabaret craiceáilte


cabaret-breag1
breag11 cabaret-grainnecabaret-ronan

 

Tá oíche mhór cheoil Ghaoth Dobhair, An Cabaret Craiceáilte, ag dul ó neart go neart agus Dé Sathairn 28 Feabhra bhí ócáid eile spleodrach ann nuair a bhí an banna reggae Gaeilge is fearr ar domhan, Bréag, istigh leis an slua a chur ag bogadh.

Ón bharr, tá cuid den scaifte i mbun damhsa i dTigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag; Caoimhín Mac Giolla Catháin agus Peter Benson de chuid Bréag; Gráinne Holland, amhránaí leis an ghrúpa Casadh; agus fear an tí é féin, Rónán ‘Beo@3′ Mac Aodha Bhuí in éineacht le Róise Nic Corraidh agus Gráinne.

Beidh an chéad Chabaret Craiceáilte eile ar siúl san Odeon, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Dé Luain 16 Márta mar chuid de SnaG.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Advertise Here
Advertise Here