Clibeanna: "bruce springsteen"

Bruce Springsteen – working on a dream

Tags: , ,

Bruce Springsteen – working on a dream


Dóchas. Sin ceann de na focail is mó a cheanglaítear le ré úr Barack Obama thall i SAM agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an mothúchán céanna le brath ar an albam is déanaí ó chara seo an Uachtaráin nua.

Is é Working On A Dream an 16ú albam stiúideo ó Bruce Springsteen agus má bhí teachtaireachtaí polaitiúla le léamh ar a albam deireanach Magic, tá na teachtaireachtaí i bhfad níos gealgháirí an iarraidh seo.

Tá fuaim aitheanta Springsteen le cluinstin ann ó thús deireadh, beag nó mór, agus ar chuid de na hamhráin téann sé ar ais chuig an tobar a spreag é sa chéad dul síos.

Is amhrán clasaiceach é Working On A Dream féin agus cuireann My Lucky Day leithéidí Glory Days i gcuimhne duit.

In áit na ngnéithe domhanda lenar phléigh an laoch seo le tamall, filleann sé ar scéaltaí níos pearsanta san albam seo agus tá roinnt amhrán láidir grá san áireamh chomh maith.

Ina measc sin tá Queen of the Supermarket ina gceolann Springsteen faoi chailín a oibríonn i siopa agus lena bhfuil sé go mór i ngrá. 

Seans nach í an ghnáth-íomhá a shamhlaítear leis an Boss ach oibríonn an stíl seo, den chuid is mó, agus is léir go raibh réaltaí roc ar nós Roy Orbison ag dul i bhfeidhm air nuair a bhí sé ag cur an albaim le chéile.

Bíonn fuinneamh agus dóchas an cheoil i gcodarsnacht dheas in amanna le fírinne na bhfocal fosta agus in Outlaw Pete insítear scéal greannmhar mothúchánach atá lonnaithe go domhain i saol traidisiúnta Mheiriceá.

Ar bhuaiceanna eile an albaim tá The Wrestler, amhrán a scríobh sé don scannán den teideal céanna agus a bhuaigh gradam Golden Globe i mí Eanáir. Tá an t-amhrán céanna ag croílár chuid mhór cainte ar líne chomh maith ar an ábhar nach bhfuair sé ainmniúchán Oscar fiú, ach sin scéal eile do lá eile.

Cé go bhfuil siad ann a déarfadh nach bhfuil mórán sa difear idir an eisiúint seo agus albaim eile de chuid Springsteen, agus b’fhéidir go bhfuil amhrán nó dhó ina measc atá cosúil go leor lena chéile, is cinnte go gcuirfidh lucht leanúna s’aige an-dúil go deo ann, agus gach ceart acu chomh maith.

Beidh Bruce Springsteen ag seinm sa RDS i mBÁC i mí Iúil.

RG Cuan

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Weezer – red album

Tags: , , , , ,

Weezer – red album


weezer-theredalbumTá go leor déanta ag baill Weezer taobh amuigh de ghnó an ghrúpa óna n-albam deireanach Make Believe in 2005, san áireamh tá neart taobh-thionscadal, céim ó Harvard, bainis agus breith páistí.

Mar thoradh ar an sos gairme tá an t-ábhar an-úr agus difriúil ón stuif roimhe seo.

An difear is mó an iarracht seo ná go bhfuil go leor den ábhar ar an albam níos oiriúnaí do na cairteacha ná mar a bhí ábhar Weezer a riamh, agus cuid den ábhar sin scríofa ag an ngiotáraí Brian Bell agus ag an drumadóir Patrick Wilson.

Ní chuireann an t-athrú as an iomarca don albam mar tá seanstíl aitheanta Weezer fós i réim mar is féidir cloisteáil ar amhráin ar nós Troublemaker, The Greatest Man That Ever Lived agus Pork and Beans.

Ar Heart Songs, tugann Cuomo buíochas do na ceoltóirí a thug spreagadh dó: John Lennon, Bruce Springsteen, Iron Maiden agus mórán eile. Is sampla maith é Everybody Get Dangerous agus Dreamin’ den éabhlóid atá tar éis teacht ar Weezer chun ábhar cairteacha a chur ar fáil ach fós a choinníonn greim ar a seanfhuaim.

Amhráin lán-ghiotáir agus liricí cliste atá iontu a mbeidh tóir orthu ag a ngigeanna amach anseo. Ó Thought I Knew ar aghaidh tá athrú iomlán nach mór le cloisteáil ar a bhfuaim. Ní nach ionadh mar amhrán atá ann ar scríobhadh i dtosach do ghrúpa Bell, The Relationship agus tá Bell féin ina amhránaí air.

Ar Cold Dark World, cloistear an dord-ghiotáraí Scott Shriner ag canadh agus ag rapáil, agus ar Automatic a thugtar deis do Patrick Wilson a chuid a dhéanamh. Is leagan maith de The Weight de chuid The Band atá déanta acu anseo agus ar fiú éisteacht leis.

Ar an iomlán, is cosúla go mbeidh díomá ar fhíorleantóirí Weezer le Red Album de dheasca an imeacht i dtreo riachtanas na lipéad ceoil.

Félim Borland

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here