nós* » nós*

Girseach ghaelach ag na Meteors
Bhí an láithreoir teilifíse agus raidió Clíona Ní Mhuirí ar chúl an stáitse sa RDS ag na gradaim meteor ar Lá Fhéile Pádraig. Seo a tuairisc eisiach ar an oíche mhór…

Is trua go gcaithfidh mé é seo a rá ach tá na celebs ar fad a shiúil síos an cairpéad oráiste…an-deas ar fad.

Cén fáth nach bhféadfadh siad círéib éigin a thosnú ar son ceannlíne nuachta?

Conas nach raibh Shane ó Boyzone ólta? Nó nar thit cíocha ceann de na cailíní áille amach as a gúna?

Níl aon scannal ag baint le celebs na hÉireann ach, buíochas le hiriseoireacht, bhí Caprice (ar dheis) ann chun meangadh gáire éigin a chur ar ár n-aghaidheanna.

Bhí sí gléasta ar nós uain agus í an caora is sine a shiúil an cairpéad.

Seans gur dhearaigh sí an gúna í féin agus bhí neart píosaí de in easnamh agus a craiceann á thaispeáint don domhan uile.

Níl aon fhadhb agam leis sin ach, bhí sé soiléir nár bhain Caprice a thong di sular chuir sí an dath gréine bréige uirthi féin. Nach bhfuil duine fostaithe aici chun na rudaí seo a thabhairt faoi deara?

Chualathas neart ban ag cogarnaíl agus í ag siúl thart – nár bhreathnaigh sí sa scathán sular fhág sí an t-óstán? Nó sular fhág sí oifig an plastic surgeon.

I ndáiríre tá am i saol gach bean nuair a chaithfidh sí a rá – ‘táim ag éirí sean agus sin deireadh leis an gcur i gcéill.’

Ní féidir ach a mhalairt a rá faoi na deirfiúracha Seoige.

Is oth liom a rá go bhfuil siad níos dathúla agus iad beo os do chomhair. Ní fios cad atá san uisce thiar ansin i gConamara ach beidh mé féin ag dul ann i gcomhair gloine nó dhó.

Bean eile a raibh an dath gréine bréige imithe ar strae ná Michelle Heaton agus í chomh horáiste le…bhuel…oráiste.

Faraor, tá sí chomh deas mar dhuine nach féidir liom é sin a chur i gcló… ah bhuel, ró-dhéanach anois!

Bhí sí ag breathnú go hálainn seachas sin agus í chomh gealgháireach is a bhí riamh. An féidir gairm a fháil trí ghealgháireachas amháin? Cífimid.

Mar sin féin ní raibh mórán de eye candy ann do na mná.

Is fada ó cheap mé go raibh ‘Buachaillzón’ agus ‘Saol an Iarthair’ dathúil agus níor shiúil Enrique an cairpéad agus níor fhan sé cúl stáitse ach fada go leor chun hello a rá le ceann de na róbait ar Xposé.

Ní hé gurb eisean mo chupán tae ach ar a laghad ní ghortaíonn sé na súile agus é ag canadh a chuid ráiméise.

Bhuail mé leis agus mé i Lily’s tráth (an t-aon uair a raibh mé ann agus níl a dhóthain cuimhne agam ar an oíche chun aon saghas cur síos a dhéanamh ar iompar na celebs) agus thóg mé grianghraf leis.

An pictiúr is mí-shoiléire a bhfaca tú riamh.

Ní fhéadfá a dhéanamh amach an raibh mé le Iglesias nó ET, faraor. Fós féin tá sé agam ar mo ríomhaire go dtí go dtagann an teicneolaíocht chun é a shoiléiriú.

Más féidir CSI a chreidiúint ní fada uaim an lá…