nós*» bogearraí

Ceart, Gaelspell
Bhíos amhrasach. Ansin, nuair a d’oscail mé Word don chéad uair i ndiaidh dom na treoracha iontach simplí a leanúint, d’aimsigh sé botún taobh istigh de dhá abairt.

Bua amháin agat GaelSpell, ach ní bheidh ceann eile agat!

Faraor, ó phointe GaelSpell de ar aon nós, d’aithin sé “feiscint” mar bhotún sa chéad abairt eile a scríobhas, agus mar is eol dúinn uilig is focal é sin a úsáidtear minic a dhóthain le rá gur focal ceadaithe atá ann.

Ní amháin sin, ach ní thaitníonn an fhoirm tháite de bhriathra leis – rabhas, scríobhas srl. Ar ndóigh tá siad ann a deir nach ‘fíor-fhocail’ iad ach is cinnte go nglactar leo.

Anois, ní rabhas ag súil le foirfeacht ón tús, agus níl aon drogall orm sin a admháil. Tá deacracht mhór ag baint leis an teanga againne ó thaobh cruinnis de, agus ní féidir linn bheith ag súil le míorúiltí.

Domsa, an rud is mó a dhéanann GaelSpell ná cabhrú botúin amaideacha a sheachaint – díreach mar a dhéanann an spellcheck Béarla, i ndáiríre.

Bímid uilig amhrasach faoi litriú focail ó am go chéile, agus déanann sé jab maith, ar an iomlán, botúin a ruaigeadh.

So sin GaelSpell – go maith, cinnte, agus úsáideach, ach gan bheith foirfe, agus bheadh ceist agam an bhfuil luach €25 air. Cinnte cheisteoinn éinne a bheadh sásta €45 a íoc ar an gcruachóip.

Agus don té nach bhfuil ach Gaeilge bhunúsach aige, nach ndéanann foclóir an jab céanna agus tuilleadh?

Áit a ndéanann GaelSpell iarracht litriú amháin a cheartú, téann Ceart céim níos faide, ag maíomh gur féidir leis botúin ghramadaí a aithint.

Táirge i bhfad i bhfad níos suimiúla domsa ná Ceart, clár eile ón gcomhlacht céanna Cruinneog.

Áit a ndéanann GaelSpell iarracht litriú amháin a cheartú, téann Ceart céim níos faide, ag maíomh gur féidir leis botúin ghramadaí a aithint.

Arís, áfach, ní féidir bheith ag súil le foirfeacht anseo.

Deir Cruinneog ar a suíomh idirlín féin gur “chóir na profaí ar aon téacs tábhachtach a léamh go cúramach fiú tar éis dóibh dul tríd Ceart”.

Bhuel ar a laghad tá siad réalaíoch.

Tá fadhb le Ceart nach bhfuil baint ar bith aige le cruinneas nó easpa cruinnis.

Chun píosa scríbhneoireachta ar bith a sheiceáil, is gá duit Ceart a oscail leis féin, téacs a chóipeáil ó Word, nó pé áit a bhfuil tú ag scríobh, é a ghreamú isteach, agus ansin na ceartúcháin a chur ar ais isteach go Word ceann ar cheann.

Is féidir seo a dhéanamh, cinnte, ach tá sé iontach amscaí mar réiteach. Nach bhfuil slí éigin chun an próiseas a dhéanamh níos éasca?

Cuma faoi sin uilig, áfach, an cheist is mó ná an bhfuil aon mhaitheas leis an gceartúchán a dhéanann sé?

Táim idir dhá chomhairle cad le rá faoi anseo.

Ar láimh amháin, tá mórán a dhéanann sé go maith. Tá an tuiseal ainmneach aige go hiomlán, agus is mór an chabhair í sin ina aonar – fiú don scríbhneoir atá líofa. Ciallaíonn sé deireadh le ceisteanna dá leithéid “ceist maith nó ceist mhaith?” D’fhéadfá a rá go ndéanann foclóir an jab céanna, áfach…

Tá an tuiseal tabharthach clúdaithe chomh maith, ach, mar a bheifeá ag súil le, titeann rudaí síos nuair a théann tú i dtreo an tuisil ghinidigh.

Tá roinnt mionrudaí nach bhfuil ar a chumas aimsiú ach an oiread- miondifríocht idir isteach agus istigh, mar shampla.

Tá cúpla focal nach dtaitníonn leis chomh maith, ar chúiseanna nach dtuigim. Is cosúil, mar shampla, gur “…foirm neamhchaighdeánach de ‘uile go léir’” é an focal ‘uilig’.

Bhuel, má tá sé caighdeánach a dhóthain don Uasal Ó Dónaill tá sé caighdeánach a dhóthain domsa!

Buíochas le Dia gur féidir a rá leis an gclár neamhaird a thabhairt ar fhocail ar leith.

i ndiaidh iad a úsáid ar feadh cúpla seachtain, agus i ndiaidh dom dul i dtaithí ar bheith ag brath orthu, tá drogall orm dul gan iad.

Ar bhealach, níor mhian liom Ceart nó GaelSpell a mholadh ó tharla nach bhfuil siad críochnúil a dhóthain, agus mar gheall ar an gcostas atá orthu.

Bheadh ort nach mór €100 a chaitheamh chun cóip chrua den dá chlár a fháil, agus fiú don íoslódáil tá tú ag labhairt ar os cionn €50.

Ach ar an láimh eile, i ndiaidh iad a úsáid ar feadh cúpla seachtain, agus i ndiaidh dom dul i dtaithí ar bheith ag brath orthu, tá drogall orm dul gan iad.

Cad a deir sé sin?

Sílim gur cuma cén scór a thugaim ar deireadh, ó tharla go bhfuil a fhios ag an bhformhór an bhfuil clár mar seo uathu, agus tá’s acu cad atá siad sásta íoc air.

Ar an bpraghas atá ann anois, nílim cinnte faoi.

Dá mbeadh sé rud beag níos saoire, agus dá mba rud é go raibh Ceart ceangailte isteach le Word, gach seans go mbeadh moladh rud beag éagsúil á thabhairt agam.

Diarmuid Ó Muirgheasa