nós* » nós*

Homepages – blagáil i gcló
Tá saol na blagála in Éirinn ag fás i rith an ama leis na mílte mílte iontráil scríofa ag blagálaithe na tíre le tamall anuas.

Anois tá 50 blagálaí i ndiaidh tarraingt le chéile agus leabhar a thugann léargas ar a saothar idirlín a fhoilsiú.

An chéad leabhar den chineál seo in Éirinn, tá scríbhneoireacht ó na blagálaithe is fearr sa tír le fáil in Homepages – Tales From The Irish Blogosphere, ina measc tá na colúnaithe Bryan Mukandi agus John Butler ón Irish Times agus Twenty Major, a bhfuil duais An Blag is Fearr bainte aige i nGradaim Bhlagála na hÉireann trí bliana as a chéile.

Tagann na scéalta ar fad faoi théama ‘an baile’ agus is í an t-aisteoir, scríbhneoir agus blagálaí Pauline McLynn a scríobh an réamhrá.

Tá gach píosa scríbhneoireachta chomh hindibhidiúil leis an duine a scríobh agus cuimsíonn an leabhar réimse iontach pearsantachtaí, stíleanna scríbhneoireachta agus ábhair – tá greann agus tragóid, fíoras agus ficsean ann.

Ní hamháin go bhfuil saothar ó bhlagálaithe scríofa sa leabhar ach tá ábhar ó ghrianghrafadóirí amaitéireacha chomh maith.

Is í an blagálaí Catherine Brodigan a chur an leabhar le chéile agus tá an t-airgead ó dhíol an leabhair – a cuireadh le chéile ar bhonn iomlán deonach – ag dul díreach go Focus Ireland, eagraíocht charthanach a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean in Éirinn.

Breis eolais le fáil ag homepagesthebook.wordpress.com