nós*» béal feirste

seachtain mhór cois cuain
Is gnóthach an chathair í Béal Feirste an tseachtain seo le himeachtaí ag tarlú gach oíche i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach.

Dé Máirt 10 Samhain is i gCumann Chluain Ard a bheas an chraic ar fad le Tráth na gCeist agus oíche mhór cheoil ar siúl sa chlub ar Shráid na Scéiche.

Ócáid í seo atá á heagrú ag Cumann Gaelach Ollscoil na Ríona agus beidh deis ag mic léinn na cathrach bailiú le chéile in atmaisféar lán-Ghaeilge.

Beidh an sár-ghrúpa traidisiúnta Cinnte ag bualadh ó 10in, tá £3 ar an doras agus téann an t-airgead uilig go Naíscoil Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.

Chomh maith le hoíche na mac léinn, cuirtear tús inniu leis an fhéile bhliantúil ‘Gaeilge le Bród’ agus tá clár lán curtha le chéile ag lucht a eagraithe.

Beidh siúlóidí agus ceolchoirmeacha ar siúl le linn na seachtaine (breis eolais le fáil ag  www.glornamona.com) agus i measc na mbuaicphointí do lucht nós* tá an cheardlann ghraifítí a bheas i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar 10rn Déardaoin; Léacht Harry Holland faoi ‘Capitalising On Culture’ ar 8in an lá céanna le ceol beo ón bhanna iontach Casadh ina dhaidh agus ceardlann Bréag i gClub Ghort na Móna ar 9in Dé hAoine.

Muna bhfuil go leor agat ansin beidh ceardlanna damhsa ar an sean-nós ar siúl Dé Sathairn i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh do gach duine a rinne iarracht cúpla steip a dhéanamh ag an Oireachtas, ach nár éirigh chomh hiontach sin leo, hup!

cearta & ceiliúradh
Tá Gaeil na tíre breá cleachta le bheith ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir, agus thar na blianta tá cur amach againn chomh maith ar bheith ag iarraidh tuilleadh cearta a bhaint amach don Ghaeilge.

Dé Domhnaigh 11 Deireadh Fómhair, tiocfaidh an dá ghné sin le chéile nuair a bheas ócáid mhór in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste, chun aird a dhíriú ar fheachtas Acht na Gaeilge ó thuaidh, agus le sult a bhaint as an lá ag an am céanna.

Eagraithe ag an scátheagras Pobal, beidh meascán spleodrach de chaint agus spraoi ag ‘Cearta agus Ceiliúradh’.

Beidh aoi speisialta, Alun Ffred Jones, Aire Cultúir na Breataine Bige, i láthair leis an lá a oscailt agus labhróidh sé ar reachtaíocht na Breatnaise agus ar Acht nua Breatnaise a dhaingneofar i mbliana.

Déanfaidh Sorcas Bheal Feirste oll-eachtraí mórthaibhseacha, beidh céilí mór ann, ceolfaidh daltaí Choláiste Feirste amhráin ón cheoldráma Grease as Gaeilge agus beidh Cór Loch Laoi agus Cór Bhunscoil Phobal Feirste ar an ardán chomh maith.

Agus ar a bharr sin, beidh spraoi teaghlaigh, ceardlanna, bia agus seastáin go leor ar fud an Aonaigh! Yee haa!

Imeacht saor-chead isteach a bheas ann agus leanfaidh sé ar aghaidh 1in – 5in.

Gig – John Spillane & Liam Ó Maonlaí
Tháinig beirt de mhórcheoltóirí Gaeilge na linne seo le chéile sa Black Box, Béal Feirste, Déardaoin 5 Márta, chun ceolchoirm speisialta a chur ar fáil do thús Sheachtain na Gaeilge, agus nach speisialta an cheolchoirm a bhí ann.

Ba chomhócáid í de chuid na n-ionad Gaeilge, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus An Droichead, agus ní raibh suíochán follamh sa Bhosca Dubh nuair a cuireadh John Spillane agus Liam Ó Maonlaí i láthair an tslua.

An Speall é féin a chuir tús leis an oíche agus, mar is gnáth, bhí scéaltaí agus greann go leor idir na hamhráin aige.

Ó liricí pearsanta Ag an gCóisir go dtí na tiúineanna aitheanta óna albam is déanaí Irish Songs We Learned At School, thug an Corcaíoch ceannairceach taispeántas sultmhar uaidh a spreag an lucht éisteacht agus a bhain gáire astu ag an céanna.

I ndiaidh an tsosa, ba sheal phríomhamhránaí na Hothouse Flowers é dul ar an ardán agus chruthaigh a ghlór, na heochracha agus olldord Martin Brunsdon atmaisféar draíochta ón tús.

Ní raibh fuaim ar bith eile le cluinstin nuair a bhí Ó Maonlaí i mbun ceoil, daoine á gcur faoi gheasa ag leithéidí Amhrán Na Féidireachta agus ag an éagsúltacht tionchar a bhíonn le mothú ina stór amhrán.

Roimh dheireadh na hoíche tháinig John ar ais ar an ardán le ceol in éineacht le Liam – rinne siad Don’t Go i measc amhrán eile – rud a chuir críoch iontach le hoíche den scoth.

Tá roinnt gigeanna ag John Spillane le linn SnaG, an chéad cheann eile ar ais ina chathair féin, Corcaigh, san Old Bar, 11 Márta. Is amhlaidh an scéal le Liam Ó Maonlaí a bheas ag seinm i Halla an Bhaile, Gaillimh, 25 Márta.