logo
20Breag

Fiche Bliain ag Bréagadh

An ‘funcaí’ mionbhus, na mílte gig, cóisirí craiceáilte, Manu Chao, The Whailers, trí albam, craic chúl stáitse... Labhraíonn Méabh Ní Thuathaláin le Bréag, an banna ceoil a chuir an Ghaeilge ar an ardán idirnáisiúnta agus a spreag na mílte chun damhsa thar thréimhse 20 bliain. Lá breá samhraidh ...

An G Spota ar ais!

Déanfar an club Gaeilge, An G Spota, a aiséirí i lár Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo nuair a bhaileoidh Gaeil áitiúla, agus cuairteoirí as níos faide i gcéin, le chéile le haghaidh meascán mearaí de cheol comhaimseartha, amhráin thraidisiúnta agus damhsa ar an sean-nós. Tamall de bhlianta ó shin ...

Teanga Bheoga na nGael

Is amhránaí í Gráinne Holland atá i ndiaidh clú nach beag a bhaint amach le tamall de bhlianta anuas de bharr áilleacht chumhachtach a gutha agus de bharr an bhlais nua a thugann sí do réimse leathan d’amhráin Ghaelacha. Aitheanta agus molta go hard ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta ina cathair dhúchais ...

seachtain mhór cois cuain

Is gnóthach an chathair í Béal Feirste an tseachtain seo le himeachtaí ag tarlú gach oíche i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach. Dé Máirt 10 Samhain is i gCumann Chluain Ard a bheas an chraic ar fad le Tráth na gCeist agus oíche mhór cheoil ar siúl sa chlub ar Shráid na Scéiche. Ócáid í seo atá ...

cearta & ceiliúradh

Tá Gaeil na tíre breá cleachta le bheith ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir, agus thar na blianta tá cur amach againn chomh maith ar bheith ag iarraidh tuilleadh cearta a bhaint amach don Ghaeilge. Dé Domhnaigh 11 Deireadh Fómhair, tiocfaidh an dá ghné sin le chéile nuair a bheas ócáid mhór in Aonach ...

Gig – John Spillane & Liam Ó Maonlaí

Tháinig beirt de mhórcheoltóirí Gaeilge na linne seo le chéile sa Black Box, Béal Feirste, Déardaoin 5 Márta, chun ceolchoirm speisialta a chur ar fáil do thús Sheachtain na Gaeilge, agus nach speisialta an cheolchoirm a bhí ann. Ba chomhócáid í de chuid na n-ionad Gaeilge, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ...