Mar is eol do gach mac máthair, toghadh Barack Obama mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí agus, cé go bhfuil clúdach déanta air níos faide anonn in eagrán na míosa seo, táimid anseo sa roinn teicneolaíochta i gcónaí sásta léim ar aon bandwagon atá ag dul thar bhráid, agus ní haon eisceacht é bandwagon an Uasail Obama.
So, Obama. Cad is féidir rá faoi? Bhuel, an príomhrud, is dócha, ná gurb é an chéad Uachtarán as 44* a thuigeann an t-idirlíon mar is ceart.
Tá buntáiste míchothrom aige thar leithéidí Washington agus Lincoln, cinnte, ach ná ligfimís do sin baint uaidh.
Ní hamháin gur éirigh leis an feachtas polaitiúil is fearr riamh a reáchtáil leis an saineolas sin in úsáid aige, ach tá sé freisin mar chosantóir láidir ar an idirlíon neodrach, is é sin go bhfuil sé in éadan na bpleananna atá ag comhlachtaí telecom ‘lána scioptha’ a chruthú ar an idirlíon agus breis airgid a lorg uait más mian leat é a úsáid.
Féar plé do Bharack as ucht an tseasaimh sin, a deirimid anseo in oifigí nós*, agus ní díreach toisc go bhfuil gach seans go mbeimís fágtha sa lána mall sa chás sin…
Taobh amuigh den idirlíon, ní fhéadfá labhairt faoi theic Obama gan trácht a dhéanamh ar a Blackberry.
Taibhsítear dúinn nach dtéann sé amach gan é, ach – agus seo an fíor-scéal anseo – ní bheidh cead aige é a úsáid anois gur Uachtarán é. Deirtear go n-athrófar é i gcomhair gléas Windows Mobile, atá “níos sábháilte”.
Agus sea, sin é an chéad uair riamh ar dúradh sin faoi aon táirge de chuid Microsoft. Bain taitneamh as Bill, ní tharlóidh sé arís go ceann tamall.
Ag déanamh neamhairde ar feadh soicind dá thaithí phearsanta, líne óna chéad óráid mar Uachtarán a sheas amach do lucht teicneolaíchta an Domhain ná gur dhúirt sé go raibh sé i gceist aige “to return science to its rightful place”, agus ní féidir ach gur rud maith é sin dóibh siúd ar aoibhinn leo teic.
Tá mórán ar gá a dhéanamh chun an sprioc fadradharcach sin a bhaint amach, áfach, agus is bóthar fada agus deacair a bheas ann.
Bheadh gá go mbeadh leathanbhanda ar fáil chuile áit sa tír, mar shampla. Breis infheistíochta in eolaíocht agus teicneolaíocht ag tríú leibhéal ag taisteáil chomh maith. Breis béime ar eolaíocht agus mata ar scoil. Ionrachas eolaíochta a athlonnú sa Teach Bán. Breis infheistíochta i dtaighde gaschealla. Infheistíocht i gcóras leictreonach chun an córas sláinte a eagrú.
An deá-scéal atá ann ná gurb iad sin díreach na rudaí atá á gheallúint ag Obama.
Le bheith ionraic, tá mórán ar an liosta ag whitehouse.gov nach smaoineofá orthu fiú, ach déanann chuile ceann acu ciall.
Deir sé freisin go bhfuil sé chun “Chief Technology Officer” a fhostú, chun cúrsaí teicneolaíochta a reáchtáil sa tír. Ó tharla go bhfuil post dá leithéid i ngach mórchomhlacht ar Domhan, nach mór, déanann sé ciall go mbeadh a leithéid ag gach tír chomh maith, ach… ciall choiteann sa Teach Bán? B’fhéidir go mbeidh orainn dul i dtaithí air.
Díreach trua nach bhfuil an rud céanna ag tarlú anseo in Éirinn…
Is féidir breis a léamh faoi phlean teicneolaíochta Obama ag whitehouse.gov
*Bhuel 43 i ndáiríre. Fágfaimid faoi roinn éigin eile insint daoibh cén fáth.
Diarmuid Ó Muirgheasa









