Clibeanna: "baile átha cliath"

Gradaim Chumarsáide

Tags: ,

Gradaim Chumarsáide


Tá foireann nós* ag teacht ar ais chucu féin inniu tar éis oíche mhór na meán Gaeilge i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath.

Bhí slua breá i láthair ag bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus cé nár bhuaigh nós* aon ghradam an iarraidh seo ba dheas an rud é bheith ainmnithe agus aitheantas náisiúnta a fháil.

Ba dheas an rud é chomh maith bheith in ionad chomh gleoite le teach aíochta an tStáit agus cuireann muid fáilte roimh na forbairtí atá á ndéanamh ar na gradaim bhliantúla. Cá bhfios nach mbeidh an ócáid is mó i saol na meán Gaeilge le feiceáil ar an teilifís ar an bhliain seo chugainn?

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí. Comhghairdeas leo ar fad!

Sraith Teilifíse na Bliana: In the Name of the Fada (Peer Pressure do RTÉ)

Pearsa Teilifíse na Bliana: Dáithí Ó Sé (TG4)

Aisteoir na Bliana: Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)

Sraith Raidió na Bliana: Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Pearsa Raidió na Bliana: Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Iriseoir na Bliana: Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)

Colúnaí na Bliana: Cathal Mac Coille (Foinse)

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais: Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Rannóg: blog nós*Nótaí Tráchta (2)

Pics – cabaret i mBÁC

Tags: , , , , ,

Pics – cabaret i mBÁC


mc-muipead maireainebubbadaithiodreonai

Bhailigh slua breá isteach san Odeon, Baile Átha Cliath, 16 Márta leis an tallann Ghaelach is úire agus is spleodraí ar domhan a fheiceáil agus a chloisteáil ag an Cabaret Craiceáilte.

Beidh gghraif eile againn anseo agus sa chéad eagrán clóite go luath ach le blaiseadh beag a thabhairt daoibh ar chraic na hoíche, seo cúpla pic ón ócáid iontach.

Ón bharr, tá MC Muipéad agus Jimmy the Hideous Penguin; Máire Áine Ní Iarnáin i mbun damhsa; Bubba Shakespeare agus a bhanna; agus, ar chlé, an ceoltóir óg Dáithí Ó Drónaí.

Tuilleadh le teacht!

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (2)

Pat the Pipe Píobaire – léirmheas

Tags: , , , ,

Pat the Pipe Píobaire – léirmheas


pat-the-pipePat the Pipe Píobaire
le Colm Ó Snodaigh
(2006, Coiscéim)

Caithfidh mé a rá gur bhain an leabhar seo geit asam. Ní raibh a leithéid feicthe ná léite as Gaeilge riamh cheana agam.

Leabhairín gearr atá ann, ach ceann iontach mealltach. Tá téagar i ngach líne. Sleamhnaíonn sé faoi do chraiceann agus téann sé i gcion ort i ngan fhios duit.

Seo blas de: “D’fhan an nóta liom ‘s thuig mé fáth mo bhuartha, fáth mo bheatha, fáth mo bhriste, ‘s thuig mé an fáth go mbím ag seinnt ‘s an tuiscint a thugann an tseinnt dom, an cneasú, an ceansú.”

Scéal é faoi charachtar lách cineálta, Pat the Pipe, a d’fhag a phost, a bhean agus a theach nuair a tháinig meath ar shláinte a mheabhrach agus  chuaigh amach ar na sráideanna ag casadh na bpíob.

Is scéal ionraic, macánta é. Tugann sé léargas iontach ar saol grúpa imeallach i mBaile Átha Cliath – bodaigh dhíomhaoine, diomailteoirí, ceoltóirí sráide, drugadóirí.

Cé nach bhfuil ann ach cúpla caibidil ghearr cuirfidh sé ag gol agus ag gáire tú.

Tá an t-atmaisféar a chruthaíonn an Snodach (ball den ghrúpa Kíla, gan dabht!) chomh sochreidte sin go dtéann gach aon chor sa scéal go smior ionat – ó bhás Pat the Pipe d’ailse ae, go dtí an greadadh millteach a fuair Mongó bocht ag bun an lána in aice Caspar & Gambini’s, é caite i measc na málaí dubha bruscair ar feadh dhá lá sular thángthas air.

Insítear an scéal i bhfoirm sleachta as dialann Pat the Pipe a fuarthas tar éis a bháis – beart cóipleabhar scoile lán lena pheannaireacht chúramach néata ag cur síos ar a shuim sna píoba agus i bpíobairí agus ag trácht ar ghnáthimeachtaí a shaoil – “8.30 dúiste, dhá press-ups – focan deacair. 9.00 tóst ‘s tae.”

Cé go n-úsáideann Pat mionnaí go minic, tá meon aoibheann fileata aige agus is dán grá do Bhaile Átha Cliath sna hOchtóidí cuid mhór don leabhar. ”Beagáinín ciotrúnta im’ cheann inniu – m’aigne ag éirí beagáinín scaipthe ’s suaite. Síos liom chuig droichead na canálach ar Shráid Bhagóid . . . fé scáth na gcrann seiceamair, agus seasaim ar an loc ag breathnú síos ar an eas Niagrach, leis na málaí plaisteacha ildaite ag a bhun, na buidéil chraptha dhonna ceirtlise, tralaí siopadóireachta Quinnsworth, iarsma rothair agus cón páirceála dearg ‘s bán, agus éistim go cúramach leis an eas agus é ag buachaint ar fhothram na síor-thráchta agus an manglam tranglam.”

I dteannta sleachta Pat tá píosaí gearra ann freisin ó chairde leis, atá curtha in eagar ag an bhfear a fuair cóipleabhair Pat tar éis a bháis.

Iarrann sé ar dhaoine a raibh aithne acu ar Pat a gcuid smaointe a roinnt – daoine ar nós an fhir ghnó agus iar-hippy a bhíodh ag díol t-léinte i siopa beag i George’s Street Mall a deireann, “…Focan pleidhce! Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shoin… Cheapas i gcónaí go raibh an iomarca á chaitheamh aige.”

An iomarca dúb atá i gceist. An iomarca raithní. Úsáidtear focail iontach cruthaitheach sa leabhar do channabas agus na slite éagsúla ar féidir é a chaitheamh.

Is saothar fíor-ghreannmhar é don chuid is mó, ach saothar liteartha freisin, agus fileata fiú.

Seoidín beag, beacht, borb, gonta.

Éinne a bhí mar mhac léinn riamh, go háirithe i mBleá Cliath, feicfidh siad fírinne an leabhair.

Cuirfidh sé i gcuimhne dóibh laethanta na scoile agus na hollscoile nuair a bhí siad óg, amaideach, rómánsúil, díomhaoin agus leisciúil.

Fágfaidh mé na focail deiridh ag Pat the Pipe é féin – seo dhá ribe as a dhialann: “Foct-up fliuch inniu. Trí fhocal – tá mé i ngrá.”  Ansin, an lá dár gcionn: “Non-stop stealladh. Trí fhocal – níl.”

Manchán Magan

Rannóg: clóNótaí Tráchta (3)

Advertise Here
Advertise Here