Clibeanna: "an india"

An India Iontach

Tags: ,

An India Iontach


truck-indiaAgus í ag amharc ar mhórscannán Oscar na bliana seo, Slumdog Millionaire, smaoinigh an grianghrafadóir Kiri Barker siar go ceanúil ar an tréimhse a chaith sí féin i dtuaisceart na hIndia. Ní ionann agus roinnt léirmheastóirí eile, dar léi go dtugann an scannán léiriú sách fírinneach ar shaol na tíre. Ag cloí le stíl Slumdog, seo a cuntas ar conas a chuir an scannán eispéireas na hIndia i gcuimhne di.

Ceist 1 – Cad is ainm don riocht ina mbíonn na céadfaí faoi bhrú agus ina mbíonn sé deacair díriú ar aon rud faoi leith dá bharr?

a) Sensory Integration Dysfunction
b) Sensory Adaptation
c) Sensory Overload
d) Sensory Deprivation

Tá sráideanna na hIndia lán le bolaithe spíosraí, cnónna cócó, astuithe cairr, caca agus urlacain.

Bíonn na cluasa faoi ionsaí leanúnach ag bonnáin, popcheol ardairde Hiondúch a scaoiltear amach ó steiréónna gluaisteán agus caitheamh leanúnach seile, a bhíonn ard agus scornúil.

Bíonn dathanna iontacha le feiceáil ar fud na sráideanna ach bíonn siad i gcónaí róphlódaithe, de lá agus d’oíche, agus is minic a bhíonn bó bheannaithe ag siúl i measc na ndaoine.

I marbh-theas 37°C, ní leor a rá gur ‘cóisir chéadfaí’ í an India.

Freagra: Sensory Overload

Ceist 2 – Cad is ainm don staidéar ar an chumarsáid neamhbhriathartha idir daoine agus a gcaidrimh spásúla?
a) Personal Space Study
b) Proxemics
c) Ethnology
d) Social Science

Tá breis agus 17 milliún duine ina gcónaí in Delhi – cuir sin i gcomparáid leis an 21 milliún atá i mo thír féin, An Astráil, agus tuigfidh tú an dlús daonra atá i gceist.

Uair amháin agus mé i scuaine in aerfort na príomhchathrach, mhothaigh mé duine ar mo chúl mar sin bhog mé chun tosaigh le spás a thabhairt don bheirt againn.

Nuair a bhog mé áfach bhog an duine eile chomh maith go dtí go raibh a mbolg ag gobadh isteach i mbun mo dhroma. Thiontaigh mé thart, ag smaoineamh go raibh na céadta ag brú isteach ar ár gcúl, ach ní raibh ann ach bean amháin!

Ní raibh mé sa tír ach cúpla nóiméad ach fuair mé taithí láithreach ar conas atá sé bheith i do chónaí in áit le dlúthdhaonra.

Freagra: Proxemics

kids-indiaCeist 3 – Cé a chum an ráiteas “survival of the fittest”?
a) Greg Mendel
b) Herbert Spencer
c) Charles Darwin,
d) Andrew Carnegie

Dúradh liom roimh ré nach raibh na hIndiaigh ionraic, ach fuair mé amach go luath go raibh siad díreach níos seiftiúla.

Sampla amháin de seo nuair a d’fhág cara liom a chuid éadaí salacha ag neachtlann sráide.

Dúirt sé leis an fhear ciúin ach gáireach a bhí ag an stalla go bhfillfeadh sé ní ba mhoille sa lá.

Ach nuair a chuaigh sé ar ais ní hamháin go raibh na héadaí ar shiúl, ach bhí an fear chomh maith.

Níor oibrigh an fear beag gáireach ag an stalla in aon chor ar ndóigh, bhí sé díreach san áit cheart ag an am ceart chun ‘bronntanas’ a fháil.

Freagra: Herbert Spencer

Ceist 4 – Tarlaíonn 8% de bhásanna áirithe an Domhain san India. Ach cén cineál báis?
a) Básanna míleata
b) Básanna bóithre
c) Básanna gunnaí
d) Básanna tionsclaíocha

Mórchuid an ama a chaith mé ar an ‘chóras’ iompair Indiach, bhí mo chroí i mo bhéal le heagla, mé an-bhuíoch as an árachas a bhí agam agus ag smaoineamh go mbeinn ag dul ar ais chun an bhaile i mála coirp.

Tiománadh na busanna go contúirteach agus róchongarach d’imeall na mbóithre, chomh congarach sin go dtiocfadh leat creatlaí scriosta busanna eile a fheiceáil ag bun na ngleannta.

Thug an t-eispéireas sin léargas éigin ar fhealsúnacht na gcomharthaí bóithre:

‘Be mild on my curves’
‘After whiskey driving risky’
‘Go slow my friend on my bend’
‘Someone is waiting for you, drive slowly’
‘Drive slow live long’

Agus, dála an scéil, is ionann ‘aerchóiriú’ san India agus an fhuinneog a oscailt.

Freagra: Básanna bóithre

Ceist 5 – Le Delhi a thiontiú ina ‘cathair den scoth’ roimh na Cluichí Comhlathais in 2010, tá na péas ag ruaigeadh na mbacach de na sráideanna. Faoi choinne cá mhéad bliain ar féidir bacach a chur i bpríosún?
a) 2 bhliain
b) 5 bliana

c) 7 mbliana
d) 10 mbliana

Is cuid de ghnáthshaol na hIndia iad bacaigh sráide.

Bailíonn dílleachtaí bochta thart ort i rith an ama, a súile móra ag impí ort airgead a thabhairt dóibh agus a lámha amach réidh lena thógáil.

Is féidir neamhaird a dhéanamh díobh, iad a dhiúltú nó rud éigin a thabhairt dóibh, ach gach seans nach rachadh an t-airgead chun tairbhe dóibh.

Níor thug mé féin airgead dóibh mar go raibh a fhios agam go mbeadh ‘a dtuilleamh’ ag dul i dtreo na gceannasaithe a bhíonn ag stiúradh ghrúpaí na mbacach.

Fiú bia, rachadh sé ar ais chuig na ceannasaithe cé go dtiocfadh leat paicéad a oscailt ar dtús agus ansin é a thabhairt do na páistí.

Ach níl sé sin foirfe ach an oiread mar is minic a thugtar amach do na bacaigh as gan a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart nuair a tharlaíonn sé sin.

Freagra: 10 mbliana

autorickshaw-indiaCeist 6 – Cá mhéad turasóirí eachtrannacha a thugann cuairt ar an India gach bliain?
a) 1 mhilliún
b) 2 mhilliún

c) 3 mhilliún
d) 4 mhilliún

Bíonn muintir na hIndia iontach fiosrach faoi eachtrannaigh, chomh fiosrach sin go gcruinníonn siad le chéile i ngrúpaí chun stánadh ort, rud nár éirigh mé cleachta leis ariamh.

Mar sin féin tá siad an-chairdiúil agus baineann siad an-sult as bheith ag cleachtadh a gcuid Béarla, a mbíonn blas coilíneach Sasanach air an chuid is mó den am.

Léiríonn na ceisteanna a cuireadh orm go minic cé chomh dírithe atá siad ar stádas sóisialta:

‘Are you married?’
‘What does your husband do?’
‘What does your father do?’
‘What do you do?’

Bhí díoma orthu go minic nuair a luaigh mé gur ag obair le nuachtán a bhí mé ag an am, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu gur oibrí sóisialta í mo chara, ‘gairm an-uasal’ a dúirt siad.

Mar sin féin thaitin sé leo nuair a fuair siad amach gur Astrálach a bhí ionam agus gurbh as mo bhaile dúchais féin do chaptaen fhoireann cuicéid na hAstráile, Ricky Ponting – is breá leo a gcuid cruicéid san India.

Rud nach raibh dúil mhór agamsa ann áfach ná na dreamanna fear ag stánadh ort, ná na teaghlaigh éagsúla a d’iarr ort theacht chun an bhaile leo le grianghraf a ghlacadh díot in éineacht lena mac (bhí an pictiúr le crochadh ar an bhalla de réir cosúlachta).

Bhí teaghlach amháin ann a bhí ag iarraidh mé a scannánú go fiú, fianaise go raibh duine ón iarthar ina dteach féin.

Freagra: 4 mhilliún

Rannóg: taistealNótaí Tráchta (1)

Trioblóid sa Tibéid

Tags: , , , ,

Trioblóid sa Tibéid


 

tibe-sleibhteTá na Sínigh sásta dul chun cainte arís leis an Dalaí Láma – an ‘scarúnaí mór’ ar mian leis leas na Tibéide a threascairt, dá gcreidfeá an bholscaireacht shearbh oifigiúil a bhí ar siúl go dtí le déanaí. 

B’fhéidir go mbeadh sé ina dhiabhal arís amach anseo, ach faoi láthair tá fáilte roimh a chuid toscairí.

 Níl stad ag Rialtas na Síne ach ag fógairt gur ar sochar do na Tibéadaigh a chuaigh rialú na Síne. 

Tógadh bóithre, cuireadh oideachas nua-aimseartha agus áiseanna an tsaoil nua ar fáil, agus cuireadh deireadh leis an bhfeodachas. 

Admhaíonn an Dalaí Láma féin go ndearna na Sínigh maitheas éigin don Tibéid ar na bealaí sin, cé gur cinnte go ndéanfaí an tír a nuachóiriú ar aon chuma leis an aimsir, bíodh na Sínigh ann nó as.

 Ar scéal eile a chuimhníonn na Tibéadaigh féin, go háirithe an t-aos óg, agus go háirithe an méid acu atá ina gcónaí i Lása. 

Níl poist ann dóibh, is beag aird a thugtar ar dhúchas na tíre agus tá na sluaite ag brú isteach ón tSín ar an mbóthar nua iarainn. 

Tá cathair Shíneach déanta de Lása féin. Is minic a dúirt an Dalaí Láma go mbeadh sé sásta le méid éigin féinrialtais seachas le neamhspleáchas iomlán, ach is deacair foighne a chur sa ghlúin nua.

TEANGA AG GÉILLEADH

Tá an Tibéidis féin ag géilleadh don tSínis ar shlite áirithe. Ní sa Tibéid amháin a labhraítear í ach i Ladakh, i Sikkim agus i Neipeal chomh maith, agus i gcúigí Sichuan agus Xinjiang sa tSín. 

Is iomaí canúint aici ach úsáidtear an aibítir chéanna i gcónaí, ceann a tháinig ón India sa seachtú haois in éineacht leis an mBúdachas.

 Trí Thibéidis a mhúintear daltaí Tibéadacha sna bunscoileanna ar feadh an chéad trí bliana; ina dhiaidh sin tugtar Sínis isteach de réir a chéile.

Sínis a úsáidtear sna meánscoileanna, agus ní mór scrúdú a dhéanamh sa teanga sin chun dul ar aghaidh go dtí an coláiste. Is beag an t-ionadh go bhfuil cuid Tibéadach ag brú Sínise ar a gclann, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit ar tharla don Ghaeilge sa 19ú haois. 

Is amhlaidh freisin go bhfuil móran focal Sínise ag sleamhnú isteach sa teanga. Tugtar le tuiscint gur trí Shínis amháin is féidir plé leis an saol atá anois ann – rud nach fíor i ndáiríre. 

Tá feidhmeannaigh Thibéadacha ann ach is beag an meas atá ar a dteanga i gcúrsaí riaracháin. Ach ní mhaolaíonn neartú seo na Sínise an dúil atá ag na Tibéadaigh sa tsaoirse.

STAIR ACHRANNACH

D’eascair an t-achrann atá anois ann as conspóidí a tharla i deireadh an 17ú haois agus i dtús an 18ú haois, nuair a rinne an tSín coimearcas den Tibéid. 

Mar sin féin, choinnigh an Tibéid a teanga, a cuid feidhmeannach, a dlíthe agus a harm, agus níor íocadh pingin chánach leis an Impire.

tibet-agoid 

I rith an 19ú haois laghdaigh neart na Síne, rud a d’fhág an Tibéid ina náisiún neamhspleách i dáiríre, cé gur dhiúltaigh an Bhreatain, na Stáit Aontaithe agus na tíortha Iartharacha eile an neamhspleáchas sin a aithint.

 Ghabh an tSín nua an Tibéid sa bhliain 1951, agus b’éigean do rialtas na Tibéide smacht na Síne a aithint go hoifigiúil, cé gur theith an Dalaí Láma go dtí an India. 

Sa bhliain 1965 bhunaigh na Sínigh an Réigiún Féinrialaithe Tibéadach, agus iad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an Dalaí Láma agus é a thabhairt abhaile. 

Ach ní raibh na Sínigh sásta an daonlathas a cheadú, agus bhí doicheall orthu roimh éileamh na dtoscairí Tibéadacha go mbunófaí Tibéid Mhór a mbeadh na ceantair a cailleadh san 18ú haois mar chuid di.

 Bhí na Sínigh sásta comhréiteach éigin a dhéanamh ar dtús. Rinneadh mainistreacha Búdacha a athoscailt, agus ceadaíodh manaigh nua a earcú agus an Tibéidis scríofa a úsaid níos forleithne.

Ceapadh feidhmeannaigh Thibéadacha, ligeadh srian leis an ngeilleagar agus cuireadh leis an mbonneagar. 

Ach d’fhág an Réabhlóid Chultúrtha a rian ar an Tibéid díreach mar a tharla sa tSín féin, agus is iomaí mainistir a scriosadh.

Bhí mímhuinín ag na feidhmeannaigh Shíneacha is dúire as an mbeartas ‘bog’ riamh, agus acu a bhí an lá. Le beagán blianta anuas d’éirigh an tslándáil níos déine agus cuireadh teorainn le bláthú an chultúir agus an chreidimh. Ach cuireadh dlús le dul chun cinn an gheilleagair, rud a mheall na mílte anall ón tSín agus dúil acu san airgead a bhí á caitheamh chomh fial sin ag an rialtas.

BOLSCAIREACHT RIALTAIS

Sa tSín féin tá an-éifeacht le bolscaireacht an Rialtais. Baintear tairbhe as an ngrá dúchais, agus is beag duine nach gcreideann gur fearrde an Tibéid a bheith ina cuid den tSín.

Nuair a bhriseann an ghráin amach ar shráideanna Lása mar a tharla i rith na gcíréibeacha, déantar tagairt do ‘scarúnaithe’. 

Ach tuigeann an chuid is ciallmhaire de na húdaráis nach mór socrú polaitiúil de shaghas éigin a dhéanamh, agus dá bhrí sin nach mór dul chun cainte leis an Dalaí Láma féin, más beag féin an mhuinín atá acu as. 

Tá meas mór ag na Tibéadaigh fós air, cé go bhfuil an t-aos óg (daoine nach bhfuil ag cuid acu ach Sínis) ag éirí tuirseach de bheartas na síochána. 

Faoi láthair is fearr caint ná achrann, cé gurbh fhurasta don lámh láidir teacht i dtreis arís.

Colin Ryan

Rannóg: léargasNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here