Clibeanna: "an bhreatain bheag"

cearta & ceiliúradh

Tags: , ,

cearta & ceiliúradh


cearta-ceiliuradhTá Gaeil na tíre breá cleachta le bheith ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir, agus thar na blianta tá cur amach againn chomh maith ar bheith ag iarraidh tuilleadh cearta a bhaint amach don Ghaeilge.

Dé Domhnaigh 11 Deireadh Fómhair, tiocfaidh an dá ghné sin le chéile nuair a bheas ócáid mhór in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste, chun aird a dhíriú ar fheachtas Acht na Gaeilge ó thuaidh, agus le sult a bhaint as an lá ag an am céanna.

Eagraithe ag an scátheagras Pobal, beidh meascán spleodrach de chaint agus spraoi ag ‘Cearta agus Ceiliúradh’.

Beidh aoi speisialta, Alun Ffred Jones, Aire Cultúir na Breataine Bige, i láthair leis an lá a oscailt agus labhróidh sé ar reachtaíocht na Breatnaise agus ar Acht nua Breatnaise a dhaingneofar i mbliana.

Déanfaidh Sorcas Bheal Feirste oll-eachtraí mórthaibhseacha, beidh céilí mór ann, ceolfaidh daltaí Choláiste Feirste amhráin ón cheoldráma Grease as Gaeilge agus beidh Cór Loch Laoi agus Cór Bhunscoil Phobal Feirste ar an ardán chomh maith.

Agus ar a bharr sin, beidh spraoi teaghlaigh, ceardlanna, bia agus seastáin go leor ar fud an Aonaigh! Yee haa!

Imeacht saor-chead isteach a bheas ann agus leanfaidh sé ar aghaidh 1in – 5in.

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (1)

Punc Cymru – fréamhacha thionscáil ceoil na Breataine Bige

Tags: , , ,

Punc Cymru – fréamhacha thionscáil ceoil na Breataine Bige


cymru-punkCuireadh tús le tionscal ceoil na Breataine Bige, mar is ceart, in 1969 nuair a bunaíodh an príomhlipéad Breatnaise, Sain. D’eisigh siad ceirníni le ceoltóirí traidisiúnta na Breatnaise ach sa bhliain 1990 bhunaigh siad lipéad úr chun díriú ar mhargadh níos óige, agus ceol chomhaimseartha an lae.

Go dtí sin, ní raibh lipéad mór ar bith ann ag amharc i ndiaidh rac-ghrúpaí Breatnaise, agus bhí na bannaí iad féin ag bunú lipéidí beaga chun a gcuid ceirníní féin a chur amach.

I ndeireadh na seachtóidí, agus sna hochtóidí, bhí baill de ghrúpaí cosúil le Catatonia agus na Super Furry Animals ag seinm i ngrúpaí Breatnaise. Ina measc bhí, Rhys Mwyn, dordghiotáraí le Anrefhn agus fear atá i gceannas ar an lipéad Crai anois.

“Bhí cineál post punk vibe ag tarlú agus bhí grúpaí ceoil ag reachtáil a gcuid lipéidí féin, agus ag éisiúint ceirníní singil seacht n-orlaigh. Bhí mise i mo bhall den ghrúpa Anhrefn, agus thosaigh muid ár lipéad féin in 1983, Anhrefn Records. Bhí muid faoi thionchar léithéidí Factory Records i Manchain Shasana, agus an lipéad a bhí ag Crasse i dtús na n-ochtóidí. Bhí ár lipéad féin againn gan aon chúnamh airgid ón Stáit. Bhailigh muid airgead trínár ngigeanna féin a eagrú, agus chuirfeadh muid an brabús uilig isteach sa lipéad arís. Obair dheonach den chuid is mó a bhí ann, cé go raibh muid ag obair air go lán-aimseartha.”

Ba sa Bhreatain Bheag féin a bhí siad ag seinm den chuid is mó go dtí gur chuir duine de na láithreoirí raidió ceoil is mó sa Bhreatain ag an am spéis iontu féin agus grúpaí eile a bhí ag canadh as Cymraeg.

“Thosaigh John Peel ag seinm ár gcuid ceirníní idir 1985 agus 1987, agus mar gheall air sin, tugadh cuireadh dúinn coirmeacha ceoil a dhéanamh taobh amuigh den Bhreatain Bheag den chéad uair.”

Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. 

Cé gur chan siad i mBreatnais, deir Rhys go raibh síad frithnáisiúnach.

“Grúpa punc a bhí ionainn agus meas againn ar gach aon chultúr. Ní raibh muid ag iarraidh daoine a choinneáil amuigh. Creideann muid go bhfuil an náisiúnachas caite i mbosca brúscair na stáire le fada. Scaip muide an scéala gur chóir duit do theanga féin a labhairt. Bhí cineál achrann inmheánach ansin sa ghrúpa maidir leis an dóigh is fearr leis an teachtaireacht a chur chun cinn. An mbeadh muid ar son cultúir, ar son indibhidiúlachais, frithnáisiúnach, nó caidé?

“Bhí níos mó tacaíochta againne ó dhaoine nach raibh Breatnais acu, mar go raibh níos mó i gcoitinn againne le grúpaí ceoil cosúil leis an Clash, agus na Sex Pistols. Ba í an Bhreatnais ár gcéad teanga, mar sin, bhí sé go huile is go hiomlán nádúrtha dúinne canadh i mBreatnais. Agus bhí muid ag mealladh daoine i dtreo na teangan lenár gceol. Ag an deireadh choinnigh an pholaitaíocht síar muid cionnas go raibh muid ró-radacach.”

Ach tá luach saothair anois ar a gcuid oibre. Tá an lipéad Crai iontach gnóthach, agus grúpaí ceoil cosúil le Big Leaves, Gogz, Maharishi, agus Gwenno ag eisiúint ceirníní atá ag tarraingt aird mhór ar cheol na Breatnaise.

“Tá grúpaí curtha ar fáil againn atá ag déanamh go maith ar an stáitse idirnáisiúnta, agus is cúis bróid dúinn go bhfuil grúpaí cosúil leis na Super Furry Animals, ina bhfuil iar-bhall Anhrefn ag buaileadh na ndrumaí, ag tabhairt cheol na Breataine Bige amach os comhair an tsaoil mhóir.”

Sa lá atá inniu ann tá beocht as cuimse i saol ceoil Cymraeg, réabhlóid a tosaíodh siar sna 60í, a neartaigh puncairí cosúil le Rhys sna 80í agus atá anois ag cur amach na scórtha amhrán roc agus pop gach bliain. Ag croí na réabhlóide seo tá eagrais ar nós Cymdeithas yr Iaith Gymraeg agus Ciwdod a thugann deis agus tacaíocht do bhannaí nua a gcuid scileanna a thaispeáint dá bpobal féin.

Cool Cymru gan aon amhras.

Rónán Mac Aodha Bhuí


Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here