Clibeanna: "an astráil"

Sydney sna soilse

Tags: , , , , ,

Sydney sna soilse


opera-house-enoIs é Áras Ceoldrámaíochta Sydney go fóill, ach ní mar is eol dúinn é.

Tá príomhionad na hAstráile ina séadfhoirgneamh so-aitheanta ar fud an domhain ach idir seo agus 14 Meitheamh beidh cuma eile ar fad ar an Áras clúiteach.

Mar chuid d’fhéile bhliantúil na soilse, Luminous, beidh Áras Ceoldrámaíochta Sydney mar chanbhás ollmhór ag líníochtaí dathannacha de chuid an cheoltóra Brian Eno.

Le linn an féile nua lonrófar íomhánna éagsúla ar fhoirgnimh ar fud na cathrach agus is é iar-sheinnteoir Roxy Music atá roghnaithe le seolta an Árais a mhaisiú.

Taispeánfar saothair Eno, a bhfuil sé ag tabhairt 77 Million Paintings air, gach oíche agus athrófar na híomhánnna ar luasanna éagsúla le suaimhneas a chur ar an lucht féachana, deirtear.

Má tá tú san Astráil buail thart agus abair linn faoin toradh deiridh!

Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (0)

Ag léim thart san Astráil

Tags: , , ,

Ag léim thart san Astráil


Bhí an-tóir ar Léim Thart – an leagan Gaeilge den amhrán Jump Around de chuid an bhanna Mheiriceánaigh House of Pain – nuair a d’eisigh Des Bishop anuraidh é.

Ní hí Éire an t-aon áit amháin áfach ina bhfuil an tiúin ag mealladh aird an phobail mar bhí sé le feiceáil ar an chlár Astrálach Spicks and Specks nuair a bhí Mac an Easpaig ar cuairt ‘thíos faoi’ le déanaí.

Seo é i mbun aicsin san Astráil. “Léim, léim, léim!”

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (6)

Liam Ó Maonlaí – to be touched

Tags: , , , ,

Liam Ó Maonlaí – to be touched


Cé nár shroich na Hothouse Flowers deireadh an bhóthair go fóill, tá aithne fhorleathan anois ar Liam Ó Maonlaí mar amhránaí aonair, ceoltóir a bhfuil tionchair éagsúla le cluinstin ar a chuid amhrán.

Agus tá na tionchair éagsúla sin le brath ar an albam is déanaí seo uaidh chomh maith.

Is saothar suaimhneach machnamhach é To Be Touched a chuireann an t-éisteoir ar a shuaimhneas ach ag an am céanna a spreagann chun smaointeoireachta é chomh maith.

Glór galánta agus pianó séimh Uí Maonlaí na fuaimeanna atá ag croí an albaim agus is iontach amach an comhcheangal a chruthaíonn siad.

Tá draíocht éigin ag baint leis an traic What Do We Do Now agus tugann Worry Not ort moilliú síos píosa, suí siar agus sult a bhaint as an fhonn agus na liricí áille.

De réir mar a théann an t-albam isteach tuigeann tú go bhfuil tú ag éisteacht le ceoltóir i mbarr a chruthaitheachta agus le Saved meascann sé an stíl leithleach s’aige féin le macallaí ón cheol dúchasach traidisiúnta.

Is í an Astráil atá mar inspioráid aige san amhrán Mimi Dreaming Song, ina bhfuil ceol brionglóideach na mBundúchasach go láidir ann, agus cé gur rian as an ghnáth é éiríonn leis é a nascadh leis an albam iomlán.

Tá cúpla traic as Gaeilge ann chomh maith, mar atá Siobhán Ní Dhuibhir agus Amhrán na Féidireachta, agus tá cumhacht faoi leith leis an dara ceann ach go háirithe.

Níl an Duibhlinneach leis féin ar an albam áfach nó tá iarbhuaiteoirí an ghradaim Oscar, Marketa Irglova agus Glenn Hansard, á thionlacan ar dhá thraic agus cuireann siad go mór le tionchar iomlán an cheoil.

Sár-albam mar sin a léiríonn ardchumas an amhránaí seo.

Beidh Liam Ó Maonlaí ag seinm i Sráid Vicar, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 7 Feabhra mar chuid de cheolchoirm ar son phobal Gaza agus tabharfaidh sé cuairt ar Bhéal Feirste Déardaoin 5 Márta faoi choinne gig speisialta sa Black Box.

Tomaí Ó Conghaile

Rannóg: ceolNótaí Tráchta (0)

AFL – ag mealladh phlúr na héireann?

Tags: , , , , ,

AFL – ag mealladh phlúr na héireann?


Ag tús mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, d’imir Kevin Dyas as contae Ard Mhacha a chéad chluiche le Collingwood, an tÉireannach ba dhéanaí le himeacht ó pheil idir-chontae anseo agus imirt go proifisiúnta le club peile san Astráil.

Ní hé an chéad imreoir óg Gaelach leis an turas a dhéanamh agus tiocfaidh tuilleadh ina dhiaidh ach an bhfuil an ceart ag Cumann Peile na hAstráile (AFL) tairiscintí mar seo a dhéanamh nó an bhfuil siad ag goid ár laochra Gael don am atá le teacht?

Cuireadh atús le Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta in 1998 agus ó shin i leith tá suim na nAstrálach in imreoirí CLG ag fás agus ag forbairt. afl

Nuair a shínigh sé conradh le fanacht sna Fritíortha ar feadh dhá bhliain, lean Dyas Éireannaigh eile ar nós Tadhg Kennelly as Ciarraí, dearthracha Uí Ailpín Chorcaí, Martin Clarke as an Dún agus Colm Begley as Contae Laoise. Bhí todhchaí gheal sa bhaile ag na himreoirí óga seo uilig agus iad cheana féin ag imirt lena gcontaetha – mar sin, cén fáth a n-imeodh siad?

Dar le Setanta Ó hAilpín – a chuaigh chun na hAstráile sa bhliain 2003 – gurbh í an chúis ba mhó dó féin ná an dóigh a bhfuil AFL gairmiúil.

“Ba mhaith liom mé féin a fheiceáil mar imreoir gairmiúil sna bliantaí atá le teacht,” arsa sé.

Is léir mar sin gur tarraingt láidir í proifisiúntacht an spóirt, idir áiseanna agus airgid, ach is deacair a rá go fóill cé acu an bhfuil nó nach bhfuil stádas amaitéarach CLG ag tabhairt ar dhaoine óga tallannacha an t-eagras a fhágáil.

Tá an argóint gur chóir do CLG bheith ina eagraíocht ghairmiúil go mór i mbéal an phobail le tamall anuas ach cad é a deir na hAstrálaigh faoin cheist seo ar fad?

Dearbhaíonn Kevin Sheedy, bainisteoir ar fhoireann idirnáisiúnta na hAstráile, nach gá do mhuintir na hÉireann bheith buartha ar chor ar bith.

“Cé go ndéanfaidh imreoir Éireannach an t-athrú seo anois agus arís, ní shamhlaíonn muid go dtarlóidh sé go rialta.”

Gach seans go bhfuil an ceart aige ach leis an nuacht go bhfuil sé ar intinn ag clubanna in Oz tús a chur le feachtas earcaíochta in Éirinn i mbliana, is cinnte nach mbeidh gach duine ar a shuaimhneas anseo.

Agus ní gá a lua nach gcuideoidh sé ach an oiread leis an chaidreamh corrach idir CLG agus AFL, iad go fóill ag iarraidh theacht ar réiteach faoi thodhchaí na Sraithe Idirnáisiúnta ó cuireadh inmharthanacht an chomórtais in amhras i ndiaidh na dtroideanna ollmhóra i bPáirc an Chrócaigh in 2005.

Dar le Mickey Harte, bainisteoir peile Thír Eoghain, gur chóir do CLG gach ceangal atá aige le AFL a ghearradh.

“Tá sé in am dúinn díriú ar ár gcluichí féin,” arsa sé. “Is gá dúinn bheith ag spreagadh daoine na cluichí Gaelacha a imirt, níor cheart dúinn nasc ar bith bheith againn le AFL.”

Agus tá cuma ar an scéal go n-aontaíonn ar a laghad duine amháin d’imreoirí Harte leis nó tugadh cuireadh do Sheán Cavanagh imirt leis na Brisbane Lions ar feadh dhá bhliain ach chinn an fear óg fanacht i lár na páirce le contae na Láimhe Deirge.

Léiríonn cinneadh sin Cavanagh go mbraitheann sé ar an imeoir féin ach má tá an próiseas le tarlú níos minice sna bliantaí amach romhainn, rud amháin atá cinnte ná go gcaithfidh an dá eagras peile bheith i gcomhaontú lena chéile maidir le rialacha agus srianta.

Muna dtagann siad ar réiteach déanfar dochar dá gcaidreamh a bheas ó chóiriú.

I láthair na huaire níl na socruithe seo curtha i bhfeidhm mar is ceart agus, go dtí go n-athraítear sin, tá daoine ann a bheas míchompordach leis an cheangal Astrálach i gcónaí.

Cillian de Búrca

Rannóg: spórtNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here