nós* » nós*

Foo Fighters – Wasting Light
Tá 15 bliain ann anois ó chuir iar-dhrumadóir Nirvana, Dave Grohl, tús leis na Foo Fighters ach, lena seachtú albam eisithe acu an mhí seo, tá an chuma ar an scéal go bhfuil beocht fágtha sa bhanna go fóill.

Is léir chomh maith nach bhfuil eagla orthu triail a bhaint as cur chuige úr agus iad i mbun ceoil mar gur thaifead siad Wasting Light ar théip analógach i ngaráiste beag, ní díreach an gnáthrud do ghrúpa a bhfuil na milliúin éisteoirí acu ar fud an domhain.

Mhínigh Grohl cén fáth ar fhág siad teicneolaíocht an stiúideo mhóir ina ndiaidh an babhta seo.

“Tá rud éigin faoi bheith mar bhanna atá in ann staid mhór a dhíol amach agus ansin do chéad albam eile a dhéanamh istigh i ngaráiste, agus ar théip chomh maith, tá sé sin badass dar liomsa,” ar sé.

“Tá mé cinnte go rachadh an mhórchuid de dhaoine isteach chuig an stiúideo is fearr agus na trilliúin a chaitheamh le díreach rianta a dhéanamh ar ríomhaire éigin.

“Is maith liomsa gur banna muid a bhíonn ag seinm beo gan ríomhairí ná giuirléidí ar ár gcúl.

“Agus an bhfuil a fhios agat? In amanna bíonn muid go holc. In amanna bíonn an glór as gléas, nó an giotár as gléas… ach is maith liom sin, mar domsa, sin rac ‘s roll.”

Tá an spiorad sách garbh sin le mothú ar an eisiúint is déanaí seo acu, ón tsingil Rope go dtí an White Limo crua gasta, is albam é atá lán fuaime agus cumhachta.

Tá níos mó fiántais le brath sna rithimí ach tá vaib uathúil an ghrúpa fós ann agus tá an lucht éisteachta ag glacadh leis go réidh nó d’aimsigh an t-albam áit uimhir a haon i gcairteanna ar fud an domhain ina chéad seachtain, cairteanna SAM ina measc.

“Smaoineamh s’agam féin a bhí ann an t-albam ar fad a dhéanamh ar théip agus nuair a luaigh mé ar dtús é d’fhiafraigh gach duine an féidir sin a dhéanamh?,” arsa Grohl.

“Dúirt mise gurbh é sin an córas a bhí againn tráth agus an léiritheoir atá againn, Butch Vig, léirigh seisean Nevermind, 20 bliain ó shin, agus bhí sé sin ar théip.

“Nuair a thaifead muid an chéad amhrán áfach thit an téip as a chéile le linn na heagarthóireachta agus bhí gach duine ag iarraidh dul ar ais ar na ríomhairí.

“Ach ní raibh mé sásta ríomhaire ar bith a ligean isteach agus lean muid leis an téip an bealach ar fad.”

Tá fáth eile ann áfach a raibh Grohl chomh tugtha sin le bheith ag obair ina gharáiste féin.

“B’aoibhinn liom dá mbeadh gach albam mar sin, ní raibh orm athrú amach as mo chuid pitseámaí!”

Esben and the Witch – Violet Cries
Mar scríbhneoir, deirtear gur ceart scríobh mar gheall rud éigin a bhfuil eolas agat faoi.

Is comhairle í a thugann miniú ar an difríocht shonrach idir na hábhair a bhíonn faoi chaibidil ag ceoltóirí óga ó chúlraí sóisialta difriúla.

Bíonn meascán feirge agus fantaisíochta ann go minic, ach go hiondúil ta cúis mhaith ag ógánach ó chúlra bocht le bheith ag gearán mar gheall ar a shaol léanmhar, agus is furasta an teachtaireacht a thuiscint dá bharr.

I gcás ógánach meán-aicmeach tá an scéal beagáinín níos casta; tá fonn éirí amach orthu ach ní thugann compórd an tsaoil cúis dháiríre le héirí amach.

Bíonn a gcuid liricí níos teibí dá bharr – tá cosaint san easpa brí ón argóint nach bhfuil an saol “chomh dona sin”.

Agus sin í an chúis go gcloisfidh tú hip hop mar gheall ar an saol laethúil i nghettos New Orleans agus death metal taibhsiúil teibí i bhfobhailte saibhre Stockholm.

Tá toradh damanta ealaíonta ar éalúchas meán-aicmeach Esben And The Witch as Brighton.

Seo ceol cumhachtach iar-phunk dorcha Gothach le crá an amhránaí Rachel Davies curtha i láthair faoi scáth meafarach a bhaineann le cogadh trinse an Chéad Chogadh Domhanda.

Ar amhráin mar ‘The Marching Song’ leagtar sraith i ndiaidh sraithe de ghiotáir scríobacha bhagracha anuas ar dhrumaí teanna máirseála, gach rud ag éirí níos déine agus ag tapú go dtí go mbriseann an stoirm agus líonann amhránaíocht chorraitheach Davies an ciúnas.

Ní hé an t-aon chleas atá acu – léiríonn ‘Chorea’ agus ‘Eumenides’ go bhfuil léiritheoir fuaime ag Esben i ngiotáraí Daniel Davies a thuigeann, ar nós Jamie as The Xx, an méid atá le foghlaim ag ceol indie ó léiritheoirí ceoil leictreonaí mar Burial agus Ramadanman.

Bíodh Violet Cries ina phléisiúr purgóideach acu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu tabhairt faoi.

Ben Ó Faoláin

Daft Punk – Tron: Legacy
Nuair a fógraíodh le déanaí go mbeadh an sár-ghrúpa damhsa leictreonach Daft Punk ag cumadh fhuaimrian an scannáin úir, Tron: Legacy, bhíothas ag súil go mór le tuilleadh den saothar céanna agus atá eisithe acu go dtí seo.

Ó tháinig siad chun tosaigh sna luath-90í, tá clú agus cáil ar an bheirt Fhrancach Guy-Manuel de Homem-Christo agus Thomas Bangalter as coirmeacha beo a mheasc a gcuid ceoil damhsa teic le seóanna ollmhóra solais, gan trácht ar na cloigne róbatacha a bhí á gcaitheamh acu agus iad ar an ardán.

Thar an 20 bliain sin atá imithe ó shin, tá stíl agus íomhá ar leith cruthaithe ag an bheirt atá chomh so-aitheanta leis na dordlínte troma a chuireann sluaite fud fad na cruinne i mbun damhsa.

Is mór an trua, mar sin, nach bhfuil mórán den fhuaim sin le cloisteáil san albam is déanaí seo dá gcuid.

Ba é an cumadóir mór le rá Wendy Carlos – bean a bhí freagrach as ceol A Clockwork Orange agus The Shining – a chum an scór don chéad scannán a bhuail an scáileán mór siar sa bhliain 1982 agus cé go bhfuil Daft Punk i ndiaidh an bhunfhuaim sin a uasdháthú ar bhealach sofaisticiúil go leor do chluasa an lae inniu, ní éiríonn leo iomlán a ndraíochta féin a chur leis an saothar.

Ba iad na mór-amhráin bhríomhara ar nós Harder, Better, Faster, Stronger agus One More Time a tharraing iomrá ar Daft Punk agus a thóg isteach sna cairteacha iad don chéad uair, ach is í an fhírinne ná nach bhfuil an fuinneamh sin le mothú in Tron: Legacy.

Tá an chuid is mó de na rianta san albam an-ghearr – is léir gur cruthaíodh don scannán amháin iad – agus cé go n-oireann siad don aicsean ar an scaileán, bheadh deacrachtaí ag aon duine éisteacht leo mar phíosaí ceoil leo féin.

Léiríonn rianta mar Derezzed agus The Game Has Changed go bhfuil an-chumas ag beirt Pháras go fóill agus caithfear a rá go dtógtar an fuinneamh agus luas de réir a chéile mar a leanann an t-albam ar aghaidh, ach ar an iomlán ní féidir ach bheith díomach nach mbaineann an grúpa leasa as an deis iontach a fuair siad chun cur leis an scannán seo, scannán a bhfuil an téama todhchaíoch leictreonach ag a chroí mar is amhlaidh acu féin.

Má thaitin an chéad Tron leat agus más suim leat an radharc thar aon ghné eile, bí ag amharc ar an scannán nua atá sna pictiúrlanna anois – is cinnte go mbainfidh tú sult as féin agus as an fhuaimrian a théann in éineacht leis.

Ach má bhíonn sé de nós agat cluaisíní a chur ort agus an airde a bhualadh go barr, ní bhfaighfidh tú an rud atá uait san albam seo… seans gurbh fhearr duit fanacht le Daft Punk clasaiceach nó Deadmau5.

Cillian de Búrca

Modeselektion 1 – Ceoltóirí Éagsúla
Cad é seo, go díreach?

Bailiúcháin den dord-cheol cros-síolrach is úire ar lipéad nua-bhunaithe Modeselektor Bheirlín, ceirníní Monkeytown.

Ocht bport déag ar fad de cheol nua agus eisiach ó eascartaigh mar Ramadanman, Bok Bok, Shed agus Cosmin TRG.

Agus tá seanfhondúirí mar Digital Mystikz, Apparat agus Modeselektor féin ann chomh maith!

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá saibhreas scanrúil ag baint leis an gceol atá á chruthú ag an dream seo de léiritheoirí as an smionagar de cheol dubstep; blúiríní potaireachta na stíle úd á ngreamú ar ais le chéile acu le gliú techno Detroit, glitch hop uirlise agus UK garage chun cosán i treo na todhchaí a leagadh síos.

Téann Ramadanman i ngleic le tríríní rithimeacha ar Pitter leis an lúchair spórtúil a shamhlófá le garsúin maidin Nollag.

Ní shásódh aon rud Bok Bok Londain i gcás Say Something Stupid ach a chuid ceirníní grime, Chicago House, Mantronix agus King Tubby a bhrú isteach i mála taistil agus an rud ar fad a chaitheamh síos staighre an stáisiúin Tube.

Tá an éidearfacht a bhaineann le spás-taisteal agus leis an ngrá úr araon le braith ón Space Station Love Affair tonnúil le Cosmin TRG na Rómáine.

Func-bhuama de theannas lúbach é Das Geheimnis le Siriusmo na Gearmáine agus déanann Mala fuaim dancehall na n-ochtóidí a athlonnú go fáinní seachtracha Shatairn i gcás Explorer.

Laigí?

Dá mbeadh Kristall le Housemeister trí oiread níos faide bheadh sé seacht n-oiread níos sásúla. Ach díobháil laigeacht eile atá ag baint le Modeselektion 1!

An Breithiúnas

Bíodh is go bhfuil éagsúlacht luasanna le clos ar Modeselektion 1, cinntíonn comhthuiscint aeistéitiúil na léiritheoirí atá páirteach ann go bhfuil blas leanúnach ag baint leis.

Scoth-chnuasach do na cluasáin!

Ben Ó Faoláin

Twin Shadow – Forget
Bígí ar aire, cleas atá i gceist le teideal Forget.

An chéad uair ar éist an léirmheastóir seo leis, chaith sé a chuid ama ag iarraidh ciall a dhéanamh de na cuimhní ar fad a mhúscail ceol Twin Shadow ann.

Tháinig an t-albam gan aon phreasráiteas chun an ceol a bhí laistigh a chur i gcomhthéacs.

Tá na hochtóidí le clos ann – is amhráin snasta disco-funk pop na linne sin a bhfuil ann – ach cad faoi ghlór an amhránaí féin?

Glór saibhir údarásach, ach sobhriste. Glór mór as a áilleacht féin, ach neamhchinnte ag an am céanna; macallaí de Morrissey, Ian McCulloch Echo & The Bunnymen ann, agus Edwyn Collins i ré Orange Juice ach go háirithe.

An amhránaí nua é mar sin nó duine aitheanta i bhfolach faoi chosaint ainm cleite?

Togra aonair de chuid George Lewis Jr. Florida (ach athlonnaithe go Brooklyn) atá in Twin Shadow.

Is beag is féidir a chreidiúint go bhfuil Forget ina albam début, mar go bhfuil ceol Lewis chomh gar sin don bhfoirfeacht.

Tá aitheantas éigin tuillte ag Chris Taylor ón ngrúpa Grizzly Bear as an obair léiriúcháin atá déanta aige air (is ar lipéad Taylor, Terrible Recordings, atá an t-albam á eisiúint), ach léiríonn an tslí a bhfilleann na heilimintí éagsúla d’amhráin Twin Shadow isteach ina chéile go bhfuil an-chuid macnaimh déanta ag Lewis ar chonas a fhís cheoil a chur i gcrích.

Is amhráin díreacha iad faoi na gnáthrudaí a gcanann pop-amhránaithe fúthu – grá, grá agus grá – ach canann sé línte mar “there is no key to my gate, you can still come around, lean your ladder against my window, I’ll come down” ar nós fir a bhfuil fonn te comhluadair air in ionad áite i mbabhtaí ceannais X-Factor.

Albam iontach lán de thaibhsí indie-pop na n-ochtóidí.

Ben Ó Faoláin

DMX Krew – Wave Funk
Fé mar a deir fógra úd Ronseal, tá an táirge cruinn díreach mar a ghealann an lipéad i gcás Wave Funk.

Baineann an “wave” leis an rud a bhíonn Ed DMX Londan ag taifeadadh ar threalamh analógach amháin; na saghasanna céanna synths a bhí in úsáid ag Kraftwerk, Depeche Mode agus Model 500 siar sna hochtóidí – trealamh a thugann smacht don léiritheoir ar mhinicíocht na bhfuaimthonnta atá mar bhunús leis na nótaí ceoil a chloiseann cluas an duine.

Tagann an func as an imeartas speisialta sin a bhíonn ag an dord agus na drumaí ar a chéile, rud a chruthaíonn groove sa cheol a chuireann fonn te ort rince… bíodh sé go go hingearach nó go cothrománach!

Ní hamháin go bhfuil an seacht gceann déag seo de rianta damánta funky ach tá Wave Funk ag cur thar maoil le foinn lúbacha agus smaointe cliste curtha i gcrích go deaslámhach.

Tá Cherry Ripe mar a shamhlófa léamh Orbital ar an saghas caol-dioscó leictreonach a chleachtann Metro Area.

Tá Mr Blue ar nós róbat ag iarraidh sainmhíniú i bhfoirm ceoil a thabhairt ar ré Headhunters Herbie Hancock.

Ach tá I Can’t Control The Feeling mall machnamhach ar an ngaisce is mó a bhfuil bainte amach ag DMX; ceol dorcha, casta, gnéasach.

Ceann d’albaim leictreonacha na bliana, gan fiú caint ar an ocht rian déag atá le clos ar an diosca breise!

Ben Ó Faoláin

Belle And Sebastian – Write About Love
Cé nach dócha go dtiocfaidh grúpa riamh ar an saol a chuirfidh stádas The Smiths mar an grúpa indie is gaire de chroí na bhfochéimithe ollscoile i mbaol, b’iarracht inchreidte é céad albam Belle And Sebastian, Tigermilk (1996), chun an bhearna a d’fhág imeacht The Smiths naoi mbliana ní ba luaithe a líonadh.

Popcheol liteartha, searbh-mhilis, greannmhar a bhí ann, ceol ar maos in oidhreacht folk-pop The Mamas And The Papas agus Donovan na seascaidí chomh mór le art-rock The Velvet Underground agus fuaim synth New Order.

Mhéadódh Tigermilk do mhisneach fiú is tú ag iarraidh tráchtas 20,000 focal a scríobh i mionárasán tais gan teas i lár an gheimhridh.

Chruthaigh a ndara halbam nach aon bhuille áidh a bhí ann, agus faoin am a bhí albam uimhir a trí, The Boy With The Arab Strap (1998), eisithe bhí an oiread forbartha déanta ag ceannaire an

ghrúpa, Stuart Murdoch, ar a bhunfhís cheoil nach mbeadh aon locht agat ar an bhfear muna mbeadh nóta eile taifeadta ag Belle And Sebastian ó shin.

Cé go bhfuil albam stiúideo uimhir a hocht i gceist le Write About Love, de réir mar a mhéadaigh lucht éisteachta Belle And Sebastian thar na blianta, is tapúla anois iad na criticeoirí chun iad a cháineadh mar gheall ar gach casadh stíle a ghlacann siad.

Nuair a chloítear le cóiriú simplí, cuireann eilimintí dá n-éisteoirí i leith an ghrúpa go bhfuil scigaithris phlámásach ar a luath-thaifeadaí ar bun acu.

Nuair a mhealltar léiritheoir mór le rá mar Trevor Horn chun an stiúideo isteach, cáintear iad as ró-iarracht á dhéanamh na stáisiúin raidió FM a shásamh.

Is ón dara ceann den dá ghearán sin a bheidh ar Belle And Sebastian iad féin a chosaint i gcás Write About Love.

Ón uair a chanann Sarah Martin céad líne an albaim, “Make me dance, I want to surrender” ar I Didn’t See It Coming milltear thú le indie-pop lonrach beoga agus liricí den gcéad scoth.

Tá orgán-líne iontach guairneánach le clos ar an Come On Sister luascach agus blas de Sgt. Pepper’s The Beatles ar I’m Not Living In The Real World.

Tá fuaim mhór mhilis ag baint leis an albam agus ta an cóiriú ceoil millteanach maith tríd is tríd.

Éiríonn fiú le cameo an aisteora Carey Mulligan ar an amhrán Write About Love.

An t-aon uair a scaoiltear don gcaighdeán sleamhnú ná i gcás díséad Murdoch agus Norah Jones – Little Lou, Ugly Jack, Prophet John – iarracht gan splanc ar bhailéad ceol tíre i stíl Isobel Campbell agus Mark Lanegan.

“Pop music is a young person’s game,” a dúirt Stuart Murdoch in agallamh le déanaí.

“The moment I realize my pop songs aren’t as good as the ones kids are writing, I’ll quite happily leave it aside”.

Bíodh sé gan bhuairt go fóill.

Ben Ó Faoláin

The Raah Project – Score
Deirtí, agus an scríbhneoir seo ag fás aníos, go raibh An Astráil i gconaí deich mbliana laistiar den Eoraip ó thaobh forbairtí popcheoil de.

Fiú má bhí an méid sin fíor sna hochtóidí, tá deireadh curtha ag an idirlíon le moililú cultúrtha an leathsféir theas.

Níl de bhac ar chumadóirí ceoil an lae inniu ach easpa samhlaíochta agus easpa glóirmhéine.

Ní fhéadfá a leithéid a chur i leith na beirte atá freagrach as The Raah Project áfach, mar atá Ryan Ritchie agus Tamil Rogeon.

Bunaíodh an tógra chun na paistí liatha sin idir seánraí ceoil a mhionscrúdú – chun léamh nua a thabhairt ar hip hop, electronica, ceol anama, abair, ach gan dearmad a dhéanamh ar na bunphrionsabail a bhaineann le cruth an amhráin, tobchumadh snagcheoil agus cóiriú don gceolfhoireann.

Ábhairín ardaidhmeannach?

Sea, ach chuige sin thug Ritche agus Rogeon ceolfhoireann de sheacht mball déag, banna mór (The Australian Big Band) agus scoth na gceoltóirí snagcheoil agus func i Melbourne isteach sa stiúideo leo chun Score a thaifeadadh.

Níos minicí ná a mhalairt, teipeann ar a leithéid de thógra, ach i gcás The Raah Project is saibhre an toradh ná luach na mbun-eilimintí a infheistíodh ann.

Ní ó eisíodh Everyday le The Cinematic Orchestra ar éirígh le grúpa cónascadh chomh mealltach a chruthú idir ceol comhaimseartha na cathrach agus oidhreacht shnagcheol, cheol anama agus cheol scannáin na seachtóidí.

Is furasta an rud é aithris a dhéanamh ar do laochra – agus sa chás seo is léir go bhfuil Nat King Cole, Sun Ra agus David Axelrod i measc laochra Ritche agus Rogeon – is é an rud deacair ná na foinsí inspioráide sin a shníomh le chéile chun rud nua a nochtadh agus do rian féin a fhágaint ar an saothar.

Ní hamháin go mbaineann The Raah Project an méid sin amach, cinntíonn draíodóireacht fuaime Ritchie go bhfuil peirspictíocht nua ar sheánraí seanbhunaithe ceoil timpeall gach darna cúinne.

Murach go bhfuil glór Ritchie ró-chosúil le Sting in amannta, bheadh Score ní b’fhaide fós i dtreo na foirfeachta.

Ben Ó Faoláin

Fuckpony – Let The Love Flow
Ní inniu nó inné a sciob Beirlín aitheantas mar Mheice clubála na hEorpa ó Londain.

Tá príomhchathair na Gearmáine anois dílithe ag na sluaite ceoltóirí, dj-anna agus ealaíontóirí de gach saghas, meallta chun maireachtáil ann ag cíosanna ísle, sochaí liobrálach agus an bonhomie ginearálta múscailte ag athaontú na cathrach ag deireadh na n-ochtóidí.

Ina measc siúd tá Jay ‘Fuckpony’ Haze as Philidelphia, léiritheor ceoil house par excellence agus úinéir an lipéid, Tuning Spork.

Ach mar Mheiriceánach le tuiscint dhomhain aige ar na fréamhacha Meiriceánacha atá ag ceol house, tá bua luachmhar tugtha ag Haze do chóisir-gan-chríoch Bheirlín.

Tá Let The Love Flow ar nós cárta poist seolta chugat ag cara a bhfuil deireadh seachtaine fada á chaitheamh acu ar urláir rince chlubanna Bheirlín.

Mar is léir ó na teidil, is beag an iarracht atá déanta ag Haze bunfheidhm rianta mar Orgasm On The Dancefloor Saturday Night agus A Pills Medley a cheilt, agus is deacair gan 7 a’ chlog maidin Dé Domhnaigh i gclub lán de dhaoine atá tar éis an oíche a chaitheamh ag rince (agus nach bhfuil ag iarraidh stopadh!) a shamhlú le Always Sunday.

An méid sin ráite, tá fíneáltacht agus oirirceas ag baint leis an gceol a chumann Fuckpony chun an t-urlár rince a ghriogadh chun áthais, sa tslí a nochtaíonn port mar I’m Burning Inside a ghnaíúlacht diaidh ar ndiaidh.

Tá nóiméad milis nó dhó amuigh ón urlár rince ann freisin, i bhfoirm an traic inbhreathnaithigh R U Feeling Abroad ach go háirithe, ach go príomha is saothar don gclubálaí foirfeach é Let The Love Flow.

Ben Ó Faoláin

Magic Rawness & Rage – Jinx Lennon & Miss Paula Flynn
Tá Jinx Lennon in áirde ar an stáitse.

Níl ag éirí go maith leis – is griogaire d’amhránaí an fear as Dún Dealgan agus b’fhearr leis an chuid is mó atá i láthair go mbaileodh sé leis abhaile.

Tá a ndromanna casta ag formhór acu leis an ardán, iad ag béiceadh os ard thar an gceol.

Iadsan atá casta i dtreo an stáitse, táid ag stánadh go naimhdeach ar Lennon.

Ach leanann Jinx ar aghaidh, fiú agus an chuma air go mbrisfidh an gol air.

Ní radharc ó Magic Rawness & Rage – Live At The Sugar Club an méid thuas ach cuimhneamh an scríbhneora seo ar ghig de chuid Jinx Lennon i dtabháirne beag brocach i dTrá Lí siar in 2003.

Is léiriú níos fearr an eachtra úd ná aon rud atá le feiscint i Magic Rawness & Rage ar an ndea-mhianach a bhainneann le Jinx Lennon.

Creideann sé 100% i bhfiúntas a theachtaireachta, agus nuair atá sé ar an stáitse cuireann sé a chroí isteach ann go hiomlán, bíodh an lucht éisteachta ina choinne nó ar a shon.

Tá mórán tar éis athrú ó ’03 – tá Jinx Lennon anois ina pheata neamhfhonnmhar ag na meáin náisiúnta agus tá lucht leanúna dílis gnóthaithe aige, buíochas dá dhian-ghigeáil suas-síos na tíre.

Tá snas curtha ag Lennon ar a sheó stáitse agus caitheann sé cultacha níos deise, ach tá an fuinneamh agus faobhar céanna ann is a bhí riamh.

Tá Jinx in ann focail a chur ar an bhfrustrachas a mhothaíonn mórán de dhaoine macánta na tíre seo – é ag iompú ó scread go siosóg san am a thógfadh sé ort súil a bhobáil, amhránaíocht mhiliúil Paula Flynn mar chuntraphointe sóúil ag a ghlór gairgeach.

Saghas rogha den gcuid is fearr a bhfuil taifeadta ag Lennon atá i Magic Rawness & Rage, sa mhéid is go bhfuil amhráin (25 ar fad!) idir shean agus nua ann, seoda mar RAW-W-W, The Batchelors Of Pearse Park agus Stop Giving Out About Nigerians ag suí taobh le hamhráin nua mar Houses Everywhere.

Ní hionann é agus bheith i láthair ag gig de chuid na tallainne eisceachtúla seo, ach bí cinnte go bhfuil cumhacht spreagúil fós ag baint leis an DVD seo de sheó beo an uasail Lennon.

Ben Ó Faoláin