nós*» nós*

Beatha an rása
Tá fás áirithe i ndiaidh teacht ar shuim an phobail san aclaíocht tar éis blianta de scéalta faoin murtall. Ach níl gluaiseacht na ndaoine seo i ndiaidh teacht i gcabhair ar spóirt tradisiúnta na hÉireann, mar na cluichí Gaelacha, ná sacar ná rugbaí fiú. Mar sin cad iad na spóirt atá á n-imirt acu?

Tá na hÉireannaigh anois i ndiaidh tosú ar fhoirne Peile Meiriceánaí, La Crosse agus Ultimate Frisbee a bhunú, agus tá níos mó daoine ná mar a bhí riamh i mbun rothaíochta sléibhe, cadhcáil agus tonnmharcaíocht.

Ach is é an spórt a bhfuil an spéis is mó ann anois go hidirnáisiúnta ná an trí-atlan.

So, cad is rás trí-atlain ann go díreach?

MÚNLAÍ TRÍ-ATLAIN

Tá faid éagsúla rásaí ann agus múnlaí difriúla orthu uilig freisin, ach is é an fad Oilimpeach an múnla caighdeánach atá mar bhunús don ghluaiseacht seo.

Sa mhúnla Oilimpeach, tosaítear an rás leis an snámh. Bíonn ort snámh a dhéanamh thar chúrsa ciliméadar go leith.

Go hiondúil is i loch nó san fharraige a bhíonn sé seo, ní dhéantar ach anois agus arís in aibhneacha iad. De ghnáth feictear na rásaithe ‘dáiríre’ ag críochnú na coda seo den rás ar dtús i ndiaidh dóibh sonc agus cic nó dhó a thabhairt d’éinne a thagann salach orthu nó nach bhfuil taithí acu snámh i lár slua agus iad ag éirí a rithim snámha a choimeád nó a aimsiú.

Is í seo an chuid is deacra den rás agus is mar gheall air seo a dhéantar ar dtús é. Moltar duit culaith fhliuch a chlúdóidh do cholainn ar a laghad a chaitheamh, agus in áiteanna áirithe ar domhan is gá iad seo a chaitheamh ar bhonn slándála de bharr an fhuachta.

Agus lucht rásaíochta ag rith as an uisce téann siad chuig an ‘achar athruithe’, áit a mbaintear na cultacha uisce agus beirtear ar na rothair le tús a chur ar 40 ciliméadar de rothaíocht bhóithre.

De ghnáth caitheann daoine idir 30 soicinid agus cúig nóiméad san ‘achar athruithe’.

Moltar do gach duine rothar rása a bheith acu don chuid seo den rás, ach ceadaítear aon sórt rothair i bhformhór na rásaí.

Is dócha go bhfuil sé éasca traenáil a dhéanamh don phíosa seo den rás, agus dá bharr seo is anseo a thosóidh daoine ar theacht aniar a dhéanamh. Bíonn meánluas idir 30 agus 40 ciliméadar san uair faoi na lúthchleasaithe go hiondúil.

Moltar deochanna ath-hídráitithe a shlogadh agus tú ag rothaíocht chun go mbeidh tú in ann tabhairt faoin rith go héifeachtach níos déanaí.

Agus tú ag druidim le deireadh na staide seo moltar duit do ghéaga a shearradh freisin.

Faoin am seo beidh an rás nach mór críochnaithe agat seachas tréimhse reathaíochta gairid!

Rás reatha 10 ciliméadar atá os do chomhair amach anois, agus níl mórán cleasanna anseo ach díreach gan dul ró-thapa ón tús sa chaoi go mbeidh tú in ann luas leanúnach a bheith agat a thógfaidh chun deireadh an rása tú.

Deirtear gur fearr duit do chorp a choimeád díreach agus bheith ag breathnú os do chomhair amach an t-am ar fad, ach munar chleachtaigh tú seo roimhe, is fearr duit fanacht le pé stíl reatha atá agat agus tú i mbun traenála.

RÁSAÍ ÉAGSÚLA

Más í seo bunchloch na rásaí trí-atlain, cén sórt múnlaí eile atá air anois?

Tá rásaí ann do pháistí óga ina mbíonn ar na hiomaitheoirí snámh 100 méadar, rothaíocht 5 ciliméadar agus rith chiliméadair a dhéanamh, agus dóibh siúd atá níos aosta ach fós craiceáilte tá an Ironman.

Mar is léir ón ainm is rás eipice é seo ina ndéantar snámh 3.8 ciliméadar, rothaíocht de 180 ciliméadar agus reathaíocht de 42 ciliméadar (maratón iomlán!).

Mar dhuais ag deireadh na rásaí Ironman tá do rogha boinn nó tatú agat! Rud arís a léiríonn eisceachtúlacht an rása.

É seo uilig ráite, is í rogha choitianta na laethanta seo ná rásaí eachtraíochta agus ráibe.

ÉIRE & IDIRNÁISIÚNTA

Is féidir dul ar fud na cruinne ag glacadh páirte iontu seo, i Haváí, sa Rúis nó fiú san Amasóin.

Is é múnla coitianta na ráibeanna ná snámh 750 méadar, 20 ciliméadar de rothaíocht agus rith 5 ciliméadar. Moltar do dhaoine tosú leis na rásaí seo, agus bíonn siad ar siúl i mBré agus Áth Luain maraon le háiteanna eile in Éirinn gach bliain más rud é go bhfuil suim agat triall a bhaint astu.

Ó thaobh na rásaí eachtraíocht de, tá an Gael Force 6 ar cheann de na rásaí is fearr in Éirinn.

Is i gCathair na Mart a bhíonn sé seo gach bhliain agus bíonn ort rith, dreapadh sléibhe, cadhcáil, rothaíocht sléibhe agus bóithre, boghdóireacht agus a thuilleadh rothaíochta a dhéanamh.

Agus dóibh siúd atá go hiomlán as a meabhair tá an GF12 atá i bhfad níos faide! Tá gach sonra faoi na rásaí seo ar fáil ó www.gaelforcewest.ie

Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh dul ag taisteal agus tú ag tabhairt faoi na rásaí seo tá rás maith ag a mbíonn slua ollmhór i gcónaí ann darb ainm ToughGuy agus tá an t-eolas faoi seo ag www.toughguy.co.uk

Ní rás fada é ach tá sé go hiomlán cumtha le tú a thuirsiú, a fhuarú agus rudaí a dhéanamh deacair ort sa chaoi gur rás inchinne é seachas rás colainne.

Níl aon rothaíocht sa rás agus cé go bhfuil uisce ann ní dhéantar snámh ann ach oiread.

Is é an t-aon chúis leis an uisce ann ná “go braithfidh tú go bhfuil do cheann i ndiaidh laghdú go méid gallchnó” mar a deirtear ar an suíomh oifigiúil!

Más rud é go n-éiríonn leat sult a bhaint astu siúd, agus is cinnte go n-éireoidh le beagán traenála, tá rásaí níos faide agus níos deacra ann le tú féin a thástáil.

Is iad na cinn is fearr atá feicthe agamsa ann ná Coast to Coast na Nua-Shéallainne agus Strong Man Run na Gearmáine. Tá sonraí ar fáil ó www.coasttocoast.co.nz agus www.strongmanrun.com agus is rásaí iad atá an-chosúil leis an GF6 a luaigh mé thuas.

Tá an-chuid rásaí mórthimpeall Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin agus gan ort ach ‘adventure race’ agus an stát ina bhfuilir ag iarraidh é a dhéanamh a chur isteach in Google le gach sórt eolais a fháil.

Maraon le gach sórt spóirt, is í an chuid is deacra de ná an traenáil a thosú.

Ní maith le haon duine gan bheith in ann rud éigin a dhéanamh, ach leis seo níl ort ach beagán aclaíochta a dhéanamh go rialta leanúnach chun go mbeidh tú in ann chuig na rásaí seo.

COMHAIRLE

Is iad na nodanna is fearr a bheadh agam d’éinne a bhfuil suim acu tabhairt faoi na rásaí seo ná:

1) Péire maith bróga reatha a cheannach, (tá a leithéid le fáil ar idir €60 agus €70 ar a laghad ó gach siopa spóirt) cosúil le Asics Gel, Nike+, nó roinnt bróga de chuid Adidias X.

Cabhróidh siad seo leat stíl reatha níos éifeachtaí a bheith agat agus stopfaidh siad an chuid is mó den damáiste gur féidir a dhéanamh do d’ailt agus tú ag rith ar aon sórt talaimh chrua.

2) Faigh cúntas saor in aisce ó www.mapmyrun.com le pleananna traenála agus moltaí fiúntacha eile a fháil maraon le do chuid traenála a thaifead sa chaoi go mbeidh sé níos soiléire duit nuair a thosaíonn rudaí ag dul i bhfeabhas agus le tú féin a spreagadh nuair nach bhfuil fonn ort dul i mbun traenála.

3) Déan le cairde é! Cabhraíonn sé go mór má tá triúir nó níos mó á dhéanamh toisc go mbaineann tú níos mó suilt as an traenáil dheacair (beidh sé deacair!) agus chun tú féin a spreagadh ar na hoícheanta fuara fliucha sin a bhíonn againn go rialta in Éirinn.

An rud is fearr faoi na rásaí seo ná gur buaiteoir tú nuair a chríochnaíonn tú aon cheann acu.

Bíonn an-chomhluadar idir na daoine a bhíonn ag tabhairt futhu agus airíonn tú go bhfuilir i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar dhúshlán fíordheacair. Bain triall as!

Féilire na rásaí in Éirinn le fáil ar www.triathlonireland.com

Micheál Johnny Ó Meachair