Clibeanna: "18+"

Cailín sa Chathair #2 – béalghrá? (18+)

Tags: , ,

Cailín sa Chathair #2 – béalghrá? (18+)


gneasTharraing mé pictiúr sa chéad eagrán den spraoi ar féidir bheith agat le bréagáin ach níl aon ghá le batteries don chineál seo suilt: an chaint.

Níl mórán cailíní amuigh ansin lena dtaitníonn na forráin chollaí – línte seanchaite ó leisceoirí nach bhfuil d’éirim iontu comhrá ceart a dhéanamh – ach cad faoin gcaint sa seomra leapa féin? Nó, ar ndóigh, pé áit ina bhfuil tú nuair a thagann fonn ort…

Rinne mé roinnt taighde air seo, ar mhaithe leis an gcolún ar ndóigh! Rinne mé suirbhé (em… chur mé ceist ar chairde agus muid sa phub, agus i ndiaidh cúpla deoch chuireas ceist ar roinnt stráinséirí chomh maith – níl iontu ach cairde nár chas mé leo roimhe, nach ea?) agus ba shuimiúil na torthaí.

Bhí deacrachtaí agam a mhíniú do dhaoine cad go díreach a bhí i gceist agam; forráin chollaí, ‘iarratais’ ar ‘sheirbhísí’ (!), ról-imirt (‘dochtúirí agus banaltraí, an ea?’) nó eile. Sílim go dtiteann na rudaí seo uilig faoi chaint chollaíochta. Níor thaitin an téarma dirty talk liom riamh mar go gcuireann an focal “salach” in iúl go bhfuil sé brocach ar shlí éigin, go bhfuil náire nó mínádúrthacht ag baint leis. Níl! Níl ann ach bladar, agus is dóigh liom féin go gcuireann sé go mór leis an eispéireas.

Bhí na fir nach mór ar aon intinn, sé sin go dtaitníonn caint chollaíochta go mór leo. Bhí duine nó beirt acu a shíl go mbeadh sé ceart go leor dá mba leathar aon-oíche a bhí i gceist, ach go mb’fhearr leo gan aon rud mar sin a chloisteáil óna mná féin (coimpléasc na Maighdine/Striapach*, éinne?). Ach ar an mórchuid shíl na fir gur rud iontach í bean bhéalscaoilte idir na braillíní – drúisiúil, taitneamhach, torannach, ainrianta.

Maidir leis na mná… cheapadar go raibh caint chollaíochta greannmhar thar aon rud eile. Ní sa chiall go bhfuil spraoi ag baint leis, ach go bhfuil sé seafóideach, amaideach. D’admhaigh mórán acu gur bhriseadar amach sna trithí gáire aon uair ar labhair fear go gáirsiúil seo agus freisin cheap siad go mbeadh an iomarca náire orthu ról a imirt nó neamhnithe neamh-mhilise a rá i gcogar lena leannáin.

D’admhaigh siad gur easpa féinmhuiníne is mó ba chúis leis seo – bheadh faitíos orthu go gceapfadh a leannáin go rabhadar sraoilleach. Gach seans go gceapfadh an leannán go raibh an lotto buaite aige, ach níl mná sásta dul sa seans. Ar an ndrochuair is fíor go bhfuil go leor fimíneachta ann fós i dtaobh cúrsaí collaíochta. Ní sia gob an ghé na gob an ghandail, ach amháin mar a bhaineann sé le gnásanna gnéis.

Bíodh misneach agaibh, a chailíní. Ní gá gur mionnú mar mhairnéalach a bheadh i gceist, ná ról-ghlacadh ach oiread (cé go bhfuil go leor spraoi sna cluichí sin má tá a dhóthain muiníne agat). Abair nithe nach ndéarfá i gcomhluadar. Rudaí nach gcloisfidh éinne ach do leannán uait. Do mhianta, do mhacnas, cur do dhúil agus drúis in iúl. Úsáid do theanga – tá focail ar gach gné den chollaíocht agus cad chuige nach mbainfeá feidhm astu? Bod, pis, dide, magairlí, tóin, poll, brillín, cíoch, adharc, cuimil, tarraing, diúl, slog; tá foclóir níos fairsinge agat ná “oh… ansin… yes… no, suas, agus ar chlé… anseo… ansiúd…” Bain úsáid as!

I mo chás féin, is breá liom fear cainteach sa seomra leapa. Ní gá go mbeadh tuarascáil á tabhairt aige ar gach rud a dhéanaim, ach cinnte cabhraíonn sé nuair a thugann sé le fios dom cad go díreach atá uaidh, cad a thaitíonn leis, cad nach dtaitníonn, ‘bhfuil mé á dhéanamh i gceart… píosa treorach agus stiúradh! Ní hé nach bhfuil eolas an tslí agam, ach is breá liom nuair a bhíonn fir ceannasach sa seomra leapa. Agus an rud is mó a chuireann fonn collaíochta orm ná duine éigin ag tabhairt cur síos dom, cur síos críochnúil, ar cad go díreach atá i ndán dom. Is breá liom freisin fear a thaitníonn caint uaimse sa seomra leapa leis, mar is arm sa bhreis é an chaint ar féidir liom é a úsáid don ionsaí plámáis. Mar a deir Tesco, every little helps.

Tá roinnt taighde eile déanta ag na heolaithe, a chruthaigh gurbh í an fhuaim is ansa le daoine ná ceol a n-ainmneacha féin. Cuireann sé in iúl do d’leannán go bhfuil an t-aoibhneas drúisiúil seo ort toisc go bhfuil tú ina theannta, seachas go bhfuil tú díreach caillte sa ghníomh. Déanann sé pearsanta é. Tuigeann muid ar fad na himpleachtaí tubaisteacha a bheadh ann dá nglaofá amach an t-ainm mícheart, ach cad faoin éifeacht dhearfach a bhíonn ann nuair a ghlaonn tú amach a ainm agus tú ar tí teacht? Atreisiú deimhneach** den scoth, geallaim duit – leanfaidh do leannán le pé rud a bhí ar bun acu, agus beidh fuinneamh fúthu!

Ar ndóigh, tá buntáiste faoi leith againne mar Ghaeilgeoirí. Táimid in ann ár dteanga dhúchasach a úsáid chun andúchasaigh a dhéanamh dúinn féin dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge álainn líofa ar a dtoil acu. Cinnte cuireadh ceist ormsa cheana Gaeilge a úsáid sa seomra leapa, agus bhí leannán amháin agam (as Londain) a bhí chomh tógtha sin le mo bhlas Gaeilge go gcuirfeadh sé… eh, ná bac.

Braitheann go leor d’éifeacht na cainte collaíochta ar dhíol spéise an duine aonair agus ar na teorainneacha pearsanta atá acu. Léirigh dímheas ar bith ormsa, cur i gcás, agus caithfear amach ón seomra leapa thú, fiú mura raibh tú ach ag magadh. Bí gáirsiúil, bí dána, bí sonrach, ná bí múinte, le do thoil, ach thar aon ní eile bí airdeallach ar mhianta do leannán. Cuimhnigh i gcónaí gur pribhléid duit é luí le héinne, agus déan do dhícheall é sin a chur in iúl dóibh.

Mol an cailín, agus tiocfaidh sí…

*Coincheap síceolaíoch: Fir a dtaitníonn mná ‘folláine’ agus máthartha leo mar mhná céile agus mná ‘salacha’ mar chéilí leapa.

**Coincheap síceolaíoch eile: Duais a bhronnadh ar dhuine as dea-iompar chun go leanfaidh siad leis amach anseo.

An Cailín Sa Chathair


Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (0)

Cailín sa Chathair #1 – bréagáin le batteries (18+)

Tags: , , , , ,

Cailín sa Chathair #1 – bréagáin le batteries (18+)


dildoNí raibh aon bhréagáin ghnéis agam go dtí go raibh áit do mo chuid féin agam. Cé go raibh seomra liom féin agam i dteach mo thuistí bheadh baol ann i gcónaí go mbeadh mam ag tabhairt faoi ghlantachán earraigh agus go dtiocfadh sí ar ghiúirléidí faoin leaba, nó go mbeadh col ceathrair óg ag spraoi go soineanta thuas staighre agus go dtiocfadh siad anuas le bréagán lán cadhnraí.

Mar sin, le mo neamhspleáchas a cheiliúradh tar éis dom bogadh amach ón mbaile, bheartaigh mé ar bhronntanas beag a cheannach dom féin. Ach cad? Agus cá rachainn ag siopadóireacht?

Chinn mé ar dhul go Ann Summers mar go bhfuil cáil ar an siopa mar áit neamhbhagrach, fáilteach, geal, glan agus lán de mhná (murab ionann agus go leor siopaí eile gnéis).

Foirfe mar phointe tosaigh do mo thuras taiscéalaíochta, mar sin!

An rud nár thuig mé faoi Ann Summers ná go bhfuil sé lán de mhná muiníneacha, na mná díolacháin ach go háirithe.

Ní raibh nóisean agam cad a bhí uaim agus bhí mé náirithe amach is amach nuair a chuir duine acu an cheist orm, “Is this your first?”

Ceann síos, cogain cainte, leicne dearga.

Thosaigh sí ansin ag caitheamh bréagán isteach i mo lámha – “feel this, press that button, flick those switches…” Bhí mé corcra san aghaidh le náire ag an bpointe seo agus níor theastaigh uaim ach ceann a roghnú le go n-éalóinn uaithi.

Ar mholadh s’aici, tháinig mé abhaile le ceann beag a raibh cuma ‘réalaíoch’ air (‘réalaíoch’ seachas go raibh sé plaisteach, glioscarnach le glitter bándearg agus lán le cadhnraí). Tada ró-chasta, gan ach luas amháin aige, 6.5 orlach, foirfe don ghlantosaitheoir.

Gheall bean an tsiopa dom go mbeinn sásta leis (‘Promises’ an t-ainm a bhí air, dála an scéal…) agus bhí. Ar feadh tamaill.

An fhadhb leis na bréagáin ghnéis ná go bhfuil an oiread sin d’éagsúlacht ar an margadh go mbíonn an cathú ann gach ceann acu a thriail. Tar éis cúpla mí spraoi leis an mbod beag bándearg, bhí dóthain muiníne agam le tabhairt faoi rud éigin níos casta agus chinn mé ar ‘coinín’ a cheannach dom féin.

Is é an Rampant Rabbit an bréagán gnéis is cáiliúla ar domhain, buíochas le Sex and The City.

Tá leaganacha éagsúla de ar an margadh anois ach go bunúsach is creathadóir é le píosa breise air le do bhrillín a chuimilt.

Tugtar an Rabbit air mar go mbíonn cruth coinín ar an bpíosa sin, coinín le srón bheag cute agus cluasa fada, a dhéanann an brillín a spreagadh nuair a chreathann siad.

Cé gur thaithin an bod beag bándearg go mór liom, ba chorraitheach an smaoineamh é go bhféadfainn creathadóir a fháil a dhéanfadh an obair ar fad dom… thíos liom go Ann Summers arís, níos muiníní an tráth seo.

“Is this your first?“

“No! Tá rud éigin lán bells agus whistles uaim!“

Bhí mé beagáinín amhrasach faoin gceann a mhol an bhean díolacháin liom; The Rampant Rabbit Wave.

Agus an trup! Tá roinnt creathadóir eile agam agus níl aon cheann acu atá níos torannaí ná scuab fiacla leictreach. Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer – ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí.

Dar léi go raibh an-tóir ar fad air, léirmheasanna iontacha ag teacht ó mhná nár éirigh leo súnás a bhaint amach ariamh, go dtí an coinín áirithe seo.

Ach bhí cuma an-mhór air. An-mhór. 8 orlach ar fhad, le giorta 5¼ orlach.

Ara, cén dochar, a shíl mé, bainimis triail as. Roinnt bealaidh agus beidh tú togh.

Mo bhreithiúnas air sa deireadh?

Ní fiú an hype. Tá sé rómhór – domsa ar aon nós.

Ní hé go bhfuil mé ag gearán mar gheall ar fhad agus giorta go ginearálta anois, ach nuair is plaisteach agus laitéis atá i gceist bheinn buartha go mbeadh díomá ort le fear ar bith a mheallfá chun do leaba dá mbeifeá cleachta lena leithéid.

Agus an trup! Tá roinnt creathadóir eile agam agus níl aon cheann acu atá níos torannaí ná scuab fiacla leictreach. Tá an meaisín seo cosúil le jackhammer – ó thaobh fuaime de seachas aon rud eile. Ní haon ionadh go n-alpann sé na cadhnraí.

Tá na tonnta ar an Rampant Rabbit Wave chomh díomách sin nach mbainim úsáid astu ar chor ar bith agus chomh maith leis sin tá an seafta díreach, gan aon chuar le go spreagfadh sé an g-spota. ‘Size isn’t everything’, agus is lochtach an creathadóir nach bhfuil an g-spota tugtha san áireamh ina dhearadh.

An t-aon rud le moladh faoin Wave ná an coinín féin. Agus wow, bhfuil sé sin le moladh. Tá sé thar a bheith éifeachtach – ró-éifeachtach fiú. Trí nóiméad agus game over, sásamh agus súnás ar an toirt. Cén spraoi sin?

Na laethanta seo tá tuiscint i bhfad níos fearr agam ar cad atá uaim agus déanaim mo chuid siopadóireachta ar líne.

Ní fhaca tú meangadh gáire riamh cosúil leis an gceann a bhíonn agamsa d’fhear an phoist.

Má tá rud ar bith foghlamtha agam i leith na mbréagán gnéis, is é nach lia duine ná bréagán, agus gur mó an spraoi a bhaineann leo má tá páirtí agat don chluiche.

Ach sin scéal eile.

An Cailín sa Chathair

Rannóg: stíl & beathaNótaí Tráchta (0)

Advertise Here
Advertise Here